Go raibh oíche go maidin ag na gradaim Oscar ag Andrei Petrovich Zvyagintsev agus Martin Johnny Mhichael Choilm

Scéinséir póilíní faoi pháiste atá ar iarraidh é 'Loveless' a dhíríonn aird ar an mé-féineachas i sochaí mhímhorálta na Rúise. Tá duais Oscar tuillte go maith aige, dar lenár léirmheastóir

Go raibh oíche go maidin ag na gradaim Oscar ag Andrei Petrovich Zvyagintsev agus Martin Johnny Mhichael Choilm

‘Loveless’, le Andrey Zvyagintsev
Cliar: Mariana Spivak – ‘Zhenya’, Aleksei Rosin   – ‘Boris’, Matev Novikov  – ‘Aloysha’

Trombhuille na ndíchordaí creathánacha pianó. Aloysha, buachaill óg aonair, ag déanamh a bhealach abhaile ón scoil trí choill bheag gan duilliúr cois abhann. Leanann an ceamara, ag síorghluaiseacht. Bagairt, drochthuar, míréir, tá rud éigin as a riocht. Glórtha tráchta sa chúlra. An túrbhlocanna ollmhóra coincréite iad sin, ar íor na spéire, agus iad le feiceáil sa phictiúr anois is arís ar imeall na gcrann? An féidir gur diosca ollmhór radair é sin, leathfholaithe sa scrobarnach, dramhaíl bhriste na mblianta deireanacha seo?

Táimid áit éigin ar an imeall. Idir mar atá is mar a bhí. Tá gach éinne sa scannán gafa sa bhfásach spioradálta idir na sean-idilí nach ann dóibh níos mó agus dríodar shochaí mhífheidhmiúil atá beo leis i gcónaí, is baolach. Fáilte chuig Rúis Vladimir Putin.

Tá pósadh Zhenya agus Boris ar an dé deiridh. Gafa sa pholl duibheagáin eatarthu atá an mac croíbhriste. Aloysha. Na tuismitheoirí ag iarraidh an t-árasán a dhíol chun go scarfaidís. Tá doicheall, maslaí, fuath, gangaid agus bréagadóireacht eatarthu os ard de ló is d’oíche. Ní hé gur liathróid é an mac óg eatarthu mar is measa go mór ná sin é. Is cuma sa frig leo faoi. Tá a fhios aige nach gean le ceachtar acu é. Feicimid an radharc truamhéalach agus scread chiúin Aloysha nuair a cloiseann sé faoi choim gur cuma leo má chaitear isteach i ndílleachtlann é ar scaradh dóibhsean. Deirimse leat go mbeidh an scread sin nár ligeadh leat i bhfad tar éis don scannán seo a bheith thart.

Tá Boris (Alexei Rozin) agus Zhenya (Mariana Spivak) chomh tógtha sin leis na leannáin nua atá acu cheana féin nach dtugann siad faoi deara ar feadh dhá lá go bhfuil Aloysha ar iarraidh.

Téid go dtí na póilíní ach cuireann siadsan an cuardach ar an méar fhada. Idir an dá linn tá Zhenya gafa lena stail shaibhir a thugann time deas di agus na tabhartais go léir a shantaíonn sí. Níl bean Boris chomh seascair sin, áfach. Í torrach cheana féin, bheith istigh fós aici lena Mam. Agus í san ollmhargadh le Boris tosaíonn sí ag clamhsán ar bhealach a chuirfeadh ina luí ort go rabhadar sáraithe pósta. Is léir go bhfuil an bhrionglóid briste cheana féin. Is léir freisin go dtabharfaidh grá na hailpe Zhenya bata agus bóthar di siúd freisin, a luaithe agus a thosaíonn sí ag geonaíl, nó ag éirí éilitheach, nó, Dia idir sinn agus an drochrud, má thosaíonn sí ag neadú isteach.

Is maith a thuigeann Zvyagintsev gurb é scáil na sochaí a chruthaíonn iad a bhíonn i scáthán an tseomra folctha os comhair a chuid frithlaochra gach maidin. 

