‘Gur’ agus ‘gurb’– cathain a chuirtear an litir ‘b’ isteach?

 Uaireanta bíonn difríochtaí beaga idir an chaint agus an scríobh ó thaobh úsáid na litreach ‘b’...

‘Gur’ agus ‘gurb’– cathain a chuirtear an litir ‘b’ isteach?

Sa leagan is deireanaí den Chaighdeán Oifigiúil, moltar ‘gurb’ a scríobh roimh na focail ‘é’, ‘í’ agus ‘iad’ (CO 2017: 118; mír 7.2.2 (c) (iii)). ‘Claoninsint’ a thugtar ar an gcaint indíreach i ngramadach na Gaeilge; is í atá againn in abairtí mar ‘Dúirt Seán gurb iad is fearr’, nuair is iad na focail a chloistear ó bhéal Sheáin féin, ‘Is iad is fearr’.

Cé is moite d’abairtí dá leithéid sin, moltar i nGraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí ‘gurb’ a úsáid i leaganacha ar nós ‘Níl aon amhras ach gurb álainn an lá é’; ‘Is cosúil gurb annamh a tharlaíonn sé’; agus i roinnt leaganacha sioctha amhail ‘gurb áil leis’, ‘gurb acmhainn dóibh’ agus ‘gurb ionann iad’ (GGBC 1999: mír 14.66; mír 8.19).

Úsáidtear ‘gurb’ roimh an bhfocal ‘amhlaidh’ freisin, cé go mb’fhéidir gur ‘gurab’ a bhíodh ansin le ceart, i.e. modh foshuiteach na copaile seachas claoninsint na copaile. Is féidir an focal ‘eol’ a chur in aon ghrúpa le ‘áil’, ‘acmhainn’, agus ‘ionann’ (CO 2017: mír 7.2.2 (c) (iv)).

Eisceacht ar an ngnás ‘gurb é’, mar a mhínítear thuas é, is ea leithéid ‘gur é a thabhairt abhaile an rud ab fhearr’, nó ‘gur é a bhailiú a chreideann sí is fearr’ (GGBC 1999: mír 14.66). Is é an struchtúr atá i gceist ansiúd, ‘Gur x is ceart a dhéanamh’ seachas ‘Gurb é x is fearr’. Má fhilltear ar an mbunmhúnla, áfach, ‘Dúirt sé gurb iad is fearr’, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur ‘arb’ a bheidh ansin má leasaítear an abairt de bheagán i dtreo is gur féidir clásal coibhneasta indíreach a thabhairt isteach inti: ‘Tá ag éirí le foireann A, arb iad is fearr, na foirne eile a chur de dhroim seoil’.

Abairt í sin nach gcloisfí in iarthar na Mumhan, ach fillfidh mé ar Chúige Mumhan sa chéad alt eile. Maidir le ‘iad’ vs ‘í’, ní bhaineann sin le hábhar anseo. Go hachomair, mar sin, is féidir a rá go ndéarfaí leithéid ‘Sin é an fear arb eol dó an scéal’ i bhformhór na gcanúintí sa lá inniu, agus ‘Déarfainn gurb eol dó an scéal’ sa chaint indíreach.

Scéal níos casta a bhaineann le habairtí ar nós ‘Sin fear ar amadán é’, áit arbh fhearr le cuid mhaith cainteoirí dúchais as Cúige Chonnacht agus Cúige Uladh gan bacadh leis an ‘b’.  Feictear an abairt sin i roinnt leabhar gramadaí agus an litir ‘b’ idir lúibíní ann: ‘Sin fear ar(b) amadán é’. Drogall roimh an ‘b’ ar láimh amháin, ach géilleadh don ghramadach fhoirmeálta ar an láimh eile, is cúis leis na lúibíní sin, ní foláir.

Dá chiallmhaire mar mholadh é an ‘b’ a fhágáil ar lár, mar sin – faoi mar atá sa chaint thiar agus ó thuaidh – ní hé atá againn sa leagan is deireanaí den CO, áit a dtugtar an sampla ‘Is í sin an bhean arb iriseoir a deartháir’ (CO 2017: 123; mír 7.2.4). Fágann an méid sin gur dealraitheach go bhfuil an cheist gan fuascailt iomlán ó thaobh na haimsire láithrí de, agus go bhfuil contrárthacht bheag ann idir an chaint agus an scríobh.

Mar a dúirt mé i dtús an ailt, ‘clásal’ a thugtar ar chóras ‘ar(b)’, ‘claoninsint’ nó ‘caint indíreach’ a ghlaoitear ar chóras ‘gur(b)’. Má fhillimid ar chóras na claoninsinte agus ar an abairt ‘Déarfainn gurb eol dó an scéal’, is féidir linn a rá nach i gcónaí a chloítear leis an ‘b’ sa chás sin féin sa chaint bheo ach oiread, go háirithe i gCúige Chonnacht agus i gCúige Uladh. Sna bólaí sin, is minic a chloistear leaganacha mar ‘Dúirt sé gur iontach/olc an scéal é’ agus ‘Sílim gur ionann iad’.

Is léir, mar sin, beagán éagsúlachta a bheith sa teanga i dtaobh úsáid na litreach ‘b’ i dtaca leis na leaganacha ‘gur(b)’ agus ‘ar(b)’. Sa chéad alt eile, féachfaidh mé ar scéal Chúige Mumhan, cuirfidh mé na habairtí thuasluaite san aimsir chaite, agus tabharfaidh mé achoimre ar úsáid na litreach ‘b’ sa chaint agus sa scríobh araon, sna canúintí ar fad agus sna foinsí scríofa is mó a úsáidtear inniu. Críochnód ansin le focal nó dhó ar an gcopail san aimsir chaite agus san aimsir láithreach.

Fág freagra ar '‘Gur’ agus ‘gurb’– cathain a chuirtear an litir ‘b’ isteach?'

  • Seosaimhín Ní Bheaglaoich

    Cé chreidfeadh go bhféadfadh gramadach a bheith chomh suímiûil.
    Mo sheasamh ort a dhuine!