‘I don’t know this language. Góigle?’ – ag clárú leis an HSE 

Mar chainteoir dúchais Gaeilge, tá córas leighis na tíre seo mo bhalbhú le breis is trí scór bliain

‘I don’t know this language. Góigle?’ – ag clárú leis an HSE 

Ídítear loch dúigh agus leoraí focal chuile sheachtain ag caint faoi thionscal na Gaeilge –  daoine breise san Údarás, pleanálaithe teanga, tuarascálacha ó Fhoras na Gaeilge, ceanneagraíochtaí agus a gcuid spriocanna,  Bille na dTeangacha Oifigiúla, maide is meacan an Choimisinéara Teanga, Polasaí Oideachais Gaeltachta, Stádas, Coiste Gaeilge an Oireachtais, airí agus iar-airí, agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Is minic daoine ag déanamh iontais go roghnódh Gaeilgeoirí líofa Béarla a labhairt leis an státchóras agus lena bpáistí. Tabharfaidh mé cúis amháin daoibh.

Dé Luain seo caite bhí cead agam féin clárú don vacsaín in aghaidh an víris agus seo liom ar an suíomh – Béarla a bhí romham. Thug mé faoin bhfón a bhí le fáil óna 8am – 8pm. 

Lean mé treoracha breátha soiléire Bhéarla Mheiriceá go raibh tálach i mo mhéar leis an “press 1,2 or 3…”

Bhíodar cruógach ach dá nglaofainn ar ais “in the afternoon” bheadh cúrsaí ciúnaithe. Am Mheiriceá a bhí aici déarfainn mar bhí sé ina ‘afternoon’ go maith agus go minic san taobh seo domhan. 

Dé Luain, Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin – mise ag glaoch ach ‘Goodbye’ ráite liom sula raibh mo ghnó déanta. 

Dé hAoine 2.30 pm duine beo ar an bhfón. An sweep gnóite agam agus mo cháirtín aitheantais i mo láimh.

Béarlóir neamhdhúchais mar mé féin a bhí chugam agus chaon “I think the line is not good” aige. Faoi dheireadh dúirt sé go bhfaigheadh sé cúnamh. Ní fada a chuaigh sé go raibh sé ar ais agus ceist bheag aige: “I don’t know this language, what language are you speaking?’

“Gaeilge” a deir mé fhéin agus is é a bhí mórtasach ag rá ‘Georgian’ i mo dhiaidh. 

Ní ‘Georgian’ ach ‘Gaeilge’ a deir mé féin chomh Buntús Caintiúil agus a d’fhéad mé. Is air a bhí an lúcháir ag rá ‘Góigle’ agus ag bailiú leis sna sodair (bhuel sin íomhá a chruthaigh mise) chun níos mó eolais a lorg faoin nGóigle dhiamhair seo.

Is gearr go raibh an créatúr ar ais lena insint dom go nglaofaí ar ais orm. Ghabh mé buíochas ó chroí leis inár dteanga neamhdhúchais féin agus d’ardaigh a chroí arís “O you speak English, I am so sorry. I will take your details now and register you.” 

An colg a bhí orm Dé Luain bhí náire déanta de faoin Aoine agus fear de bhunadh na hIndia, tír ina bhfuil daoine á gcur den saol ag ganntanas airgid is ocsaigine, ag déileáil le fadhb fhánach dhomhan saibhir an iarthair. 

Seanchailleach dhíomhaoin nach nglacfadh vacsaín a bhí á tabhairt di saor in aisce agus gan ag cur imní uirthi ach masla dá teanga.

Níorbh é an chéad uair é.

Cúig bliana d’aois istigh in ospidéal na Gaillimhe agus an náire chéanna ar m’athair ag míniú don altra nach raibh aon Bhéarla agam agus ag iarraidh duine éigin a mhíneodh rudaí i nGaeilge dom. 

