EURO 2016: An gaiscíoch Griezmann ag gríosadh na nGallach

Imreofar cluiche ceannais EURO 2016 anocht idir an Fhrainc agus an Phortaingéil agus tá ár comhfhreagraí den tuairim gurb iad an fhoireann baile a thabharfaidh an chraobh leo

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

France Portugal

Tar éis 31 lá agus 51 cluiche, ní fágtha ach an Fhrainc agus an Phortaingéil atá ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais EURO 2016 anocht i  bPáras .

go raibh súil ag daoine go mbeadh comórtas maith ag an bhfoireann bhaile, is beag a shíl go rachadh an Phortaingéil chomh fada seo sa chomórtas fiú agus Cristiano Ronaldo mar cheannaire acu.

Níor chuir siad lena gclú i rith bhabhta na ngrúpaí, nuair a theip orthu an ceann is fearr a fháil ar an Íoslainn, an Ostair agus an Ungáir. Níor tháinig mórán feabhais orthu ina dhiaidh sin ach an oiread agus bhí am breise ag teastáil sular chuir siad  an Chróit de dhroim seoil agus bhí gá le ciceanna éirice sa chluiche in aghaidh na Polainne.

É sin ráite, ní féidir iad a chur as an áireamh agus Ronaldo ar an bhfoireann acu. Cé nach raibh fear Real Madrid i mbarr a mhaitheasa in aon chluiche go dtí seo sa chomórtas, tá an Phortaingéil á spreagadh chun gaisce aige.

Ba é a scóráil dhá chúl in aghaidh na hUngáire nuair a bhí a lethéid ag teastáil chun na foirne a chur ar comhtharrac agus an Phortaingéil a sheoladh chuig an dara babhta. Ansin, sa chluiche leathcheannais in aghaidh na Breataine Bige, ba é Ronaldo arís a scóráil an chéad chúl tábhachtach sin agus a chruthaigh an deis do Nani an dara ceann a aimsiú.

Ar an drochuair, seachas Ronaldo féin, níl mórán imreoirí eile ag an bPortaingéil gur féidir  brath orthu. Comhartha de laige na Portaingéile é gurb é Renato Sanches, fear nach bhfuil ach 18 mbliana agus nár thosaigh cluiche dóibh roimh an gcomórtas, an t-imreoir is mó acu a chuaigh i bhfeidhm ar an gcomórtas.

Bhí Pepe ar fheabhas dóibh go dtí seo sa chomórtas ach chaill sé an cluiche leathcheannais de bharr a ghortaithe agus níltear cinnte go fóill an mbeidh sé sách aclaí chun dul chun páirce anocht.

Ar an láimh eile, níl aon amhras ach go raibh an Fhrainc ar cheann de na foirne ba láidre a bhí sa chomórtas. Is é Antoine Griezmann rogha na coitiantachta d’imreoir an chomórtais agus sé chúl scóráilte aige go dtí seo.

Ba é a scóráil na cúil a dhíbir an Ghearmáin as an gcraobh Déardaoin seo caite, díreach mar a rinne sé i gcoinne na hÉireann sa dara babhta. An uair dheireanach gur reáchtáladh Craobh na hEorpa sa Fhrainc, ba é Michel Platini lóchrann na bhFrancach. Daimsigh Platini naoi gcúl le linn chomórtas na bliana sin. Nár dheas le muintir na Fraince dá ndéanfadh Griezmann a mhacasamhail de ghaisce.

 tacaíocht láidir aige ó leithéidí Dmitri Payet, a bhí ar fheabhas i mbabhta na ngrúpaí, Paul Pogba, Laurent Koscielny agus Hugo Lloris.

an Phortaingéil ag cuardach ábhar inspioráide éigin, ní haon mhaith dóibh féachaint siar ar an stair. As na deich gcluiche is deireanaí atá imeartha ag an bhFrainc agus an Phortaingéil in aghaidh a chéile, tá gach ceann acu buaite ag an bhFrainc, cluichí leathcheannais na hEorpa 1984 agus 2000 san áireamh.

Gach seans gur 11 cluiche gan bhua a bheidh ann don Phortaingéil nuair a thiocfaidh deireadh le cluiche na hoíche anocht.

Rogha Tuairisc.ie: An Fhrainc

Fág freagra ar 'EURO 2016: An gaiscíoch Griezmann ag gríosadh na nGallach'

  • Mícheál

    Oooops, a Phádraic! Súil agam nár chuiris do thig i ngeall ar an toradh sin!!!