‘Hi, we’re here from TG4’ – ‘díomá’ ar Esslemont faoi léiritheoirí gan aon Ghaeilge acu

Dúirt Alan Esslemont ag ollchruinniú le léiritheoirí neamhspleácha inné go ‘gcuireann sé as’ dó go bhfuil criúnna Béarla á gcur amach ‘20 bliain ar aghaidh’ ó bhunú an stáisiúin

‘Hi, we’re here from TG4’ – ‘díomá’ ar Esslemont faoi léiritheoirí gan aon Ghaeilge acu

Tá díomá ar Ard-Stiúrthóir TG4 go bhfuil lucht déanta clár fós á gcur amach chun labhairt le cainteoirí líofa Gaeilge agus gan aon Ghaeilge acu.

Dúirt Alan Esslemont ag an ollchruinniú a bhí aige le léiritheoirí neamhspleácha i nGaillimh inné go “gcuireann sé as” dó go bhfuil criúnna Béarla á gcur amach chun dul ag obair i measc cainteoirí dúchais 20 bliain ó bunaíodh an stáisiún Gaeilge.

“Tar éis 20 bliain ba cheart go mbeadh níos mó comhlachtaí [léiriúcháin] a bhfuil an Ghaeilge mar chuid lárnach de chultúr an chomhlachta acu. Níor cheart go mbeifí fós ag cur criúnna le Béarla i mbun oibre le foinsí a bhfuil Gaeilge acu, agus iad ag teacht go dtí iad ag rá ‘Hi, we’re here from TG4’,” a dúirt sé.

Bhí an tArd-Stiúrthóir ag cur síos ar an gcóras nua coimisiúnaithe atá leagtha amach i straitéis nua an stáisiúin, a nochtadh den chéad uair ag an gcruinniú inné.

Beidh ar chomhlachtaí a bhuafaidh na “conarthaí ilbhliana”, conarthaí ollsoláthar a mhairfidh ceithre bliana, a d’fhógair Esslemont inné, a chruthú go bhfuil “polasaí agus cultúr” acu a léiríonn “meas ar an nGaeilge”.

Sular ceapadh ina Ard-Stiúrthóir ar an stáisiún Gaeilge é, chaith Esslemont ocht mbliana ag obair le BBC Alba agus thagair sé do chás an stáisiúin sin nuair a chuir léiritheoir amháin a imní in iúl dó inné faoin bpolasaí teanga.

Agus an cheist a cuireadh air i mBéarla á fhreagairt aige, dúirt an tArd-Stiúrthóir gur beag comhlacht léiriúcháin a raibh cainteoirí Gàidhlig fostaithe acu nuair a thosaigh BBC Alba agus gur lú fós a bhí ag feidhmiú trí Ghàidhlig, ach gur tháinig feabhas ar an scéal de réir a chéile.

“There were very few companies in Scotland who had Gàidhlig-speakers working for them when we started, but things changed. They made damn sure that every new hire was a Gaelic-speaker,” a dúirt sé.

Fág freagra ar '‘Hi, we’re here from TG4’ – ‘díomá’ ar Esslemont faoi léiritheoirí gan aon Ghaeilge acu'

  • Aontaím

    Cinneadh ceart. Nach bhfuil Gaeilge ag gach uile dhuine óg spleodrach cumasach anois, agus ní bheidh stró ar bith orthu.

  • Frainc Mac Cionnaith

    Iontach!

  • Séamus Ó Flaithbheartaigh

    Thugas an difear roimh TG4 agus BBC Alba (ar Freesat) faoi dearadh le fada fada, i gcion is gur minicí a fhéachaim ar chlár ar BBC Alba ná ar TG4. Is beag clár cheart Gaeilge a fheicim ar TG4 déanach sa tráthnóna, agus ní suim liom mórán cláracha spóirt nó ceol CW. Agus cuirtear daoine ag labhairt Ghaeilge os comhair muintir na tíre, páistí nach eol dóibh a mhalairt, nach bhfuil smacht acu ar bhunús na teangan, agus a thugann amach béarlagar leibideach. Ceapaim go ndéanfaidh Alan an beart!

  • Dónall

    Scéal maith é seo. Tá TG4 ag fás agus ag forbairt i gcónaí agus anois tá siad ag glacadh freagrachta as cur chun cinn na hearnála neamhspleáigh Gaeilge. Díreach an brú atá ag teastáil anois. Go mba fada buan TG4

  • Cluain Sceach

    An-mhaith. In fearr nod maith ná…

  • Neil McRae

    Duine gun nàire tha seo (Esslemont), rinn e masladh air na Gàidheil an Alba le chuid fo-thiotalan na mallachd.

    This man knows no shame, talking the talk of empowerment while in reality he deeply insulted Gaels in Scotland by saying we wanted to live in a “ghetto” when we protested about his compulsory English subtitling and programmes that were 90% English