Gothaí nirt an DUP agus iad ag diúltú don AE

D’fhéadfaí guagacht a chothú sa bhFeidhmeannas dá ndiúltódh an DUP as éadan do gach treoir nua ón mBruiséil

Gothaí nirt an DUP agus iad ag diúltú don AE

‘Féach go raibh an ceart againn’. Fuair muid an chumhacht chun srian a chur ar reachtanna ón Aontas Eorpach má thograíonn sinn.’ B’in é brí na teachtaireachta ón DUP nuair a vótáil siad in Stormont chun an t-eiteachas a thabhairt do rialacha nua ón Aontas Eorpach.

Comhtharlúint ab ea é ach ba thráthúil mar a bhí deis acu léiriú nirt a chur ar siúl san Tionól in Stormont Dé Máirt. Tháinig sé sna sála ar fhógra an TUV agus Reform UK go rithfeadh siad iarrthóirí i gcomhar le chéile in aghaidh an DUP in olltoghchán Westminster i mbliana. Rinneadh an margadh toghcháin chun seans a thabhairt d’aontachtaithe vótáil i gcoinne na teorann i Muir Éireann, a dúirt Jim Allister agus Richard Tice, ceannairí an dá mhionpháirtí a dteastaíonn ‘fíorBhreatimeacht’ uathu.

Iontas mór a bheadh ann dá n-éireodh le hiarrthóir ón gcomhghuaillíocht sin suíochán a bhaint. Sna blianta ó d’fhág Jim Allister an DUP i ngeall ar roinnt na cumhachta le Sinn Féin tá teipthe ar an TUV i dtoghcháin Westminster agus níl acu san Tionól ach Allister é féin. Tá feisire amháin ag Reform UK i Sasana, Lee Anderson, a d’imigh chucu ó na Tóraithe an mhí seo; bhí sé san Lucht Oibre roimhe sin.

Ni hé sin le rá nach ndéanfadh siad dochar don DUP. Bhí móramh Gavin Robinson, leascheannaire an DUP in oirthear Bhéal Feirste, níos lú ná an vóta a fuair TUV i dtoghchán an Tionóil. D’fhéadfadh Alliance an suíochán sin a bhaint. I nGleann an Lagáin rinne Alliance creimeadh mór ar mhóramh Jeffrey Donaldson san olltoghchán deiridh. D’fhéadfadh iarrthóir TUV dochar mór a dhéanamh ansin freisin, cé nach bhfuil sé soiléir fós an seasfaidh Donaldson arís. Bheadh brú ar an DUP freisin in Aontroim Theas, seans agus i Loch Cuan.

Shéan TUV/Reform UK go mbeadh an vóta aontachtach á scoilteadh acu, toisc, arsa Ben Habib, leascheannaire Reform, nach páirtí aontachtach é an DUP a thuilleadh ó ghlac siad le briseadh an aontais nuair a ghlac siad le Creat Windsor. Ta súil ag roinnt san TUV go gcuirfidh bagairt na hiomaíochta san olltoghchán brú ar an DUP siúl amach as Stormont. Go dtí seo bhí an chóir le Donaldson, móramh de vótóirí an DUP agus i measc aontachtaithe fré chéile ag léiriú i bpobalbhreitheanna gur thacaigh siad leis an gcinneadh filleadh ar Stormont.

An mbeidh an tacaíocht sin buan? Braithfidh sé ar chumas Stormont chun fóint ar an bpobal seachas Creat Windsor is cosúil. Ach is léir go dteastaíonn ón DUP an ghoimh a bhaint as cáineadh Allister. B’in é a bhí ar siúl leis an bhfreasúra do rún infheidhmeachta maidir le reacht nua ón AE faoi Threoir Eorpach maidir le sonraí geografacha.

Séard a bhí i gceist leis an dlí nua seo go mbeadh cosaint ag earraí ceardaíochta agus déantúsaíochta a bhfuil ainm áite luaite leo, potadóireacht, cuir i gcás, cosaint mar atá ag gloine Murano, abair. Maíonn an DUP go gcuirfeadh sé seo isteach ar thrádáil idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann. D’uireasa vótaí an DUP agus an UUP diúltaíodh don dlí ó tá tacaíocht trasphobail riachtanach chun glacadh le treoir nua ón Aontas Eorpach.

Thug Jeffrey Donaldson leide sular fhill sé ar Stormont go mbeadh deis ag aontachtaithe chun dlí Eorpach a scrúdú in Stormont agus an t-eiteachas a thabhairt dó. Cóiréagrafaíocht leis an rialtas chun an cás le filleadh ar Stormont a neartú.

Dá ndiúltódh an Tionól do reacht nua ón AE bheadh an t-údarás ag rialtas na Breataine chun veto a úsáid.  Ní léir go mbainfidh rialtas na Breataine leas as an veto agus deir meamram dá gcuid nach gcuirfeadh an chosaint isteach ar mhórán táirgí. Bheadh cead ag an Aontas Eorpach gníomhú in aghaidh an veto sin mar gur shárú ar an bprótacal iarBhreatimeachta a bheadh ann. Bheadh sé mhí ag an gcomhchoiste AE/RA chun leasuithe agus comhghéilleadh a phlé.

Deir an freasúra oifigiúil in Stormont, an SDLP, gur geáitsíocht atá ar siúl ag an DUP. Dar le Matthew O’Toole, chuideodh an chosaint le leithéidí potadóirí Bhéal Leice, táirgeadh línéadach Ghleann an Lagáin, déantóirí bréidín  agus táirgeoirí eile a mbeadh cosaint uathu.

Beidh le feiceáil an mbeidh an DUP ag diúltú do gach athrú ón AE a chuirfear faoi bhráid an Tionóil. D’fhéadfaí guagacht a chothú sa bhFeidhmeannas dá ndiúltódh an DUP as éadan do gach treoir nua ón mBruiséil.

Ní hionann an cás seo agus leasuithe ar dhlíthe Eorpacha a bhféadfaí Coscán Stormont a úsáid ina gcoinne. Cás eisceachtúil gan mórthábhacht é seo ach thug sé deis don DUP aghaidh a thabhairt ar lucht a gcáinte.

Fág freagra ar 'Gothaí nirt an DUP agus iad ag diúltú don AE'