Is suaraí ná riamh atá polaitíocht na hÉireann. In ionad a bheith ag díriú a n-aird ar na géarchéimeanna tithíochta is sláinte, tá páirtithe na bunaíochta, in éineacht leis na meáin mhóra, gafa le conspóidí – ‘scannail’ a deir siad, agus iad lán le gliondar – a bhaineann le Sinn Féin, an t-aon pháirtí a thugann dúshlán ar bith don chóras.
Tá ceisteanna fós le freagairt, a deir siad, ach ní luann siad na ceisteanna.
Breathnaímis orthu.
Ar dtús, scéal Brian Stanley. Rinneadh gearán faoi iompar Bhrian Stanley agus é in éineacht le bean bliain ó shin. Níl sonraí an ghearáin ar eolas againn cé nach gcuireann sé sin isteach ná amach ar na polaiteoirí ná na hiriseoirí a mbreithiúnas a thabhairt go raibh Sinn Féin as ord.
Fuair an páirtí an gearán, bhunaigh siad fiosrúchán, chualathas an dá thaobh is chuir siad tuairisc eatramhach i lámha na beirte.
Chuir Stanley líomhaintí nua i gcoinne an té a rinne an gearán, is moladh dó iad a chur faoi bhráid An Gharda Síochána. Níor dhein. Ansin, nuair a fuair sé an tuairisc, d’éirigh sé as an bpáirtí ar fad, ag fágáil a chuid líomhaintí féin san aer agus an gearán gan réiteach.
Ag an bpointe sin, chinn an páirtí an comhad ar fad a thabhairt do na Gardaí, toisc ábhar coiriúil a bheith líomhnaithe ag Stanley agus ar mhaithe le críoch cheart a chur ar an scéal.
Dar liomsa, rinne siad gach rud mar ba chóir, in ainneoin gur duine an-mhór le rá ab ea Stanley sa pháirtí roimhe, is nach raibh sa ghearánaí ach gnáthbhall.
Níor thaitin an toradh le Stanley, is dhamnaigh sé an próiseas mar cúirt bhradach. Ghlac polaiteoirí is na meáin leis sin cé nach bhfuil aon fhianaise againn nach bhfuair Stanley ach cothrom na Féinne sa phróiseas.
Ceist Michael McMonagle. Tá sé seanphléite againn ar fad anois. Ach arís, nuair a cuireadh an páirtí ar an eolas go raibh sé faoi iniúchadh maidir le cionta gnéasacha le daoine óga, cuireadh ar fionraí láithreach é.
Is nuair a tháinig sé chun solais gur thug beirt oifigeach sinsearach i Sinn Féin teistiméireacht dó le jab eile a fháil cuireadh iachall orthusan éirí as. Chuile rud déanta i gceart agus mar ba chóir.
Scéal Niall Uí Dhonnghaile. Arís nuair a cuireadh an páirtí ar an eolas go raibh teachtaireacht téacs míchuí seolta aige go déagóir cuireadh iachall ar Niall Ó Donnghaile éirí as an Seanad agus as an bpáirtí.
An raibh sé ceart gan scéal poiblí a dhéanamh de seo? B’fhéidir nach raibh ach an raibh sé riachtanach i bhfianaise dhrochbhail sláinte intinne an fhir? Bhí sé faoi chúram leighis in 2021 mar gheall ar a shláinte intinne is bhí baol réasúnach ann go bhféadfadh nochtadh an scéil dochar a dhéanamh dá shláinte.
Beidh a thuairim féin ag chuile dhuine faoi sin, ach ceapaimse go raibh sé ceart déanamh mar a dhein Mary Lou McDonald sa chás áirithe sin.
Maidir leis na teachtaireachtaí féin ar ndóigh, chuir Sinn Féin an PSNI ar an eolas láithreach faoin scéal. Arís mar ba chóir.
