Iarrtha ag an gCeann Comhairle ar an Taoiseach ‘athbhreithniú’ a dhéanamh ar a chaint i nGaeilge faoi cheannaire SF

Tharraing cúrsaí teanga raic sa Dáil inné nuair a dúirt Sinn Féin gur bhain an Taoiseach leas as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle Verona Murphy chun Mary Lou McDonald a mhaslú

Iarrtha ag an gCeann Comhairle ar an Taoiseach ‘athbhreithniú’ a dhéanamh ar a chaint i nGaeilge faoi cheannaire SF

Tá ráite ag an gCeann Comhairle Verona Murphy gur cheart don Taoiseach “athbhreithniú” a dhéanamh ar an gcaint a rinne sé i nGaeilge sa Dáil inné nuair a mhaígh sé go raibh ceannaire Shinn Féin ag insint bréaga.

Tharraing cúrsaí teanga raic sa Dáil inné nuair a dúirt Sinn Féin gur bhain an Taoiseach leas as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle Verona Murphy chun Mary Lou McDonald a mhaslú.

Dúirt Micheál Martin go raibh McDonald “ag insint bréaga” le linn díospóireachta ar chúrsaí tithíochta, rud nach bhfuil ceadaithe faoi rialacha na Dála, ach dúirt Murphy, nach bhfuil aon Ghaeilge aici, nach bhféadfadh sí rialú a dhéanamh mar nár thug sí léi an chaint.

Rinne Mary Lou McDonald gearán leis an gCeann Comhairle faoi chaint an Taoisigh. Dúirt ceannaire Shinn Féin gur cheart do Mhicheál Martin a ráiteas a tharraingt siar mar nach raibh aon bhunús leis.

Mar fhreagra air sin, dúirt an Ceann Comhairle i litir chuig McDonald gur gá uaireanta “athbhreithniú a dhéanamh ar ráitis” nuair a chuirtear ar fáil an tras-scríbhinn níos déanaí.

“Mar a dúirt mé i seomra na Dála, níor chuala mé an chaint a rinneadh. Mar sin féin, nuair a chuala mé an méid a bhí le rá ag an Teachta [Pearse] Doherty, d’ardaigh mé an cheist leis an Taoiseach sa Dáil agus dúirt mé go ndéanfainn athbhreithniú ar an tras-scríbhinn níos déanaí.

“Bhí an deis sin agam athbhreithniú a dhéanamh ar an tras-scríbhinn. I bhfianaise na cainte a rinne an Taoiseach, déanfaidh mé an litir seo a chóipeáil chuige, chomh maith le cóip den tras-scríbhinn, agus mé ag iarraidh ar an Taoiseach athbhreithniú a dhéanamh ar a chuid cainte i bhfianaise rialú an chathaoirligh ar dhíospóireachtaí na parlaiminte.”

Bhí cúrsaí tithíochta á bplé sa Dáil le linn Cheisteanna ó Cheannairí inné nuair a thosaigh achrann idir an Taoiseach Micheál Martin agus Teachtaí de chuid Shinn Féin nuair a chuir an Taoiseach i leith Mary Lou McDonald go raibh sí ag insint bréag faoi chur chuige an rialtais maidir le ceist na tithíochta.

“Is oth liom a rá go bhfuil an Teachta Dála ag insint bréaga arís,” a dúirt an Taoiseach. “Níl aon rud cruinn in aon chur sa rud a dúirt sí. Is olc an scéal nach bhfuil sí sásta díospóireacht shubstaintiúil a bheith againn i gcomhthéacs chúrsaí tithíochta.”

Faoi rialacha na Dála, ní féidir le Teachta amháin a chur i leith Teachta eile nach bhfuil sé nó sí ag insint na fírinne.

Lean an díospóireacht ar aghaidh ar feadh cúpla nóiméad eile ach nuair a rinne ceannaire Shinn Féin iarracht gearán a dhéanamh faoin méid a bhí le rá ag an Taoiseach fúithi, dúirt an Ceann Comhairle Verona Murphy nach raibh na focail cloiste aici.

The Taoiseach took advantage perhaps of you not following, he called me a liar. Bhí mé ag insint an fhírinne,” a dúirt Mary Lou McDonald.

D’fhiafraigh an Ceann Comhairle den Taoiseach ar thug sé bréagadóir ar cheannaire Shinn Féin agus d’iarr sí air é sin a tharraingt siar, má bhí sé ráite aige.

Shéan Micheál Martin gur thug sé bréagadóir ar McDonald agus dúirt go raibh sé sásta soiléiriú a thabhairt ach níor tugadh an deis dó.

Dúirt leascheannaire Shinn Féin, an Teachta Pearse Doherty, go raibh iompar an Taoisigh “náireach” agus go raibh leas bainte aige as easpa Gaeilge an Cheann Comhairle agus as an teanga féin chun Mary Lou McDonald a mhaslú.

Fág freagra ar 'Iarrtha ag an gCeann Comhairle ar an Taoiseach ‘athbhreithniú’ a dhéanamh ar a chaint i nGaeilge faoi cheannaire SF'