Mo bhéal níor oscail mé ar feadh chúig lá.  

Trí scór bliain níos déanaí tá córas leighis na tíre seo fós mo bhalbhú agus d’ainneoin thionscal na Gaeilge is amhlaidh fós an scéal.  

Maidir le mo chara atá ag cuartú cainteoir Góigle dom, bhuel, tá mé fós ag fanacht ar an nglaoch ar ais do Chorn Stephen Donnelly.

Inseoidh mé daoibh cén chaoi a n-éireoidh liom agus cén cineál teanga í féin.

Fág freagra ar '‘I don’t know this language. Góigle?’ – ag clárú leis an HSE '

  • Peigí Ní Chonghaile

    Píosa iontach a Mháire, barrúil ach fíor faraoir!

  • An tEisreachtach

    Go bunúsach, seo thuas é taithí saoil gach Gaeilgeoir a fhéachann le gnó a dhéanamh i nGaeilge leis an mbananastáitín suarach, Gallda, Frith-Ghaelach seo.

  • Eibhlín

    Ní iontas ar bith é go mbeadh lagmhisneach ar dhaoine an Ghaeilge a thabhairt dhá gcuid gásúr sa nGaeltacht ná in aon áit eile sa tír.
    Déantar iarracht a mhiniú do ghásúir go bhfuil rud eicint speisialta againn nach bhfuil ag mórán sa tír, …….go príomha ……teanga dúchais ár dtír fhéin…….AN GHAEILGE….ach a Mhuire Mháthair bheannaithe cén teachtaireacht a thágann ó lucht riartha na tíre seo????……what language is that? / dont you have english anyway etc etc etc

    Ar a laghd nuair a bhí an tír faoi cheannas ag tír eile d’fhéadfaí an mhéar a shíneadh ar ‘an tír eile’ ACH is ar ár dtír fhéin agus lucht a riartha ó bhúnú an stáit 100 bliain ó shin atá an mhéar le síneadh i ndairíre.

    Tá mé spianta ag an síor-bhualadh ón stát :(
    Go raibh maith agat a Mháire as do phíosa agus tá súil agam go bhfaighaidh tú do vaicsín gan mhoill.

  • Ciarán Ó Feinneadha

    Maith thú a Mháire.

  • Íte Ní Chionnaith

    Is cinnte go mbaineann frustrachas uafásach le gnó de chineal ar bith a dhéanamh le rannóg ar bith den státchóras as Gaeilge. Tar éis ghearáin na seachtaine seo caite ón iliomad daoine (mé féin san áireamh) gheall an FSS/HSE go mbeadh seirbhís ghutháin ar fáil as Gaeilge. Mair a chapaill agus gheobhair féar! Ach ná géillimis. Maith thú a Mháire.

  • Éamon Ó Ciosáin

    Sách ráite, a Mháire. Agus ní den chéad uair atá a leithéid de chladhaireacht ar bun ag eagrais stáit.
    Mar eolas, tá áis le clárú trí Ghaeilge don vacsaín – ar an nguthán – oscailte ag an bhFeidhmeannacht Seirbhísí Sláinte ó luath san iarnóin Dé Máirt 27ú.
    Éist leis an gcéad theachtaireacht agus brú a 1 don eolas faoin vacsaín. Fan go deireadh an dara teachtaireacht agus cloisfear rogha le leanacht ar aghaidh trí Bhéarla nó trí Ghaeilge. Ghlac beirt éagsúil sonraí uaim féin agus ó mo dheartháir, bhíodar neirbhíseach faoina gcuid Gaeilge ach ní raibh deacracht ar bith ann an gnó a dhéanamh go réidh.
    B’éigean do dhaoine éagsúla am a chaitheamh go dtí seo ag lorg na seirbhíse agus níl cnaipe Gaeilge fós ar an láithreán cláraithe ar an idirlíon, ach is tús é seo. (Mar a deir Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath, ‘níl sé mórán ach tá sé rud éigin’).
    B’fhiú do léitheoirí súil a chaitheamh ar cháipéis an-bhreá dar teideal Stráitéis na Gaeilge 2019-2023 – HSE. Gealltar freastal den scoth ann ar mhórán bealaí do mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeilge agus tá cúigear oifigeach forbartha Gaeilge ar fad ag obair don FSS/HSE. Breá nár fhéad aon duine cnaipe don Ghaeilge a chur ar an láithreán cláraithe, mar atá sa deá-chleachtas ag roinnt oifigí eile ar nós cáin bóthair, scrúdú NCT agus aroile.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní iontas ar bith daoine ag éirigh crosta nuair a bhíonn orthu déileáil leis an iompar seo. Seo ceart bunúsach – go háirithe agus sláinte an duine i gceist!!!

