‘I guess one person can make a difference’ – Stan Lee, sárlaoch na siamsaíochta ar lár

Chreid Stan Lee go láidir go raibh an tsiamsaíocht ar cheann de na rudaí is tábhachtaí i saol an duine agus go bhféadfadh an t-éadóchas muid a chloí dá huireasa

‘I guess one person can make a difference’ – Stan Lee, sárlaoch na siamsaíochta ar lár

Chruthaigh sé laochra. Chruthaigh sé eiseamláirí. Chruthaigh sé finscéalta agus ba dhuine acu é féin.

D’éirigh thar cionn leis na meáin a d’eascair as Greannáin Marvel in earnáil na siamsaíochta ó chonacthas scannáin na X-men agus Spider-man den chéad uair. Aon fhear amháin ba chúis leis an iontas seo, Stan Lee, a d’imigh ar shlí na fírinne an tseachtain seo ag aois a 95 bliain.

Ba é Stanley Martin Lieber, nó Stan Lee a chruthaigh nó a chruthaigh i bpáirt greannáin Marvel agus go leor de na hainmneacha mór le rá a bhain le Marvel. Ó bhí sé ina ghasúr, theastaigh ó Stan Lee scéalta a chumadh cosúil leis an scéalta ab fhearr leis féin sa litríocht.

In Manhattan a d’fhás sé aníos tráth a raibh geilleagar Mheiriceá scriosta ag an Spealadh Mór agus rinne Stanley go leor cineálacha oibre nó go bhfuair sé post mar chúntóir i gcomhlacht beag foilsitheoireachta leabhar, Timely Comics.

Bhí sé ag obair le Timely Comics go dtí na 1960idí, agus cé go raibh sé ina eagarthóir faoin tráth sin, ba bheag nár éirigh sé as a phost mar gur cheap sé nach raibh an deis aige na scéalta a theastaigh uaidh féin a insint. Dúirt a bhean chéile, Joan Lee, leis gur chóir dó greannán amháin a chur amach dá rogha féin. Lean sé a comhairle agus ba é an greannán sin The Fantastic Four a chruthaigh sé i bpáirt leis an maisitheoir leabhar Jack Kirby. Ní raibh aon stad air ó shin.

Rinneadh brandáil ar ghreannáin The Marvel i 1961, an bhliain chéanna ar sheol an comhlacht The Fantastic Four agus leabhair eile faoi shárlaochra a chruthaigh Steve Ditko, Stan Lee, Jack Kirby, agus go leor eile.

Idir 1961 agus 1970, chruthaigh Stan Lee go leor carachtar i Marvel Comics, cuid acu i bpáirt le daoine eile.  Ba ghearr go raibh Greannáin Marvel i mbarr láin i dtionscal na ngreannán, a bhuíochas den díocas oibre a bhíodh air agus an dúspéis a bhí aige ina cheird. Is é an fonn sin a bhí air ainm Marvel a chur i mbéal an phobail a d’fhág go mbíonn go leor de na carachtair i Marvel a bhfuil an-tóir orthu le fáil i réimsí éagsúla: scannáin, teilifís, cluichí, beochan, srl.

Tá a lorg fágtha go láidir ag Lee ar shaothar Hollywood: The Fantastic Four, Spider-Man, The Hulk, Iron Man, Thor, The Avengers, Agents of S.H.I.E.L.D., Ant-Man, Black Panther, X-Men, Jessica Jones, Captain Marvel agus a lán eile. Bhí breis is 65 ról caimeo ag cathaoirleach agus pearsa phoiblí Marvel Comics i scannáin a rinne Marvel Productions agus ó thús na mílaoise seo  bhíodh ról caimeo ag na X-men agus Stan Lee i ngach scannán a rinne stiúideo Marvel. Léiriú atá ansin ar an ról lárnach a bhíodh aige féin san insint a rinneadh ar na scéalta.

Rinne Stan Lee athbheochan ar thionscal na ngreannán. Chruthaigh sé sárlaochra agus bithiúnaigh a raibh saol casta mothúchán acu agus iad ag déileáil le gnáthchúraimí an tsaoil chomh maith lena gcuid eachtraí lán gaisce.

Bíonn an lucht féachana faoi dhraíocht ag na carachtair seo atá aigeanta fuinniúil spleodrach. Ach bíonn comhbhá idir muid féin agus na carachtair seo, a bhíonn nádúrtha, réadúil d’ainneoin na fantaisíochta agus na ngníomhartha gaisce. Tá cúpla glúin léitheoirí tar éis eolas, inspioráid agus foclóir a bhaint as scéalta Stan Lee. Chreid Lee go láidir go raibh an tsiamsaíocht ar cheann de na rudaí is tábhachtaí i saol an duine agus go bhféadfadh an t-éadóchas muid a chloí dá huireasa.

Ba é Stan Lee féin an carachtar ab fhearr a chruthaigh sé.  In áit saol an mhadra bháin a bheith aige go deas compordach, agus é ina mhilliúnaí agus 95 bliain d’aois, choinnigh sé air ag freastal ar chomhdhálacha, cainteanna, seónna, gradaim, cruinnithe agus sínithe leabhar.

Theastaigh uaidh bualadh lena lucht leanúna, éisteacht lena gcuid tuairimí agus a chuid tuairimí féin a chur in iúl. Teist mhaith an obair sin go léir ar an gcineál duine a bhí ann. Níl aon duine eile ar éirigh leis an oiread a bhaint amach ina ghairm.

Tá a lorg fágtha ag an laoch cruthaitheachta seo ar an bpopchultúr agus ar thionscal na siamsaíochta agus d’fhág sé an scéalaíocht agus a léiriú ar na Laochra mar oidhreacht againn.

Beidh tionchar ag na scéalta sin ar an tsiamsaíocht go ceann i bhfad agus beidh a ghlór agus a spiorad le brath sna heachtraí iontacha go léir.  Mar a déarfadh Stan Lee féin: ‘I guess one person can make a difference’.

Sách ráite.

Ealaíontóir agus dearthóir í údar an ailt seo atá ag obair don chomhlacht Telegael i gConamara

Fág freagra ar '‘I guess one person can make a difference’ – Stan Lee, sárlaoch na siamsaíochta ar lár'