Níor cheart go mbeadh aon fhadhb ag foireann sacair na hÉireann an ceann is fearr a fháil ar an Mholdóiv anocht ach ní minic a bhíonn rudaí chomh simplí sin d’fhoireann Martin O’Neill. Níl cluiche i nGrúpa D buaite go fóill ag an bhfoireann ó Oirthear na hEorpa sa chomórtas cáilithe ach níl siad go hiomlán gan mhaith.
Go deimhin, cé gur bhuaigh na hÉireannaigh an cluiche idir na foirne seo an t-am seo anuraidh 3-1, thug na Moldóvaigh neart le déanamh d’fhir na hÉireann, go háirithe ag tús an dara leath.
Ba iad cúil James McClean a chinntigh an bua d’fhoireann na hÉireann i Chișinău ach ní bheidh imreoir West Brom, príomhscórálaí na hÉireann sa chomórtas cáilithe seo, ar fáil i Staid Aviva anocht toisc é a bheith ar fionraí. Gortaithe atá Jonathan Walters, fear eile a bhfuil cúil thábhachtacha scóráilte aige d’Éirinn, agus ní bheidh sé ar fáil ach an oiread do chluiche na hoíche anocht, ná do chluiche an Luain i gcoinne na Breataine Bige.
Bíonn deacrachtaí ag Éirinn cúil a aimsiú fiú agus an bheirt sin ag imirt ach ó tharla na himreoirí sin a bheith ar iarraidh anois, níor mhór d’imreoirí nua teacht chun cinn chun an bhearna sin a líonadh. Agus é á roghnú ag Southampton arís, tá sé beagnach cinnte go dtosóidh Shane Long anocht ach ní fios cé eile a bheidh ag imirt leis, más ag imirt ón tús a bheidh siad nó ag teacht isteach mar ionadaithe.
Tá triúr tosaithe nua tugtha isteach sa scuad ag O’Neill, sin iad Scott Hogan, Seán Maguire agus Aiden O’Brien ach is é Daryl Murphy, fear nach bhfuil ach cúl amháin scóráilte aige d’Éirinn, is mó a bhfuil cúil aimsithe aige dá chlub an séasúr seo. Bíonn O’Neill drogallach deiseanna a thabhairt d’imreoirí nua i gcluichí tábhachtacha agus, mar sin, tá sé deacair a rá an bhfeicfidh muid mórán de na fir nua.
Ceist eile ná cé a roghnóidh O’Neill i lár na páirce. Cé gur ghlac James McCarthy páirt i dtraenáil na seachtaine seo, tá amhras fós ann an mbeidh sé ar fáil don chluiche anocht. Gach seans, mar sin, go dtabharfaidh O’Neill tuilleadh ama dó agus súil aige ar chluiche mór an Luain.
Pé foireann a roghnaíonn sé, ba cheart go mbeadh a ndóthain acu chun an Mholdóiv a shárú, go háirithe sa bhaile, ach thabharfadh taispeántas maith spreagadh do na himreoirí agus don lucht tacaíochta roimh dhúshláin na Breataine Bige Dé Luain. Tá a leithéid ag teastáil.
Fág freagra ar 'Gortuithe ag cur as d’Éirinn agus taispeántas láidir ag teastáil'