    Is rud amháin ag plé le bearlóir i lárionad áit inteacht i mBÁC ach tá go leor bearlóirí ag obair sna hionaid sláinte sa ‘Ghaeltacht’ agus níl náire ar bith orthu fan easpa Gaeilg atá acu. In áit leithscéal a ghabháil agus dhul a cuardú duine le Gaeilge (de ghnáth níl a leithéid ar fáil), leanfaidh siad ar aghaidh ag labhairt i mbéarla leat. Agus is daoine iad seo a bhfuil cónaí orthu sa ‘Ghaeltacht’!! Go leor acu abhus anseo i dTír Chonaill a bhfuil ceangal teaghlaigh acu leis an ‘Ghaeltacht’ – trí phósadh nó trí thuismitheoirí a phill ‘na bhaile ó Albain nó ó Shasain agus gan focal Gaeilg labhartha acu lena gclann.

    I mo thuairimse, ní leor rannóg stáit don ‘Ghaeltacht’ ach tá rannóg náisiúnta don Ghaeilg a dhith. Ceann a shasann léi féin agus a bhfuil cosaint bunreachtúil aici nach dtig a athrú nó a chuir isteach le rannóg/ranna eile. Táim fosta den tuairim go mba cheart fo-rannóg Gaeilge bheith ag ACHAN rannóg agus eagraíocht stáit sa tír seo agus go mbeadh gréasánú idir na fo-ranna seo chun go mbeadh tacaíocht agus comhairle a roinnt eadarthu. Cuimhnigh go bhfuil gach seans ann nach mbeadh ach líon an-bheag daoine ag feidhmiú i bhfo-rannóg agus bheadh tacaíocht ó ranna eile de dhith orthu chun seasamh in éadan taoide an bhéarla.

  • S. Mac Muirí

    Tá an dúnghaois náisiúnta athréimnithe Gaeilge ar fad le fáil, i mbeagán focal, sa méid a scríobh Cordelia Nic Fhearraigh thuas sa mír dheiridh dar tús ‘i mo thuairimse’. Tá an méid a bhreac sí siosmaideach aguis infheidhmithe. Ba chóir an mhír sin féin a sheoladh thart chuig CnaG, chuig gach ceanneagraíocht Ghaeltachta, gach conlán polaitíochta 7 chuig gach polaiteoir neamhspleách 7 rialtas áitiúil 7 a dtuairim a lorg.
    Is caoithiúil a rá go mba chóir TG4 agus RnaG a dhealú le cumann gallda Dhomhnach Broc darb ainm RTÉ 7 iad a nascadh leis an nGréasán Gaeilge.

    Tá an córas gallda hse, rté, urchóid aka eircode, easbhaidh aistriúcháin 7 ateangaireachta Theach Laighean /Co Co Thír Chonaill / Co Co Chiarraí srl. ad infinitum, sa dá leathstát, as alt ar fad 7 caithfear a theacht rompu in ionad sinn a bheith ag iarraidh cneas a chur thar ghoimh achan darna lá den tseachtain.