Ar leibhéal áirithe, sa dara leath ach go háirithe, luíonn ‘Loveless’ go compordach laistigh den genre ‘nós imeachta póilíní’. Téann páiste ar iarraidh agus tionscnaítear cuardach. Ach, mar a bheifeá ag tnúth leis ón té a thug ‘Elena’ agus ‘Leviathan’ dúinn, tá i bhfad Éireann níos mó ná sin ar siúl. Anuas ar chreatlach fhoirmle an ‘police procedural’, tógann Zvyagintsev critique treascrach faoi mhé-féineachas ghlúin na bhféiníní síoraí, an t-ábharachas, an tsaint, an leithleachas gairme, an bhréagchráifeacht agus an is cuma liom – galair dhíblithe na linne, d’fhéadfá a rá, thoir agus thiar sa dá cheathrú thuaidh den chruinne. Caitheann Zvyagintsev spotsolas ar shochaí mhímhorálta Rúis an lae inniu, agus ní compordach an radharc é.

Fite tríd an allagóire tá an scéinséir póilíneachta. Ach ní fiú tráithnín stól an dá chos. I gcroílár ‘Loveless’ preabann cuisle bhriste Aloysha óg, buachaill beag dhá bhliain déag d’aois, é céasta cheal grá agus é á chéasadh ar altóir bhriseadh suas foréigneach na dtuismitheoirí. Íocann Aloysha bocht go daor as féinchúis mhillteach Zhenya agus Boris. Eisean an damáiste comhthaobhach daonna. Tá an tríú cos curtha faoina stól ag Andrei Zvyagintsev. Anois tá scannán againn.

Tá Máistreacht sa Cineama le fáil in obair Zvyagintsev don té ar mian leis fréamhacha, éifeacht agus feidhm an linbh nár aithníodh riamh, an leanbh nár grádh riamh a chíoradh. Caith súil siar ar ‘The Return’, 2003. ‘Banishment’ 2007, agus anois ‘Loveless’ 2017. Cuirtear línte áille Leonard Cohen i gcuimhne dom, fada, fada siar;

‘And she shows you where to look among the garbage and the flowers
There are heroes in the seaweed, there are children in the morning
They are leaning out for love and they will lean that way forever….’

Is fiú tagairt a dhéanamh d’obair Michail Krichman, fear ceamara Zvyagintsev. Sárcheardaí é siúd a chruthaíonn braistintí, atmaisféar agus léargas trí mheán an tsolais. Is ansa leis na dathanna liath agus donn agus formhór an datha bánaithe amach astu. Fear mór gluaiseachta freisin é. Síorghluaiseacht, síor-athrú. Is mistéir, dúcheist le réiteach gach seat aige. Cad tá fíor, cad nach bhfuil? Tuigeann Krichman go cruinn, mar a thuigeann Zvyagintsev, gurb í feidhm an cineama dúshlán agus freasúra a chruthú don tsochaí d’fhonn í a chur as a chompord. Mar a dúirt Zvyagintsev,

‘The state doesn’t want to remember that it’s the role of the artist to be in opposition. Otherwise, how do the people in power see their true face?’

Tháinig Zvyagintsev chugainn as flaitheas polaitiúil na Rúise in 2014 lena shárshaothar gan chomparáid Leviathan. Tháinig ollnáisiúnaithe na heite deise, gadhair fiaigh Phutin, dúramánaigh Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise, scuad iomlán na heite deise ailtéarnaí, thángadar anuas ina mhullach d’aon ghuth. Fágadh ceann de mhórscannáin an chéid seo gan ainmniúchán Oscar nuair a tharraing coiste roghnaithe na Rúise an t-ainmniúchán siar. 

Sin ráite, is an-teist ar an choiste reatha i Moscó gur thugadar an nod do Loveless i mbliana. Cinneadh cliste, freisin: ‘Féach chomh liobrálach is atá Rúis Vladimir’, ar siad, d’aon ghuth. Pé scéal é, tá ógfhear cuidsúlach chineama na Rúise istigh le ‘shout’ ar an oíche mhór agus an deis sin tuillte go maith aige. Mar atá ag ógfhear cuidsúlach chineama na hÉireann s’againne, Martin Johnny Mhichael Choilm.

Go raibh oíche Oscars go maidin acu araon an Domhnach 4 Márta. Agus má bhíonn, i bhfocail shíoraí Bhreandáin Uí Eithir fadó, ‘foc na begrudgers, más ann dóibh’.*

Bail ó Dhia ort, a Bhreandáin. Is tú féin a thuig cúrsaí.

*Leis an údar, i Bakers Corner, 1982, tar éis sochraid an stiúrthóra scannán Peter Kennerley. 

Fág freagra ar 'Go raibh oíche go maidin ag na gradaim Oscar ag Andrei Petrovich Zvyagintsev agus Martin Johnny Mhichael Choilm'