Gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ Irish Book Awards An Post buaite ag Eoghan Mac Giolla Bhríde

Tá an cnuasach gearrscéalta Cnámh (Éabhlóid) ar an gcéad mhórshaothar ó pheann Eoghain Mhic Giolla Bríde, scríbhneoir, foilsitheoir agus aisteoir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall

Gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ Irish Book Awards An Post buaite ag Eoghan Mac Giolla Bhríde

Tá an gradam do ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ buaite ag Cnámh le Eoghan Mac Giolla Bhríde ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards, a fógraíodh i mBaile Átha Cliath anocht.

Tá an cnuasach gearrscéalta Cnámh (Éabhlóid) ar an gcéad mhórshaothar ó pheann Mhic Giolla Bríde, scríbhneoir, foilsitheoir agus aisteoir as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall. Dúirt sé Eoghan Mac Giolla Bhríde go raibh sé “iontach tógtha” faoin duais agus go raibh sé sásta go háirithe gur éirigh leis an beart a dhéanamh le cnuasach gearrscéalta.

“Is deas an smaoineamh é go rachaidh an scéala amach faoin leabhar bheag seo anois, a chuir mé oiread de mo chroí isteach ann agus go bhfaighidh sé baile i measc léitheorí nach gcluinfeadh faoi gan an t-ardán seo a bheith aige. Go raibh míle maith agaibh.”

Bhí Cnámh i measc na saothair a roghnaigh Tuairisc.ie mar Leabhair na Bliana 2019.

Dúirt ár léirmheastóir, Dónall Ó Braonáin gur “geall le radhairc scannánaíochta an chuid is cumasaí den scagadh a dhéantar ar charachtair agus suímh” i Cnámh.

“Cuirtear meascán stíleanna inár láthair freisin, cuid de na scéalta sa gcéad phearsa agus cuid eile i bhfuarchúis thuairisciúil an tríú pearsa ach tá an dea-scríbhneoireacht iontu ar fad,” a dúirt sé.

Agus an cnuasach á léirmheas ar an iris Comhar aige mhol Antain Mac Lochlainn na “abairtí ealaíonta seolta” agus “friotal saibhir” ann chomh maith le “dáimh” Mhic Giolla Bhríde “leis na daoine lochtacha leochaileacha a chuireann sé inár láthair”.

“Ní ghéilltear i scéal ar bith don chasadh chliste ná don deireadh drámatúil. Fágann na carachtair an stáitse agus téann an saol ar aghaidh. Faoin léitheoir atá sé a rogha brí a bhaint as,” a dúirt Antain Mac Lochlainn.

Sé leabhar Gaeilge a bhí san iomaíocht ag Irish Book Awards na bliana seo.

Seo an tríú bliain rannóg ar leith don Ghaeilge a bheith ag na gradaim agus í urraithe ag LoveLeabharGaeilge, feachtas a chuireann leabhair nuafhoilsithe chun cinn.

Is iad na leabhair eile a ainmníodh do dhuais na bliana seo ná Múscail a Ghiorria (Arlen House) le Eithne Ní Ghallchobhair; An Diabhal Déanta (Cló Iar-Chonnacht) le Joe Steve Ó Neachtain; Cur i gCéill le Celia de Fréine (LeabhairCOMHAR); Bealach na Spáinneach le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac) agus Éadaoin le Diarmuid Johnson (Leabhar Breac).

Fág freagra ar 'Gradam ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ Irish Book Awards An Post buaite ag Eoghan Mac Giolla Bhríde'

  • Mícheál Ó Ruairc

    Ardfhear, a Eoghain. Tréaslaím do mhórghradam leat. É tuillte go maith agat freisin.

  • Pádraig Rua Ó Baoill

    Comhghairdeas leat a Eoghain. Beir Bua go deo!