I mBéarla amháin a bhíonn a seirbhísí a deir Childline agus iarrtha ar oibrí gan Gaeilge a labhairt

Deir an líne chabhrach do pháistí nach mbítear ag súil go labhródh a gcuid oibrithe deonacha aon teanga eile seachas Béarla

I mBéarla amháin a bhíonn a seirbhísí a deir Childline agus iarrtha ar oibrí gan Gaeilge a labhairt

Tá sé deimhnithe ag Childline gur i mBéarla amháin a chuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil in Éirinn i ndiaidh do Tuairisc.ie fiosrú a dhéanamh leo faoi chás inar dúradh le hoibrí deonach gan labhairt le páiste i nGaeilge.

Bhain an cás sin le páiste a bhí i mbun cainte i nGaeilge le hoibrí deonach de chuid Childline nuair a dúradh leis an oibrí iompú ar an Bhéarla.

Nuair a bhí an comhrá thart, mhol duine d’fhoireann Childline, an líne chabhrach do dhaoine óga atá buartha nó i gcontúirt, don oibrí deonach gan Gaeilge a labhairt le páistí a ghlaonn ar an tseirbhís tacaíochta.

I ráiteas a chuir Childline ar fáil maidir leis an scéal, dúradh nach mbítear ag súil go labhródh a gcuid oibrithe deonacha aon teanga eile seachas Béarla.

“Cuirtear oiliúint chuimsitheach ar fáil d’oibrithe deonacha Childline sula mbíonn siad ag caint le páistí agus níl an dátheangachas ar cheann de na rudaí a iarraimid ar dhaoine a chuireann am ar fáil dúinn le cuidiú linn an tseirbhís seo a chur ar fáil,” a dúradh sa ráiteas.

Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar Childline an raibh sé mar pholasaí ag an eagraíocht gan cead a thabhairt dá gcuid oibrithe deonacha Gaeilge a labhairt, dúradh nach raibh aon pholasaí acu faoi labhairt na Gaeilge nó “aon teanga eile” ach gurb é “an Béarla an teanga ina gcuirtear a gcuid seirbhísí ar fáil do pháistí”.

“Is é nádúir na seirbhíse i Childline gur i mBéarla amháin a labhraítear le páistí.

“Tá go leor cúiseanna leis sin, lena n-áirítear an tseirbhís chéanna a chur ar fáil do gach páiste agus gach duine óg agus cosaint a thabhairt do pháistí.

“Tá sé an-tábhachtach dúinne ag Childline go bhfuil fáil ag gach páiste agus duine óg ar ár gcuid seirbhísí aon am den lá nó den oíche agus go dtabharfaí éisteacht is tacaíocht dóibh agus go gcreidtear iad,” a dúradh i ráiteas Childline.

Fág freagra ar 'I mBéarla amháin a bhíonn a seirbhísí a deir Childline agus iarrtha ar oibrí gan Gaeilge a labhairt'

  • James Pelow

    “Tá sé an-tábhachtach dúinne ag Childline go bhfuil fáil ag gach páiste agus duine óg ar ár gcuid seirbhísí aon am den lá nó den oíche”

    Meas tú an dtuigeann siad go bhfuil páistí ann nach bhfuil Béarla acu?

  • Seán ÓM

    Sa chas seo – mar eisceacht – bheadh an ceart ag an dream “Céard faoi Pholainnis” – bíonn an ceart fiú ag an gclog briste dhá uair in aghaidh an lae.

    An mbeadh Pobal na Gaeilge in ann obair le chéile leis an bPobal Polannach chun an cás brónach seo a athrú?

  • LÓBriain

    Tá cosc ar labhairt na Gaeilge ag Childline in Éirinn is léir ach i gCymru is féidir leis na gasúir labhairt i mBreatnais nó i mBéarla ar an bhfón toisc go bhfuil oibrithe deonach le Bhreatnais earcaithe acu thall.

  • Seanán Ó Coistín

    Ní mór do lucht na Gaeilge a líne chabhrach féin a bhunú. Ní dhéanfaidh aon dream eile é agus is léir nach bhfuil an stát ná lucht Childline sásta sin a dhéanamh i nGaeilge.

  • Colmcille Ó Monacháin

    Sliocht ó shuíomh gréasáin Childline arna chur in eagar ionas go mbeadh an fhírinne ann:

    “Childline Listening and Childline Digital Supports are just two of the services provided by the ISPCC and are available for all young people, aged 18 years and younger, ON CONDITION THAT THEY ARE WILLING AND ABLE TO SPEAK ENGLISH.” i.e. ‘cuidímid le páistí a bhfuil Béarla acu + ní chuidímid ach le páistí a bhfuil Béarla acu’ (fíor + éagóireach), nó ‘cuidímid le gach páiste + tá Béarla ag gach páiste’ (bréagach + bréagach).

    An bhfaigheann Childline/ISPCC maoiniú Stáit?

  • Diarmuid de Faoite

    Deir Childline maidir le cearta: “When a child is born it has a right to a nationality. No-one is allowed to take away your identity.” Is cosúil gur mhaith leo féiniúlacht an duine a aithint i mBéarla amháin, rud a chiallaíonn nach naithnítear féiniúlachtaí eile

  • Siobhán

    Goidé nach bhfuil lucht Ghaeloideachais ag gníomhú ar an ábhar seo? Tugaidís tosaíocht de seo anois!

  • Seán ÓM

    Má tá aon duine ag iarraidh dul i ngleic leis an gcás seo, seans go mbeidh cairde le haimsiú anseo:

    http://www.polskamacierz.com/english.html

    Agus a seo:

    https://www.irishdeafsociety.ie/

    Níl muid inar n-aonar maidir le rudaí mar seo.