Cé go bhfuil cinneadh déanta ag Damien Rice gan imirt d’fhoireann na hÉireann arís, tá sé fógartha ag an FAI tráthnóna gur air a bhronnfar gradam ‘Imreoir Óg na Bliana’.
Deir an FAI nach mbeidh Rice i láthair ag an ócáid bhronnta i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo ach go mbronnfar an gradam air in ainneoin cinneadh a bheith déanta aige gan imirt d’Éirinn arís.
An mhí seo caite, d’fhógair Rice, a rugadh i Londain, go raibh sé ag iarraidh imirt d’fhoireann Shasana as seo amach, cé gur imir fear óg West Ham trí chluiche dúshláin d’Éirinn in 2018.
Buille mór a bhí ina chinneadh don FAI agus do bhainisteoir nua na hÉireann, Mick McCarthy mar tá Rice aitheanta mar dhuine de na himreoirí óga is cumasaí atá ag imirt i bPríomhroinn Shasana faoi láthair.
Deir an FAI go gcloífidh siad le cinneadh Chumann Scríbhneoirí Sacair na hÉireann gradam Imreoir Óg na Bliana a bhronnadh ar Rice mar go raibh sé fós incháilithe imirt d’Éirinn nuair a thug siad faoin bpróiseas vótála.
Beidh Gradaim Idirnáisiúnta FAI ann Dé Domhnaigh agus déanfaidh RTÉ2 craoladh beo ar an ócáid ó 8.30pm ar aghaidh.
Fág freagra ar 'Gradam Imreoir Óg Éireannach na Bliana le bronnadh ar Declan Rice, ach ní bheidh fáil air chun glacadh leis…'