An lá cheana, ionas go ligfeadh an maorlathas dom leanúint ar aghaidh ag saothrú mo choda mar scríbhneoir, bhí orm clárú mar ‘thrádálaí aonair’ leis an gcumann tráchtála (gach tír agus a rialacha aisteacha féin).
Fearacht chuile scríbhneoir, cheapfainn, tá an ghráin dhearg agam ar an téip dhearg, ní hamháin sin ach cuireann cúrsaí cánach agus gach a mbaineann leo dubheagla i mo chroí. (Is iomaí scríbhneoir a raibh post lae acu mar mhúinteoir, mar dhochtúir (Chekhov) nó fiú amháin mar spiaire (John Le Carré) ach níor chuala mé riamh faoi scríbhneoir a raibh post lae aige mar chuntasóir.)
Bhí mo chroí i mo bhéal mar sin agus aghaidh á tabhairt agam ar oifig an chumann tráchtála, chuile dheacracht a d’fhéadfadh a bheith i ndán dom mar dhuine a chleachtann gnó rud beag as an ngnáth á samhlú i m’aigne agam.
Ach cé a bhí romham in oifig an chumann tráchtála ach bean óg ghealgháireach, péire jíons agus t-léine uirthi seachas an chulaith threabhsair liath a shamhlaigh mé roimh ré.
Bhí an córas ar a ríomhaire ag iarraidh uirthi a fháil amach uaim céard é mo phríomhghnó, an cholúnaíocht nó an scríbhneoireacht ficsin.
‘Bhuel, an bhfuil tú ag iarraidh fáil amach cé acu sin is mó a gcaithim mo chuid ama ina bun nó cé acu is mó a thugann isteach an t-airgead?’ a d’fhiafraigh mé.
‘Is dóigh liom gur féidir liom an freagra a thomhas,’ a d’fhreagair sí agus líon isteach ‘colúnaíocht’ mar phríomhghnó.
Lean muid orainn ag freagairt na gceisteanna ar a scáileán ar an gcaoi sin, spéis á léiriú aici i gceird na scríbhneoireachta síos tríd, agus nuair a bhí na foirmeacha ar fad líonta isteach agus sínithe d’fhiafraigh sí díom: ‘Cé hiad na teidil de do chuid ar chóir dom dul ar a dtóir sa siopa leabhar mar sin?’
Baineadh stangadh asam, ní hamháin toisc nach raibh mé ag súil lena leithéid de cheist ar chor ar bith ó dhuine a bhain leis an téip dhearg úd a chothaíonn an oiread sin imní i gcroí mo leithéidí, ach toisc go raibh orm teideal an úrscéil ar chaith mé seacht mbliana ina bhun a rá os ard anois.
‘Fear a rachfá síos ar do dhá ghlúin roimhe,’ a d’fhreagair mé, iarracht á déanamh agam gan mo chuid focal a mhungailt. Dúirt sí arís i mo dhiaidh é, féachaint ar chuala sí i gceart é, agus las a haghaidh le rud éigin a mhothaigh mé ag lasadh m’aghaidhe féin freisin – ní náire go díreach ach tuiscint ar an mbunfhíric go mbaineann an ficsean le cúrsaí an chroí agus go deimhin na colainne, agus go raibh sé aisteach a leithéidí a phlé le strainséir, in oifig lom, leamh.
Ní dheachaigh muid isteach sa scéal tuilleadh. Níor mhínigh mise di go bhfuil teideal m’úrscéil débhríoch d’aon ghnó agus gur fear, seachas bean, a théann síos ar a ghlúine roimh an bhfear ann. Ghuigh sise gach rath orm i mo shlí bheatha mar scríbhneoir agus ba é sin sin, amach liom ar thóir cupán caife.
Agus an caife sin á ól agam rith sé liom go raibh dhá cheacht le foghlaim as an eachtra sin in oifig an chumann tráchtála.
- Ná ceap nach gcuirfeadh daoine a bhaineann leis ‘an maorlathas’ (nó go deimhin daoine a mbeadh postanna eile acu nach samhlófá le léitheoireacht leabhar) spéis i gcúrsaí litríochta. Fearacht scríbhneoirí, is iomaí post lae a bhíonn ag léitheoirí, agus rith sé liom gur chóir dom a bheith níos cúramaí le mo chuid réamhchlaonta i gcoitinne.
- Teideal maith a bhí sa teideal a thug mé ar m’úrscéal. Ní hé chuile fhoilsitheoir a d’aontódh liom – táthar ann a deir nach mbíonn rath díolacháin ar theidil a chothaíonn mothúcháin chasta nó dhiúltacha. Míchompord an mothúchán a mhúscail teideal mo leabharsa nuair a bhí orm é a rá os ard, ní hamháin sa duine a bhí os mo chomhair ach ionam féin, ach rith sé liom gurbh fhéidir gurb é sin ceann de na príomhjabanna atá ag an litríocht: míchompord a chothú, agus a mheabhrú dúinn nach mar a shíltear a bhítear, nach bhfuil chuile shórt mar ba chóir dó a bheith agus nach féidir ord agus eagar a chur ar chúrsaí an chroí agus na colainne mar a chuirfeá, mar shampla, ar chúrsaí cánach.
Fág freagra ar 'Gruanna dearga in oifig an chumann tráchtála'