I ré seo pholaitíocht na féiniúlachta tá tábhacht le hinscne agus dath craicinn

TOGHCHÁN SAM: I ré seo pholaitíocht na féiniúlachta, tá dul amú ar éinne a cheapfadh nach bhfuil daoine ann a chaithfeadh vóta bunaithe ar inscne nó cine

I ré seo pholaitíocht na féiniúlachta tá tábhacht le hinscne agus dath craicinn

Má bhíonn an bua ag Kamala Harris ar an 5 Samhain, beidh sí ar an gcéad bhean a bheidh ina huachtarán ar na Stáit Aontaithe, agus ar an gcéad bhean Afra-Mheiriceánach agus Áiseach-Mheiriceánach lena chois. (As Iamáice athair Harris agus as an India a máthair, nach maireann.)

Ach ní hionann agus Hillary Clinton thiar in 2016, ní bhaineann Kamala Harris úsáid as a hinscne mar argóint chun vótóirí a mhealladh – gan trácht ar dhath a craicinn a lua.

A mhalairt.

‘Ní dhéanfaidh mise talamh slán de riamh go ndéanfadh éinne inár dtír cinneadh faoina vóta bunaithe ar inscne nó cine,’ a dúirt Harris faoin ábhar in agallamh eisceachtúil le NBC News, ach go hiondúil seachnaíonn sí an cheist oiread agus is féidir.

Cur chuige caolchúiseach, cinnte. Cén fáth an mbeadh uirthi a mheabhrú dúinn go síoraí seasta gur bean de dhath í, má tá sé sin soiléir ar an gcéad radharc?

Ach, i gcead di, dearcadh rud beag saonta atá ann freisin.

I ré seo pholaitíocht na féiniúlachta, tá dul amú ar éinne a cheapfadh nach bhfuil daoine ann a chaithfeadh vóta bunaithe ar inscne nó cine.

De réir pobalbhreith a rinne CBS News / YouGov an tseachtain seo caite, tacaíonn 55 faoin gcéad de na mná sna Stáit Aontaithe le Kamala Harris – ach ní thacaíonn ach 45 faoin gcéad de na fir léi.

An bealach eile timpeall atá an scéal i gcás Donald Trump. De réir na pobalbhreithe céanna, tacaíonn 54 faoin gcéad de na fir Mheiriceánacha leis an Trumpach – ach ní thacaíonn ach 43 faoin gcéad de na mná leis.

Tá an claonadh inscne sách soiléir.

Ach i gcás dath chraicinn Kamala Harris, tá an scéal níos casta.

Ní féidir talamh slán a dhéanamh de, mar shampla, go gcaithfidh Afra-Mheiriceánaigh vóta do Kamala Harris, díreach toisc gur bean Afra-Mheiriceánach í – mar a léirigh comhrá a bhí agam le tiománaí tacsaí in Charleston, South Carolina, fear dubh sna seascaidí.

‘Rogha an dá dhíogha atá ann!’ a bhéic sé nuair a chuir mé ceist air cé dó nó cé di a bheadh sé ag vótáil ar an 5 Samhain.

‘Rogha an dá dhíogha, a deirim, ach vótálfaidh mise don cheann is lú den dá dhíogha sin. Is gráin liom an pósadh idir daoine den inscne chéanna agus is gráin liom an ginmhilleadh – ach cuireann sé fearg as cuimse orm go bhfuil eaglaisí dubha áirithe ag iarraidh orainn vóta a thabhairt do Trump! Tá Trump ag iarraidh muid ar fad [pobal Afra-Mheiriceánach na Stát Aontaithe] a chur i bpríosún! Ní fhéadfainn vóta a thabhairt dó siúd go brách – ach an ligfear isteach sna Flaithis mé má chaithim vóta do bhean atá ar son an ghinmhillte?’

In aghaidh a thola agus rud beag buartha faoina mbeidh i ndán dó nuair a imeoidh sé ar shlí na fírinne, mar sin, a thabharfaidh an tiománaí tacsaí sin as Charleston vóta do Kamala Harris.

Ach is cosúil go bhfuil fir Afra-Mheiriceánacha ann – agus neart acu – nach bhfuil sásta vóta a thabhairt do Kamala Harris in aon chor. Vótálfaidh siad do Trump nó fanfaidh siad sa bhaile, rud a dhéanfaidh dochar do sheansanna Harris an toghchán a bhuachaint chomh maith.

An chúis: an tuairim nach mbeidh bean in ann don uachtaránacht.

Is cosúil go bhfuil an meon sin chomh coitianta sin i measc fir Afra-Mheiriceánacha áirithe gur labhair an t-iar-uachtarán Barack Obama amach faoi ag slógadh i gcathair Pittsburgh i lár mhí Dheireadh Fómhair:

‘Tá sibh ag smaoineamh faoi fhanacht sa bhaile nó vóta a thabhairt do dhuine [Donald Trump] a rinne beag is fiú díbh san am a caitheadh? Toisc go gceapann sibh gur comhartha nirt nó fearúlachta a bheadh ansin? Cos ar bholg ar mhná? Ní féidir glacadh leis sin.’

Maidir leis an bpobal Latino agus pobail inimirceacha eile, tá tráchtairí den tuairim nach féidir talamh slán a dhéanamh de ach oiread go dtacóidh siad sin d’aon ghuth le Kamala Harris, díreach toisc gur duine de shliocht inimirceach í Harris féin.

Ach an rud is deacra maidir le tionchar inscne agus (go háirithe) dath craicinn Kamala Harris ar an vóta a mheas, ná go mbíonn drogall ar go leor  daoine a cheistítear i bpobalbhreitheanna labhairt faoi na cúrsaí sin, agus go mbíonn claonadh ag daoine freagraí a thabhairt atá inghlactha go sóisialta, seachas a dtuairim dháiríre.

An bhfuil inscne agus dath craicinn Kamala Harris tábhachtach?

Chun scéal fada a dhéanamh gairid: níor chóir go mbeadh, ach tá go pointe – ach tá sé deacair tionchar na ngnéithe sin ar thoradh an toghcháin a mheas.

Gach seans go raibh an ceart ar fad ag Harris gur shocraigh sí féin gurbh fhearr fanacht amach ón dá cheist chéanna.

Fág freagra ar 'I ré seo pholaitíocht na féiniúlachta tá tábhacht le hinscne agus dath craicinn'