Iarratas pleanála le déanamh do Pháirc na Mara agus tús á chur le haistear achrannach

Maítear go bhféadfadh an pháirc thionscail mhara atá i gceist beochan agus croí a chur i gceantar Chill Chiaráin agus Charna

Iarratas pleanála le déanamh do Pháirc na Mara agus tús á chur le haistear achrannach

Meastar go bhfuil os cionn €600,000 caite ag Údarás na Gaeltachta ar an obair chomhairliúcháin agus saineolais atá ag baint leis an iarratas ar chead pleanála do Pháirc na Mara i gCill Chiaráin i gConamara.

Beidh an t-iarratas dá chur faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimh taobh istigh de sheachtain.

Tá an fógra poiblí foilsithe.

Chuathas go snaidhm i rópa ag plé le dintiúirí agus rialacha pleanála san iarratas, ach creidtear sna Forbacha gur fiú an tairbhe an trioblóid. Maítear go bhféadfadh an pháirc thionscail mhara atá i gceist beochan agus croí a chur i gceantar Chill Chiaráin agus Charna – Iorras Aithneach – agus go mbeadh a buntáiste le feiceáil ar fud Ghaeltacht iarthar Chonamara.

Tá tuairimíocht ann go gcuirfear achomhairc agus aighneachtaí tacaíochta go Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Ceaptar go bhfuil sé chomh dóigh ná a mhalairt go dtabharfar an cheist chomh fada leis an mBord Pleanála sa deireadh, nó níos faide ná sin. Is é an feachtas leanúnach in aghaidh na feilméarachta bradán, go háirithe, a d’fhéadfadh achomhairc a spreagadh

Ach maíonn Údarás na Gaeltachta nach gcuirfidh an fheilméaracht bradán tada eile le cois leis an lear den tionscal sin atá i gConamara cheana féin. Ar thionscail na mara ina n-iomláine atá an Pháirc dírithe, a deir lucht an Údaráis.

D’fhéadfadh suíochan fada a bheith ar an ábhar, áfach.

Páirc thionscail mhara atá i gceist agus réimse cineálacha tionscal agus taighde ar bun ann. Áirítear sliogiasc, feamainn, feilméaracht na mara ar bhealaí éagsúla, taighde agus bealaí nua oibre mara a bheith i gceist sa togra.

Tagann an tionscnamh seo, a chosnódh na milliúin, idir infheistíocht an Stáit agus lucht gnó príobháideach, leis an dearcadh atá ag Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ar an gcineál forbartha atá ag teastáil i gceantair Ghaeltachta atá i bhfad amach ó lárionad cathrach.

“Tionscail atá bunaithe ar acmhainní nádúrtha atá ag teastáil i gceantair ar nós Iorras Aithneach,” a deir Micheál Ó hÉanaigh. “An fharraige agus an cladach sa gcás seo, ní imeoidh na tionscail sin as an gceantar.”

Táthar ag súil gurb é a dheireadh go gcuirfidh Páirc na Mara borradh agus fás faoi eacnamaíocht cheantar Chill Chiaráin agus Charna agus faoi na pobail máguaird ar nós Ros Muc agus Camas agus níos faide ó bhaile. Sí an bhunaidhm go bhfaighidh daoine óga deis chónaithe sa mbaile.

Imíonn formhór na ndaoine a fhágann an scoil in iarthar Ghaeltacht Chonamara leo ar fud na tíre seo nó thar lear, tá tanaíochan tagtha ar an daonra agus tá an pobal éirithe níos sine.

Áirítear an ceantar seo ar an gcuid is láidre ó thaobh na Gaeilge in iarthar Chonamara uilig.

Áiríodh an ceantar i gcatagóir ‘A’, na ceantair teanga is láidre sa Ghaeltacht de réir an mórstaidéar teangeolaíoch is deireanaí a rinneadh faoi labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Os cionn scór blianta ó shin a tháinig na moltaí faoi Pháirc na Mara chun cinn i dtosach. Cheannaigh Údarás na Gaeltachta píosa fairsing talún ar imeall thoir Chill Chiaráin. Talamh Chuirrín a thugtaí air. Bhí caint ann faoi chaladh a mhúnlófaí in aon turas le haghaidh báid a bheadh ag freastal ar thionscal na mara. Bhí borradh maith faoin bhfeilméaracht éisc an uair sin agus bhíodh séasúr maith go leor ag lucht an tsliogéisc, iascairí oisrí ina measc.

Chomh fada siar le mí Feabhra, 2001 bhí eagraíochtaí pobail in Iorras Aithneach agus an comhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, ag cur brú aniar as iarthar Chonamara ar mhaithe le forbairt ar Thalamh Chuirrín. Ghlac Bord Údarás na Gaeltachta le rún i dtús an Earraigh an bhliain sin, ar mholadh ó Sheosamh Ó Cuaig, go gcaithfí €1 milliún ar bhóithre, draenáil agus obair forbartha eile ar an bpíosa sin talún.

Ach níor cuireadh Talamh Chuirrín/Páirc na Mara mórán chun cinn sna blianta ina dhiaidh sin beag beann ar iarrachtaí choistí an cheantair. Bhí roinnt cúiseanna a d’fhéadfaí a lua leis sin: fiú agus go raibh borradh faoin eacnamaíocht tháinig laghdú ar airgead Údarás na Gaeltachta. Ansin thit an tóin as cúrsaí airgeadais na tíre in 2008 agus mhair lorg na géarchéime sin go dtí 2014/2015.

Bheidís ann freisin a d’abródh nach ndeachaigh Údarás na Gaeltachta ina chion dáiríre, cé go mbeadh leaganacha éagsúla ag daoine eile ar an scéal sin.

Coinníodh an cheist dúisithe ag cruinnithe a d’eagraigh eagraíochtaí pobail in Iorras Aithneach agus tháinig múnla nua do Pháirc na Mara chun cinn ceithre bliana ó shin.

Tá obair mhór déanta ar mhúnlú an phlean le riar blianta. Creidtear in Údarás na Gaeltachta go bhfuil stuaim, samhlaíocht agus saineolas ar chaighdeán domhanda fite fuaite san tionscnamh anois. Creidtear go gcuirfeadh sé rath ar iarthar Chonamara dá dtiocfadh sé faoi bhláth.

Tá tacaíocht láidir ag an bplean go háitiúil agus tá daoine ann freisin a bhfuil dearcadh eile acu ar Pháirc na Mara – mionlach, is cosúil, sa bpobal agus daoine eile atá taobh amuigh den cheantar.

Tabharfar cead cainte dóibh uilig agus mairfidh nó titfidh Páirc na Mara ar pháirc na pleanála agus an próiseas sin tosaithe anois.

Fág freagra ar 'Iarratas pleanála le déanamh do Pháirc na Mara agus tús á chur le haistear achrannach'