‘I think it’s a lot more nádúrtha úsáid a bhaint as an dá theanga’ – plé faoin tumoideachas sa Dáil

Dhiúltaigh an tAire Oideachais inné do mholadh go gcuirfí ábhar oidí chuig an nGaeltacht ag tús a gcuid oiliúna chun úsáid na Gaeilge a spreagadh

‘I think it’s a lot more nádúrtha úsáid a bhaint as an dá theanga’ – plé faoin tumoideachas sa Dáil

Tá diúltaithe ag an Aire Oideachais do mholadh go gcuirfeadh ábhar oidí tús lena gcuid oiliúna le tréimhse tumoideachais sa Ghaeltacht toisc nach mbeadh sé “nádúrtha” a leithéid a dhéanamh.

Ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, mhol an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, go gcaithfeadh mic léinn i gcoláistí oiliúna tréimhse coicíse sa Ghaeltacht ag tús a gcúrsa teagaisc ionas go gcuirfeadh siad aithne ar a chéile trí Ghaeilge seachas trí Bhéarla agus go spreagfaí labhairt na teanga.

“Bheadh na mic léinn múinteoireachta ag bualadh le chéile den chéad uair agus bheadh siad ag baint úsáid as an nGaeilge. Ón bpointe sin amach, bheadh siad deas compordach ag úsáid na Gaeilge lena chéile,” a dúirt an Seanadóir.

Mheas sí go mbíonn sé deacair ar dhaoine a bhfuil aithne curtha acu ar a chéile i mBéarla iompú ar an nGaeilge agus iad ag caint lena chéile, fiú nuair atá an teanga acu.

Dúirt Clifford-Lee go bhfágfadh an moladh a bhí déanta aici go mbeadh sé níos éasca ag ábhar oidí coinneáil orthu ag caint lena chéile i nGaeilge dá mba í a bheadh in úsáid acu ón gcéad lá ar chasadar ar a chéile.

An Seanadóir Lorraine Clifford-Lee, Fianna Fáil

Níor ghlac an tAire Oideachais Norma Foley le moladh an tSeanadóra, áfach, agus í den tuairim go raibh sé i bhfad níos fearr rogha a thabhairt do mhic léinn an Ghaeilge agus an Béarla a úsáid.

“Ní aontaím leat in aon chor,” a dúirt an tAire Foley. “Sílim gur fearr go mór  mbeadh deis ag mic léinn, oidí agus fiú daoine taobh amuigh den chiorcal sin comhrá a dhéanamh ‘idir Bhéarla agus Ghaeilge’.”

Dúirt Foley go mbeadh sé iontach dá mbeadh sé de chumas ag beirt comhrá i nGaeilge amháin a bheith eatarthu ach, murab amhlaidh an cás, gur cheart an dá theanga a úsáid.

“Is fearr an péire a úsáid seachas ceann amháin,” arsa an tAire Oideachais.

Dúirt an tAire Foley gur thacaigh sí go mór leis an múnla go mbíonn ar ábhar oidí seal a chaitheamh sa Ghaeltacht ach dúirt sí go raibh níos mó ná aon chéim amháin ag teastáil chun muinín a thabhairt dóibh an Ghaeilge a úsáid.

“Is é fírinne an scéil go bhfuil go leor acu ag dul ar ais ansin go dtí coláiste áit, b’fhéidir, arb é an Béarla an meán,” arsa Foley.

“I think it’s a lot more nádúrtha úsáid a bhaint as an dá theanga.”

Bhí an tAire Foley os comhair Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chun cúrsaí oideachais a phlé – ina measc, easpa Gaeilge múinteoirí bunscoile agus ceist na bpointí bónais don chúrsa nua Gaeilge atá beartaithe don Ardteist.

Catherine Connolly, Teachta Dála neamhpleách

Ag imeacht ó Ghaeilge go Béarla a bhí an tAire féin le linn chruinniú an lae inné sa seomra Dála.

Bhí Catherine Connolly míshásta ar dtús faoi chur chuige dátheangach an Aire, ach ghabh an Teachta Dála neamhspleách leithscéal léi ina dhiaidh sin nuair a mhínigh an tAire a cás di.

Dúirt an tAire Foley go raibh gach iarracht á déanamh aici Gaeilge a labhairt ag Coiste Oireachtais na Gaeilge, ach nach raibh dóthain den teanga aici chun freagraí cuimsitheacha  a thabhairt.

“Cheap mé gur cainteoir dúchais thú,’’ a dúirt Catherine Connolly.

Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar níos déanaí sa chruinniú nach raibh aon locht aici ar an Aire ach gur ardaigh a cur chuige dátheangach ceist don Choiste Oireachtais. Chaithfí cur chuige an choiste i leith an dátheangachais agus úsáid an chórais aistriúcháin sa Dáil a phlé, a dúirt Catherine Connolly.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, go ndéanfaí amhlaidh ag an gcéad chruinniú príobháideach eile a bheadh ag an gcoiste.

Fág freagra ar '‘I think it’s a lot more nádúrtha úsáid a bhaint as an dá theanga’ – plé faoin tumoideachas sa Dáil'

  • Caitríona

    Céad slán leis na coláistí Gaeilge anois!

  • DÁITHÍ MAC CÁRTHAIGH

    An tAire Oideachais ag cur in aghaidh Gaeilge a mhúineadh go héifeachtach do mhúinteoirí faoi oiliúint. Mí-nádurtha.

  • criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Céad slán leis an nGaeilge agus fáilte roimh an pidgin ‘Gaeil-ish’!

  • An Teanga Bheo

    An bhfuil na a TDs sin ar son an phobal ar chor ar bith nó “tuarastal only” iad ?
    Nach cearta daonna é oideachas agus forbairt an duine agus Teanga dá chuir faoi chois mo náire iad.