‘Guímid go bhfuil Shauna agus Robert taobh le taobh sna flaithis mar a bhí ar fhód a mbáis’

"Beidh scamall bróin ar ár gcroíthe go ceann blianta fada ach coinneoimid áit speisialta inár gcroíthe do Shauna, Bob agus an t-ochtar eile a d’imigh romhainn," a dúirt an tAthair John Joe Duffy

‘Guímid go bhfuil Shauna agus Robert taobh le taobh sna flaithis mar a bhí ar fhód a mbáis’

Ar an gCraoslach i gContae Dhún na nGall inniu a bhí an tsochraid dheireanach don deichniúr a maraíodh sa bpléasc thubaisteach a tharla ansin an tseachtain seo caite. Agus an tsochraid ag teacht óna dteach cónaithe i ngar do Shéipéal Naomh Micheál, shiúil a ndaoine muinteartha agus a gcairde i ndiaidh chónraí Shauna, 5 agus Robert Garwe, 50.

Tháinig clann agus gaolta Robert anall as a thír dhúchais, an tSiombáib, dá shochraid agus chuir an tAthair John Joe Duffy fáilte rompu ag an aifreann.

“Fáilte romhaibh go dtí an Craoslach, an áit a raibh Bob agus Shauna ina gcuid den phobal,” a dúirt an sagart leo.

Ar an aistear brónach sin chuig teach an phobail chuaigh an tsochraid thar Scoil Muire mar a raibh an cailín beag tosaithe sna naíonáin bheaga. Bhí garda onóra taobh amuigh den scoil ag múinteoirí agus daltaí na scoile. I dtionscal na tógála a bhí Robert ag obair ó bhog sé as Baile Átha Cliath go Tír Chonaill.

D’iompair a muintir na cónraí isteach i Séipéal Naomh Micheál. Maraíodh an t-athair agus an cailín beag i smionagar an tsiopa, áit a ndeachaigh siad tar éis na scoile chun cáca lae breithe a cheannach d’Áine, máthair Shauna.

In éineacht le pictiúir an teaghlaigh ar an altóir, leagadh an scútar agus an t-aonbheannach a raibh gean a croí ag Shauna bheag orthu.

Dúirt an sagart nach raibh aon “mheabhair” le baint as an tubaiste ná as bás a ndaoine muinteartha a d’fhág an pobal suaite agus faoi smúit bhróin.

“Guímid go bhfuil Robert agus Shauna taobh le taobh anois sna flaithis mar a bhíodar an lá sin sa siopa,” a dúirt an tAthair Duffy.

“Cailín beag aoibhinn cineálta a chuaigh i bhfeidhm ar gach duine a chas léi, í féin agus a hathair agus a máthair i gcónaí le chéile mar aonad beag.”

“Dá bhfeicfeadh Shauna leanbh eile sa rang a bhí suaite rithfeadh sí chucu agus thabharfadh barróg dóibh. B’aoibhinn léi an faisean, bróga lonracha agus cótaí gleoite. Seo cailín beag a thug cás breise léi leis an scáthán a chur ann ionas go mbeadh sí i gceart. Tréith a thug sí léi as Baile Átha Cliath agus an tSiombáib,” arsa an tAthair Duffy.

“Beidh scamall bróin ar ár gcroíthe agus an pobal seo i bpian go ceann blianta fada ach mothóimid teas na gréine ag éirí gach maidin agus coinneoimid áit speisialta inár gcroíthe do Shauna, Bob agus an t-ochtar eile a d’imigh romhainn. Beidh siad ag siúl inár dteannta go deo agus is sólás dúinn é sin.”

Rinne an tAthair Duffy comhbhrón le máthair Shauna, Áine, a chaill iníon agus páirtí sa tubaiste.

“A Áine, ba bhreá linn an phian a thógáil de do chroí inniu ach le grá mór tagann pian mhór. Tuigimid pian uafásach an lae inniu ach beidh Shauna agus Bob leat go deo, beidh siad i do theannta,” a dúirt an sagart.

D’fhreastail an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ar aifreann na marbh arís inniu.

Créamófar coirp Shauna agus Robert ag seirbhís teaghlaigh inniu.

Tá ciste fóirithinte bunaithe ag Cumann na Croise Deirge chun cuidiú le muintir na ndaoine a gortaíodh nó a maraíodh sa tubaiste agus tá €1 milliún sa chiste tar éis cúpla lá.

Tá na Conallaigh cheolmhara Máiréad Ní Mhaonaigh agus Máire Ní Bhraonáin agus a gclann chun amhrán leis na Beatles, In My Life a eisiúint agus rachaidh aon airgead a dhéanfar air sa gciste fóirithinte sin.

Sa Chraoslach ar an Mháirt a bhí sochraidí Jessica Gallagher, 24, agus Martin McGill, 49. Ar an gCéadaoin sa bhaile sin bhí Catherine O’Donnell, 39, agus a mac James Monaghan, 13.

Sna Doirí Beaga maidin Dé Céadaoin a bhí an tseirbhís do James O’Flaherty, 48.

Sa Chraoslach ar an Déardaoin a bhí sochraid Martina Martin, 49, a bhí ag obair sa siopa.

Inné dúradh ar an Chraoslach aifreann sochraide Hugh Kelly, 59, an duine is sine den deichniúr a maraíodh sa tubaiste.

Mheabhraigh an tAthair John Joe Duffy do phobal an Chraoslaigh an tseachtain seo cuidiú a lorg tráth a raibh daoine suaite agus faoi bhrón.

“Dea-ghuí agus tacaíocht ó dhaoine sa phobal seo, daoine lasmuigh den phobal agus daoine ar fud na cruinne a choinnigh ag imeacht muidne sna laethanta duairce seo. Mothú na bpaidreacha, na mbeannachtaí is an dea-ghuí sin atá ár n-iompar ar an aistear anacrach seo.

“Tá barróg sin na tíre ag teastáil uainn go fóill mar atá na paidreacha agus an cuidiú gairmiúil atá ar fáil dúinn.”

Fág freagra ar '‘Guímid go bhfuil Shauna agus Robert taobh le taobh sna flaithis mar a bhí ar fhód a mbáis’'

  • Kevin Ó Tuathaigh

    Ar dheis Dé go raibh a nanamacha díliseacha.