Grúpa feachtais tithíochta Gaeltachta le haghaidh a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa

An Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Kathleen Funchion a thug cuireadh d’ionadaithe ó Thinteán dul go dtí an Bhruiséil lena gcás a dhéanamh ansin

Grúpa feachtais tithíochta Gaeltachta le haghaidh a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa

Tá toscaireacht de chuid an ghrúpa feachtais Tinteán le haghaidh a thabhairt ar an mBruiséil níos deireanaí an mhí seo leis an ngéarchéim thithíochta sa Ghaeltacht agus na himpleachtaí teanga a bhaineann léi a phlé le feisirí de chuid Pharlaimint na hEorpa.

Is í an Feisire Eorpach de chuid Shinn Féin Kathleen Funchion, a toghadh i dtoghcheantar an Deiscirt anuraidh, a thug cuireadh d’ionadaithe ó Thinteán dul go dtí an Bhruiséil lena gcás a dhéanamh ansin. Beidh ionadaithe de chuid Tinteán ó Ghaillimh, ó Chiarraí, agus ó Dhún na nGall sa toscaireacht chomh maith le Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin.

Dúirt Funchion go bhfuil an ghéarchéim tithíochta san ceantair Ghaeltachta “ag cur brú ar chultúr bríomhar teanga, ceoil, damhsa agus scéalaíochta a tháinig slán tríd an nGorta Mór agus an Riail Choilíneach”.

Dúirt sí go bhfuil tithe saoire agus Airbnb ag ardú phraghsanna na dtithe sa Ghaeltacht agus go bhfuil “deacrachtaí a bhaineann le cead pleanála a fháil” ag brú mhuintir na Gaeltachta amach as an nGaeltacht.

“Caithfidh na húdaráis áitiúla agus an rialtas aghaidh a thabhairt ar an gcothromaíocht idir turasóireacht inbhuanaithe agus cearta na saoránach a chosaint.

“Chomh maith leis seo, tá sé tábhachtach go nglacfaidh na húdaráis áitiúla agus an rialtas ról láidir chun cinntiú go gcoinneoidh ár bPobal Gaeltachta an stair agus an oidhreacht a bhaineann leo. Ba mhór an náire a bheadh ann dá ligfí dár réigiúin Ghaeltachta imeacht uainn,” a dúirt sí.

Tabharfar cuireadh do gach feisire parlaiminte de chuid na hÉireann casadh leis an toscaireacht agus tá cruinnithe eagraithe le Christophe Hansen, Coimisinéir na hEorpa don Fhorbairt Réigiúnach, agus le stiúrthóir na heagraíochta ELEN, Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa. Ní bheidh an toscaireacht ag labhairt os comhair na parlaiminte féin ná aon choiste dá cuid le linn na cuairte.

Seoladh an eagraíocht Tinteán ag Oireachtas na Samhna 2024 mar fheachtas náisiúnta ar son na tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Tá siad i mbun stocaireachta ó shin, i gcomhar leis an ngrúpa Bánú agus grúpaí eile.

Ar cheann de na héilimh is mó atá ag Tinteán ná go dtabharfaí “cumhacht shoiléir” d’Údarás na Gaeltachta dul ag plé le cúrsaí tithíochta agus go gcuirfí acmhainní ar fáil dóibh chun rannóg tithíochta a bhunú agus talamh a cheannach sa Ghaeltacht ar a bhféadfaí suíomhanna a réiteach do chainteoirí Gaeilge.

Beidh an chuairt ar siúl Dé Céadaoin, an 26 Márta agus beidh na Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell agus Conor McGuinness i láthair sa Bhruiséil freisin.

Fág freagra ar 'Grúpa feachtais tithíochta Gaeltachta le haghaidh a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa'

  • An Teanga Bheo

    Maith sibh aít conaí do chuile dhuine hut beag bideach

  • WTF

    Treise agus tréine leo mar ghrúpa.
    Dá mba ainmhí, feithid nó planda i nguais chinniúnach í an Ghaeilge gheobhaidís éisteacht i hallaí na cumhachta láithreach agus ar bhonn práinne.
    Agus is túisce a thabharfar cluais dóibh ansin thall ná abhus ar thír ‘iathghlas’ na hÉireann.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Bheinn ag moladh athchóiriú a dhéanamh ar thithe tréigthe sula ndéantar suíomhanna úra a réiteach. Tá’n ghaeltacht dubh leo.

  • Siún

    Seo scéal ón Bheilg a bhaineann go dlúth le h-iarrachtaí Bánú/Tinteán
    Chun teanga na Pléimeannaise a chosaint i bhFlóndras tá dualgas faoin dlí ar eagraíochtaí tithíochta sóisialta i bhFlóndras go mbeidh cumas A2 sa Phléimeannais ag a gcuid tionóntaí sul a gcuirtear teach nó árasán ar fáil dóibh . Ó 2027 beidh B1 ag teastáil.
    https://www.belganewsagency.eu/flemish-government-tightens-language-requirements-for-social-housing-tenants
    Toisc praghas tithíochta a bheith comh hard sin sa Ghaeltacht is tithíocht shóisialta an t-aon rogha a bheidh ag go leor. Cén coinníol teanga a bheidh i gceist sa Ghaeltacht maidir le h-eagraíochta tithíocht shóisialta de? Ní mór an cheist chonspóideach sin a chíoradh go mion i ndíospóireacht phoiblí.
    An bhfuil an tuiscint sin maidir le cúrsa cosanta teanga ag Údarás na Gaeltachta mar shampla? Is líon na jobanna an rud is tábhachataí dóibh siúd agus ionaid oibre sa Ghaeltacht atá lán le Béarlóirí a mhaoiniú acu faoi láthair.

  • An Teanga heo

    Saor ghluaiseacht lastigh sa Aontas Europach ? nach shea