Gradam ‘Leabhar Neamhfhicsin na Bliana’ buaite ag ‘Motherfoclóir’

Tá an gradam don leabhar neamhfhicsin is fearr buaite ag leabhar faoin nGaeilge le Darach Ó Séaghdha

Gradam ‘Leabhar Neamhfhicsin na Bliana’ buaite ag ‘Motherfoclóir’

Tá an gradam don leabhar neamhfhicsin is fearr buaite ag Motherfoclóir le Darach Ó Séaghdha ag Gradaim Leabhar na hÉireann 2017.

Tháinig Ó Séaghdha chun cinn ar dtús mar reachtaire an chuntais Twitter @theirishfor, cuntas a roinneann focal agus frásaí i nGaeilge lena lucht leanta.

Mheall sé na mílte chuig an gcuntas agus bheartaigh an leabhar Motherfoclóir a scríobh de bharr an éilimh mhóir a bhí ar a chuid giolcaireachta.

Is éard atá sa leabhar ná cur síos ar thaithí an údair ar an nGaeilge. Labhraíodh sé Gaeilge sa bhaile agus d’fhoghlaim sé ar scoil í, ach ina dhiaidh sin chaill sé spéis inti ar feadh roinnt blianta. Thosaigh sé ag foghlaim na teanga an athuair i ndiaidh bhás a athar.

Tugtar lear mór focal agus frásaí don fhoghlaimeoir sa leabhar freisin agus pléitear ceisteanna éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge in Éirinn an lae inniu.

Chuir Ó Séaghdha tús leis an bpodchraoladh ‘Motherfoclóir’ ar an líonra podchraoltaí Headstuff níos luaithe i mbliana freisin agus pléitear ceisteanna a bhaineann leis an nGaeilge le haíonna éagsúla uair sa tseachtain ann.

Bronntar Gradaim Leabhar na hÉireann, ar thug Bord Gáis urraíocht dóibh i mbliana, ar leabhair a foilsíodh in Éirinn nó a scríobh údair Éireannacha.

Ainmníodh saothar Uí Shéaghdha in éineacht le Wikibeaks le Dustin the Turkey, The M Word le Maia Dunphy, Why Can’t Everything Just Stay the Same? le Stefanie Preissner, Owning it: Your Bullsh*t-Free Guide to Living With Anxiety le Caroline Foran agus Everything le Vogue Williams.

Ghabh Ó Séaghdha buíochas lena lucht leanta ar Twitter i ndiaidh dó an gradam a bhuachan agus dúirt gur airigh sé gur acu uilig a bhí an bua.

Fág freagra ar 'Gradam ‘Leabhar Neamhfhicsin na Bliana’ buaite ag ‘Motherfoclóir’'