I bhfad ón scríbhneoir an smaointeoireacht dhearfach!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: céard a dhéanfaimis feasta gan fuath, saint nó éadóchas?

I bhfad ón scríbhneoir an smaointeoireacht dhearfach!

Tá an ghráin shíoraí ag mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, ar an gcoincheap úd as na leabhair fhéinchabhrach ar a dtugtar ‘smaointeoireacht dhearfach’.

Tá dhá chúis ann, dar leis, nach n-oibríonn an modh smaointeoireachta sin.

Ar an gcéad dul síos, bíonn an duine a bhíonn ag iarraidh a bheith ag smaoineamh ‘go dearfach’ de shíor ar thóir smaointe diúltacha, d’fhonn iad sin a ruaigeadh amach as a cheann. Níl neart ag an duine air sin: sin é an chaoi a n-oibríonn an intinn. Ach an toradh a bhíonn ag an tsíorphóilíneacht smaointe sin ná go mbíonn an té a bhíonn ag iarraidh smaointe diúltacha a sheachaint céasta ag a leithéidí ar bhealach nach mbíonn an té nach mbíonn ag iarraidh iad a sheachaint. Don té a chreideann i soiscéal na smaointeoireacht dearfaí, ‘peaca’ a bhíonn i bpé smaoineamh diúltach a bhuaileann é, agus air féin a bhíonn an ‘milleán’ má bhíonn a leithéid aige. Rud, ar ndóigh, nach bhfuil go maith don fhéinmhuinín.

Ar an dara dul síos, léiríonn taighde eolaíoch go mbíonn sé níos deacra ar dhaoine a bhíonn tugtha don smaointeoireacht dhearfach spriocanna fadtréimhseacha a bhaint amach. An chúis? Toisc gur ar an sprioc a bhíonn a n-aigne dírithe, seachas ar an bpróiseas.

Mar dhuine, nílimse tugtha don smaointeoireacht dhearfach ach oiread. Go deimhin, dúnaim mo chluasa an nóiméad a chloisim an téarma sin ó bhéal duine, fios maith agam go gcuirfear comhairle fholamh agus fhadálach orm.

Ach mar scríbhneoir, ritheann sé liom go mbeadh sé oiread is dodhéanta scéal, dán nó dráma a scríobh nach mbeadh smaoineamh diúltach ann. Céard a dhéanfaimis feasta gan fuath, saint agus éadóchas (gan ach cuid de na comhábhair a lua nár chóir a bheith in easnamh i gcófra cistine an scríbhneora.)

Mar sin féin, agus saothar ficsin idir lámha agam, ní hannamh a bhím ag brionglóideach faoin gclú agus faoin gcáil a bheidh i ndán dom a luaithe is a bheidh an diabhal rud críochnaithe: léitheoirí ag déanamh scuaine do chóipeanna sínithe, léirmheasanna moltacha i nuachtáin agus irisí aitheanta, agallaimh ar chláracha cainte príomhama, aistriúcháin go Cóiréis, Maorais agus Gaeilge na hAlban… Duais Nobel, b’fhéidir.

An ceacht a bhain mise as rabhadh mo chara faoin smaointeoireacht dhearfach ná seo: díriú ar an sult a bhainim as barr feabhais a chur ar abairtí aonair, agus ar an sásamh a thugann radharc críochnaithe dom – seachas clú, cáil agus cinniúint a bheith idir dhá cheann na meá chuile chéim den bhealach.

Fág freagra ar 'I bhfad ón scríbhneoir an smaointeoireacht dhearfach!'