‘Go raibh míle maith agaibh!’ – an gaisce déanta ag Cillian Murphy

Tá bóthar fada siúlta ag Cillian Murphy ó Bhaile an Teampaill i gcathair Chorcaí go hardán an Dolby Theatre

‘Go raibh míle maith agaibh!’ – an gaisce déanta ag Cillian Murphy

“Go raibh míle maith agaibh!” B’in mar a chuir Cillian Murphy clabhsúr ar a óráid ghlactha Oscar sa Dolby Theatre in Los Angeles oíche aréir. In am marbh na hoíche anseo bhí an gaisce déanta ag fear Chorcaí, an chéad fhear riamh a rugadh in Éirinn a dhein a leithéid. Lorg Brenda Fricker, a chroch duais léi i 1990 dá ról in My Left Foot, á leanúint aige. Ba é Murphy rogha na coitiantachta don duais ach mar sin féin bhí air an fear maith a fháil ar fhathaigh amhail Bradley Cooper (Maestro) agus Paul Giamatti (The Holdovers).

Nach iad atá bródúil cois Laoi. Tá buannaíocht ag muintir Chorca Dhuibhne air leis óir go bhfuil tigh saoire aige féin agus ag a mhuintir sa cheantar. An mhí seo caite tháinig meitheal 60 Minutes ‘on dúthaigh le hagallamh a chur air. Caithfear an lá a scaoileadh leis na Corcaígh an uair seo, áfach.

Tá bóthar fada siúlta ag Murphy ó Bhaile an Teampaill i gcathair Chorcaí go hardán an Dolby Theatre. Thosaigh a shaol ar scáileán i gceart le Disco Pigs (2001), léamh scáileáin ar dhráma Enda Walsh. An bhliain dár gcionn raideadh os comhair an tsaoil é le taispeántas breá sa scannán uafáis 28 Days Later le Danny Boyle. Níorbh leasc leis riamh tabhairt faoi róil éagsúla. Thuill a léiriú ar bhean trasinscne in Breakfast on Pluto moladh ó mhórán in 2005 agus an bhliain dár gcionn ba é an ceann feadhna mealltach in The Wind That Shakes the Barley, saothar cumasach cumhachtach Ken Loach faoin Éirí Amach agus an Cogadh Cathartha.

Cuimhneoidh lucht na Gaeilge ar an ngearrscannán grinn Filleann an Feall (2000) mar a léiríonn sé duine den bheirt leadhb ó Bhaile Átha Cliath a tagann go Conamara le poitín a cheannach. Splanc bhreá idir é féin agus Don Wycherley agus a dhindiúirí grinn á léiriú go paiteanta aige. Tá an gearrscannán ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí agus táim cinnte go mbeifear á thaispeáint ar dalladh an tseachtain seo.

I rith an ama bhíodh róil thánaisteacha aige i saothair mór le rá, leithéidí Girl with A Pearl Earring (2003), Cold Mountain (2003) mar aon le ról mar bhithiúnach in Red Eye (2005) agus Batman Begins (2005). Chuir an saothar deireanach acu sin tús le chomhghuaillíocht rathúil le Christopher Nolan a thabharfadh sé scannán chugainn; dhá scannán Batman eile, Inception (2010) agus Dunkirk (2017). Taispeántas cuidsúlacha uaidh i gcónaí ach sáinnithe i róil thacaíochta.  Léirigh Anthropoid (2016), mar a raibh sé taobh le Jamie Dornan agus léiriú á dhéanamh acu ar an misean i rith an Dara Cogadh Domhanda leis an mbithiúnach Reinhard Heydrich a chur de dhroim seoil, go raibh sé breá in ann a bheith mar cheann feadhna.

Sé a ról mar Thomas Shelby sa tsraith Peaky Blinders (2013-2022) a dhein a chóta bán dó, áfach. Léiriú iontach á thabhairt aige ar fhear buile cliste cráite. Ansan chnag Nolan ar a dhoras don séú babhta, ról eile aige dó, mar cheann feadhna an uair seo. Oppenheimer.

 

Fág freagra ar '‘Go raibh míle maith agaibh!’ – an gaisce déanta ag Cillian Murphy'