‘Grindr, Saghdar agus Cher’ ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

Seó ilmheán é ‘Grindr, Saghdar agus Cher’ atá á chur i láthair ag an gcompántas Fíbín sa Taibhdhearc

‘Grindr, Saghdar agus Cher’ ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe

Beidh deis ag muintir Chonamara dráma Gaeilge a fheiceáil i Seanscoil Sailearna i gCois Fharraige anocht agus san oíche amárach, an 17/18 Iúil. Beidh cúig léiriú eile den dráma ar siúl sa Taibhdhearc i gcathair na Gaillimhe ón 25-29 Iúil le linn Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe.

Seó ilmheán é ‘Grindr, Saghdar agus Cher’ atá á chur i láthair ag an gcompántas Fíbín sa Taibhdhearc. Léiríodh an dráma roimhe seo ag an Oireachtas, ag Féile Amharclainne Bhaile Átha Cliath agus ag Féile IMRAM agus bhí an-tóir air.

LÉIRMHEAS: Fíor-eispéireas amharclainne ó AerachAiteachGaelach a ardaíonn an croí

Dráma lán fuinnimh a chuirfeas ag smaoineamh thú faoi na féidearthachtaí, na dúshláin agus na dainséir a bhíonn le láimhseáil ag an duine óg LADTA+ sa tír seo sa lá inniu. An bhfuil muid chomh tuisceanach agus chomh hoscailte agus a cheapaimid, ceann de na ceisteanna a spreagann an léiriú seo.

Scéal faoi thriúr an dráma uair an chloig seo a léiríonn an caidreamh a bhíonn ag daoine LADTA+ leis an bpobal aiteach. Tarlaíonn eachtraí uile an dráma san aon oíche amháin agus léirítear go breá dúinn nach ionann dearcadh ar an saol a bhíonn ag gach duine sa phobal LADTA.

Triúr a scríobh an dráma Grindr, Saghdar agus Cher – Ciara Ní É, Sam Ó Fearraigh agus Eoin McEvoy agus is é Stephen Darcy an stiúrthóir agus Margaret Lonergen a rinne na léaráidí a fheicfear le linn an dráma. Is féidir ticéad €20 a chur in áirithe anseo.

Tá léirmheas Tuairisc le Pat Butler ar an dráma anseo.

Fág freagra ar '‘Grindr, Saghdar agus Cher’ ag Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe'