‘Go raibh an bua ag Ciarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann agus go raibh an saol ar ais mar a bhíodh’

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar 2022 leis an aisteoir Duibhneach Seán Mistéal, ‘David’ ar ‘Ros na Rún’ 

‘Go raibh an bua ag Ciarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann agus go raibh an saol ar ais mar a bhíodh’

1. An bhfuil aon rún agat don bhliain 2022?

Deis dhul ar ár ‘honeymoon’ agus Tomás Lowie linn freisin. Le Covid ní raibh deis againn dul ar honeymoon ó phósamar.

2. Céard é an rud is mó nach bhfuil tú ag súil leis in 2022?

Nach mbeidh an bua ar Chiarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann.

3. Céard é an t-imeacht is mó a bhfuil tú ag súil leis in 2022?

Go mbeidh na pubannaí ar oscailt arís go hiomlán.

4. Cén chúis dóchais is mó atá agat don bhliain 2022?

Go mbeidh an bua ag Ciarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann agus go mbeidh an saol ar ais mar a bhíodh sé agus COVID-19 imithe.

5. Céard é an rud is mó ba mhaith leat a bhaint amach in 2022?

Dul ag Ceolchoirm ar bith seachas GARTH BROOKS.

6. Dá bhféadfá rud amháin a athrú faoi shaol na hÉireann in 2022, céard a d’athrófá?

Cluiche ceannais na hÉireann a fhágáil i mí Meán Fómhair. Agus deireadh le Covid. 

Fág freagra ar '‘Go raibh an bua ag Ciarraí i gCluiche Ceannais na hÉireann agus go raibh an saol ar ais mar a bhíodh’'