Tá bratacha na hÉireann agus na gCluichí Oilimpeacha ar foluain taobh amuigh den teach sin againne le coicís. B’fhacthas dom go raibh luascadh faoi leith fúthu i lár na seachtaine seo caite nuair a thosaigh na boinn ag teacht an bealach – go háirithe na cinn a bhuaigh Aifric Keogh a chónaíonn soir an bóthar uainn agus Fiona Murtagh trasna an tsléibhe uainn i nGort an Chalaidh.
Faoi thráthnóna Dé Céadaoin bhí a gcloigne fúthu ag na bratacha céanna, iad sleabhctha, socair. Sin an chaoi a raibh chuile dhuine sa teach freisin – mar a bheadh balúin a raibh an ghaoth éalaithe astu.
Ní mba é go raibh aon laghdú tagtha ar éachtaí na gcailíní cróga agus a gcomhghleacaithe Eimear Lambe agus Emily Hegarty agus go deimhin níor thug an t-ór a shaothraigh Fintan McCarthy agus Paul O’Donavan théis an mheán oíche ach beagán gusa ar ais ionainn féin ná sna bratacha.
De réir cosúlachta bhí an scéal go raibh Joe Canning ag éirí as ag goilliúint chomh mór orthusan agus a bhí sé orainne.
Ardóidh an ghaoth, tiocfaidh muide chugainn féin freisin, ach idir an dá linn beidh muid caillte agus báite leis an uaigneas. Tagann faoiseamh le himeacht aimsire, a deir siad. Tagadh féin, tá sé fós a’ dul díom a chreidiúint nach bhfeicfidh mé geansaí cróndearg na Gaillimhe ar a ghuaillí arís choíche.
Dá dhonacht sin, is measa liom fós nach bhfaighidh mo gharchlann deis an báireoir ab fhearr a chonaic mise riamh le mo linn a fheiceáil i mbarr a mhaitheasa. Sin í an phian is géire.
Ní bheidh aon chuimhne acu siúd ar an ngeata maorga a bhíodh faoi agus é ag déanamh amach ar lár na páirce ar a bhealach le buille saor eile a sheoladh thar an trasnán – chomh díreach le slat ghunna ina shodar, a chloigeann go maorga san aer, a ghreim ar an gcamán níos gaire dá bhos ná do bharr na láimhe. Scartha agus gualainn leis dírithe i dtreo na sprice, glacann sé trí anáil dhoimhne a ardaíonn a ghuaillí. Cromann agus seolann an sliotar thar an trasnán uair amháin eile.
Jab déanta agus an meangadh álainn gáire atá ar bhéilín Joe sin againne i bhfolach uainn ag an gclogad, déanann sé an sodar beag maorga sin ar ais go dtí an áit as a dtáinig sé.
Is measa ná sin liom arís nach mbeidh an deis acu a mháistreacht ar an gcamán agus a intleacht dhosháraithe iomána a fheiceáil lena gcuid súile féin ach an oiread.
B’in rud nach ndeachaigh ar gcúl riamh – a phas meáite chuig Jason Flynn as a dtáinig cúl sa gcluiche deireanach a d’imir Joe do Ghaillimh coicís ó shin a léirigh sin. A mháistreacht as na buillí taobhlíne, as a bhfuair sé 28 pointe i gcluichí sinsearacha craoibhe (níos mó ná a thrí oiread aon duine eile) agus a chumas croitheadh a bhaint as an eangach nuair ba ghéire a theastaigh sin.
Siad na buillí taobhlíne sin ba mhó a chuaigh i gcion ar bhean an tí, a bhfuil beagán den ealaíontóir inti féin, ach gurb í an scuab agus an ceaintín péinte a bhíonn aicise i leaba an tsliotair agus an chamáin.
Roinnt blianta ó shin tar éis do Joe an gaisce a dhéanamh uair amháin eile shocraigh sí canbhás a bhreacadh lena íomhá. Ba mhaith an jab a rinne sí de freisin, más mé féin a deir. Chaith sé tamall crochta sa mbaile nó gur shocraigh sí gur mó taitneamh fós a thabharfadh sé do mháthair Joe féin agus chuir chuicise é.
Dúirt Joe liom ina dhiaidh sin go bhfuil sé ar an áit is feiceálaí ar an mballa i dteach na gCainníní i nGort an Iomaire.
Tá pictiúir eile de Joe a thaispeántar minic go leor sa teach freisin agus aisteach go leor ní eisean ná aon imreoir eile go deimhin príomhaisteoir na míre. Cluiche Leathcheannais Laighean ar Pháirc Uí Chonchubhair ar an Tulach Mhór in 2014, áit a raibh nóiméad d’am breise caite nuair a chuir an Cainníneach Gaillimh ar comhscór le Cill Chainnigh le buille éirice. Ón mbuille amach chuir Henry Shefflin a fhoireann chun cinn agus é ionann is ar an taobhlíne. Buille scafánta amach ó bháireoir na Gaillimhe a shroich Joe agus é féin ar an taobhlíne eile – féachaint amháin ar na postaí – comhscór!
Rug an ceamaradóir ar cheiliúradh Joe ceart go leor, ach is é an sásamh is mó a fhaightear tí na gCiardhach ar shaothar a chuid oibre siúd go bhfuil feiceáil freisin ina phictiúir ar bheirt de lucht leanta Chill Chainnigh agus an chaint bainte díobh – mac cleamhnais dár gcuid agus cara cliamhain dó féin.
Beirt chat gan meamhlach féin fágtha iontu. Mugáilte ag Joe sin againne!
Ní baileach go raibh mise chomh gar sin do mo laoch sa gcuimhne is mó a fhanfaidh i mo chloigeann féin ach ní raibh mé i bhfad uaidh. Deich mbliana ó shin ar Pháirc na nGael i gcluiche idir Gaillimh agus Corcaigh chroch an Cainníneach óg dhá bhliain agus fiche an sliotar den talamh i lár na páirce agus a chúl le postaí Chorcaí aige. Ós rud é nach raibh aon amharc aige air, ná fiafraigh díom cén chaoi a bhfaca sé David Buke ag rith taobh thiar de, ach chonaic. Gan breathnú, thug sé pas siar uaidh a ghlac an Búrcach faoi lánluas agus a thiomáin sé thar an trasnán.
B’in an lá ar thuig mé go raibh súile i gcúl a chinn ag Joe Canning.
Go mba fada buan tú, a Rí na Fuinseoige. Nach minic a d’ardaigh tú mo chroí le háthas agus ar bhain tú an anáil díom le hiontas.
Dá olcas é, is lú go mór mo dhuairceas nach bhfeicfidh mé arís tú ag máistriú na fuinseoige, ná an ríméad atá orm go dtáinig sé sa saol go raibh mé beo le sult agus sásamh a bhaint as do chuid ealaíne.
Fág freagra ar 'Go mba fada buan tú a Rí na Fuinseoige, is minic a d’ardaigh tú mo chroí'