B’fhéidir go bhféadfadh an páirtí tabhairt faoi na scéalta ar bhealaí eile, ach maidir le bunús na scéalta rinne siad gach rud mar ba cheart dóibh iad a dhéanamh.
Níl aon cheisteanna le freagairt acu anois, ceapaim. Ach tá na polaiteoirí is na hiriseoirí meáite ar aird a choinneáil air seo, ar mhaithe le haird a bhaint de na hiliomad géarchéimeanna a bhfuil an rialtas (agus an Bhunaíocht) freagrach astu.
Ar ndóigh ní bhíonn a leithéid d’iniúchadh ar siúl, i dtaobh, mar shampla, John McGahon, Fine Gael, ar ordaíodh dó san Ard-Chúírt €39,000 a íoc le fear mar gheall ar scliúchas a tharla taobh amuigh de theach tábhairne. Nó céard faoi na pictiúirí den smuglálaí drugaí Nathan McDonnell le polaiteoirí as páirtithe eile?
Ní whataboutery é seo, ach léiriú ar an gclaonadh polaitiúil atá le tabhairt faoi deara sna meáin mhóra.
Is cóir scrúdú géar a dhéanamh ar pholasaithe Shinn Féin i dtaobh tithíochta is eile. Déanaim féin go rialta é, go háirithe i dtaobh dhearcadh reatha an pháirtí i dtaobh an Aontais Eorpaigh.
Ach is cosúil go bhfuil faitíos ar pháirtithe an rialtais, is a gcuid comhghleacaithe i bPáirtí an Lucht Oibre, díospóireacht chuí a bheith ann faoi theip an rialtais.
Nach bhfuil ceist le freagairt mar sin: cén fáth nach bhfuil fonn ar an rialtas nó ar na meáin polasaithe a bhaineann le tithíocht, sláinte, inimirce, forbairt tuaithe, costas maireachtála is eile, a phlé?
Concubhar Ó Liathain
Amaidí seafóideach atá sa cholún seo ó thús go deireadh. Níorbh é claonadh na meáin móra a thug ar an Seanadóir téacsanna míchuí a sheoladh go déagóir(16). Níorbh iad na meáin claonta céanna a spreag oifigigh preasa SF chun teastaisí nár luaigh go raibh a gcomhleacaí cúisithe as coireanna a bhain le cuirí míchuí do pháistí a sheoladh chuig fostóir eile. Níorbh iad na meáin móra a spreag beirt TD sínsearach éirí as i mbéal toghcháin (anuas ar thriúr eile a d’éirigh as ón toghchán deiridh). Mura ndéanfadh na meáin móra tuairisciú ar na scéalta seo, mar atá déanta, bheadh an cheart ag sn cholúnaí a rá go raibh siad ar leathshúil. Sa chás seo, tá sé tar é féin a dhalladh ar aon ní a leagfadh smál ar SF agus scamall ‘cad mar gheall ar achas’ a chrochadh san aer. Ní hé seo an chéad uair aige. An dea scéal: tá SF gann ar phreasoifigeach nó dhó.
Páid Ó Donnchú
“Sinn Féin, an t-aon pháirtí a thugann dúshlán ar bith don chóras.”
Níor thug SF dúshlán ar bith don chóras nó an bhunaíocht sna dá reifreann a bhí rite go gairid. Agus tá an fáth nár dtugadh mínithe go breá ag Sam McBride inné san BelTel https://www.belfasttelegraph.co.uk/opinion/columnists/sam-mcbride/jumping-on-every-passing-bandwagon-sums-up-sinn-feins-shifting-policies/a1506161715.html
Traolach
An ceart ar fad agat, a Eoghain.
Traolach
Is ait liom go bhfuil na meáin ar fad, geall leis, sásta mionphlé a dhéanamh ar dheachtraí Shinn Féin agus nach bhfuil fonn ar bith orthu anailís cheart a dhéanamh ar fhadhb na tithíochta ná ar na gcaiteachas gan tairbhe ná ar na mórfhadhbanna eile.