GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Turas go Tiobraid Árann

AN RADHARC IS FEARR – Carraig Phádraig Tá Carraig Phádraig, atá suite ar lomán suntasach aolchloiche i Machaire na Mumhan, crochta os cionn machairí torthúla agus tá sé ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta in Éirinn, agus ní haon ionadh sin

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Turas go Tiobraid Árann

AN RADHARC IS FEARR – Carraig Phádraig

Tá Carraig Phádraig, atá suite ar lomán suntasach aolchloiche i Machaire na Mumhan, crochta os cionn machairí torthúla agus tá sé ar cheann de na séadchomharthaí is aitheanta in Éirinn, agus ní haon ionadh sin. Ba í Carraig Phádraig suí ríoga na Mumhan tráth, agus tá an t-uafás staire ag baint léi, chomh maith le finscéalta agus scéimh shárbhreá.

Sa lá atá inniu ann, tá roinnt séadchomharthaí fós ann: clogtheach taibhseach, ardchros, séipéal Rómhánúil, ardeaglais Ghotach, mainistir, Halla Córúil na mBiocáirí agus Teach Túir ón gcúigiú haois déag – tá sé ar cheann de na bailiúcháin is suntasaí d’ealaín Cheilteach agus d’ailtireacht mheánaoiseach atá le fáil in áit ar bith san Eoraip. Cé gur féidir leat cuairt a thabhairt ar an láithreán am ar bith, ní féidir breathnú ar an taobh istigh de Shéipéal Chormaic ach ar thuras treoraithe, a mbíonn ticéid theoranta lena aghaidh, mar sin bí cinnte iad a cheannach roimh do chuairt. Téigh chuig heritageireland.ie/visit/places-to-visit/the-rock-of-cashel

AN BIA IS FEARR – The Peppermill

Is ceann scríbe bia é The Peppermill a bhfuil duaiseanna buaite aige, ina gceiliúrtar an chuid is fearr de bhia nua-aimseartha na hÉireann. Cuirtear biachláir shimplí, táirgí áitiúla, cócaireacht mhaith ar fáil sa bhialann teaghlaigh seo, atá aitheanta as an atmaisféar galánta agus an tseirbhís den scoth atá ann, agus faigheann tú margadh iontach agus braistint na hócáide móire ann. Na hoícheanta nach bhfuil tú cinnte céard atá uait le hithe, ní hé amháin gur rogha shábháilte é The Peppermill – is é an rogha is fearr é. Idir stéigeanna den scoth agus an bia mara úr a sheachadtar go laethúil ó Iarthar Chorcaí, déantar na miasa le cúram agus cruthaitheacht. Mura bhfuil fonn béile iomlán ort, cuirtear rogha mhealltach de tapas agus manglaim cheardaithe go sciliúil ar fáil sa bheár. Téigh go thepeppermill.ie agus lean @thepeppermillrest1

AN CAIFE IS FEARR – The Old Barracks

Is ceann scríbe barr feabhais do lucht díograise caife i dTiobraid Árann é The Old Barracks Coffee Roasters i gCnocán an Éin Fhinn, atá lonnaithe i bhfoirgneamh stairiúil 300 bliain d’aois. Le suas le hocht gcaife speisialta rósta ar an láthair a dhéantar nó a úsctar de réir ordaithe, tugann siad tosaíocht do bhlas agus comhsheasmhacht i ngach cupán. Le meaisín caife modúlach nuálach an bheáir, baintear bacainní idir baristaí agus custaiméirí, ag cothú comhrá agus dáimh. Le milseáin saor ó ghlútan bácáilte sa bhaile, ranganna caife ar líne, agus rogha fíonta nuair nach bhfuil fonn caiféin ort, cuirtear leis an eispéireas. Cibé acu saineolaí seanchleachtaithe nó núíosach fiosrach thú, san ionad seo d’aosaigh amháin, cuirtear meascán iontach de stair, nuálaíocht, agus deochanna eisceachtúla ar fáil. Téigh go theoldbarracks.ie agus lean @oldbarrackscoffeeroasters

AN PIONTA IS FEARR – Beár Larkin

Tá lucht an tí thraidisiúnta uathúil seo faoi stiúir teaghlaigh i nGarraí Uí Chinnéide ar chladach theas Loch Deirgeirt ag cur bia traidisiúnta na hÉireann ar fáil le beagnach fiche bliain anuas, ach is iad a ndeochanna agus a bhfuisce Éireannach a choinníonn go leor ag filleadh ar an áit. Tá radharcanna áille ar an loch, gairdín beorach iontach agus beár te sa teach tábhairne seo a bhfuil gradaim buaite aige, a bhíonn oscailte ó Dhéardaoin go Domhnach. Is féidir seisiúin de cheol traidisiúnta na hÉireann a bhlaiseadh anseo go seachtainiúil, ina mbíonn réimse leathan ceoltóirí cumasacha ag seinm, agus is minic a bhíonn damhsa Gaelach iontach le feiceáil freisin. Téigh chuig larkins.ie agus lean @larkinsgarrykennedy

NITHE LE DÉANAMH

Turais ar Fheirm Chnocán an Léith: Foghlaim faoin mbithéagsúlacht agus faoin mbeachaireacht atá beo ar chladaí Loch Deirgeirt. Ionad Marcaíochta Sléibhe Thiobraid Árann: Bain lán do dhá shúil as tuath ghlan na hÉireann agus tú ar chapall. Uaimheanna Bhaile Mhistéala: Tabhair cuairt ar cheann de na córais uaimheanna is mó agus is casta in Éirinn. Músaem Staire Folaithe Thiobraid Árann: Éist le scéal Thiobraid Árann agus scéal a muintire óna chead laethanta go dtí an lá atá inniu ann.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Turas go Tiobraid Árann'