‘I caught her…learnin’ Irish!’ – gearrscannán grinn nua faoin nGaeilge ó Linda Ervine

Féar plé do Linda Ervine as iarracht a dhéanamh an bhearna idir dearcadh dhá dhream ar an nGaeilge a chúngú ar bhealach barrúil nádúrtha

‘I caught her…learnin’ Irish!’ – gearrscannán grinn nua faoin nGaeilge ó Linda Ervine

What the Focal?
Scéal le Linda Ervine
Cóirithe ag Jonathan Burgess
Léirithe ag Blue Eagle Production i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin

Gearrscannán é What the Focal?ina dtugann beirt bhan mheánaosta as Béal Feirste faoin nGaeilge a fhoghlaim. Tá Maggie ‘bored’ agus dúshlán nua uaithi.

Níl aon ghean ag a fear céile, an Preispitéarach dílis Jimmy, ar aon rud a mbeadh boladh Poblachtánach air ach tá sé an-sásta go ngabhfadh a bhean chuig rang sa Lóiste le foghlaim faoi chultúr ársa uasal a mhuintire, a sheanathair cróga a shínigh Conradh na nOráisteach agus a throid ag an Somme.

Is ionann Gaeilge agus poblachtánachas i súile Jimmy agus tá sé cinnte gur iarchime a bheadh á múineadh agus á mealladh i dtreo na gluaiseachta. Is mian leis cluasa an naíonáin a dhúnadh ar ‘a stóirín mo chroí’ Mhamó.

De réir a chéile a léirítear dó go raibh an-bhaint ag na Preispitéaraigh leis an teanga ársa seo – ‘an sweet and memorable mother tongue’ – go bhfuil sí thart air agus gur ceileadh air í. Nuair a fhaigheann sé amach ó Dhaonáireamh 1911 go raibh Gaeilge ag a sheanmhuintir, athraíonn sé a phort.

Níor mhór mo ghean ar an asal de Jimmy fiú dá mba Ghaeilgeoir dílis é ach tugtar léiriú deas sa scannán ar an gceangal idir an Ghaeilge agus an Poblachtánachas i súile an dreama eile agus ar an mbearna atá le dúnadh más fúinn an ‘náisiún Gaelach’ a athaontú.

Féar plé do Linda Ervine (meas tú arb í féin an ‘wee protestant woman’ ar spéis léi an Ghaeilge!) as iarracht a dhéanamh an bhearna sin a chúngú ar bhealach barrúil nádúrtha.   

Dá mbeadh gach cath chomh héasca is a bhí cath Mhaggie!

Fág freagra ar '‘I caught her…learnin’ Irish!’ – gearrscannán grinn nua faoin nGaeilge ó Linda Ervine'

  • Seán Mac Gearailt

    Idir shúgradh is dháiríre.