GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Taighdeoir Iardhochtúireachta á lorg ag an ITES [an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta], a bheidh ag déanamh taighde ar oideachas.

Oibreoidh an Taighdeoir Iardhochtúireachta ar réimse leathan tionscadal, ag baint úsáid as cur chuige taighde cainníochtúil, cáilíochtúil agus modhanna measctha. Meastar go mbeidh taighde á dhéanamh ar bheartas agus cleachtas scoile, breisoideachas agus ardoideachas, cláir oideachas agus an taithí a bhí ag grúpaí éagsúla mac léinn tríd an gcóras oideachais

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Taighdeoir Iardhochtúireachta á lorg ag an ITES [an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta], a bheidh ag déanamh taighde ar oideachas.

Oibreoidh an t-iarrthóir rathúil laistigh den Rannóg Taighde Sóisialta den ESRI, atá comhdhéanta d’fhoireann ildisciplíneach de shocheolaithe, síceolaithe, eacnamaithe, néareolaithe, taighdeoirí seirbhísí sláinte, eipidéimeolaithe agus staitisteoirí, ag obair sna réimsí oideachais; sláinte agus cáilíocht na beatha; eacnamaíocht iompartha; cánachas, leas agus pinsin; agus cuimsiú sóisialta agus comhionannas.

Tá an ESRI ag glacadh le hiarratais ó thaighdeoirí san oideachas nó i réimsí gaolmhara (socheolaíocht, beartas sóisialta, síceolaíocht nó eacnamaíocht) don Chomhaltacht Taighde Iardhochtúireachta seo a mhairfidh trí bliana. B’fhéidir go gcuirfí painéal le chéile ón bpróiseas roghnúcháin seo, sa chás go mbeadh ról den chineál céanna againn laistigh den 6 mhí atá romhainn.

Beidh cúlra agus taithí i dtaighde oideachais ag an iarrthóir rathúil, ach déanfar iarrthóirí a bhfuil cúlra acu i réimsí mar shocheolaíocht, beartas sóisialta, síceolaíocht nó eacnamaíocht a mheas freisin. Rachaidh siad le foireann taighdeoirí a bhfuil taithí acu ag déanamh anailíse ar cheisteanna a bhaineann le héagothroime san oideachas, curaclam agus measúnú san oideachas, agus taithí daltaí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais acu. Úsáidfidh siad raon de mhodheolaíochtaí taighde cainníochtúla agus cáilíochtúla chun na ceisteanna seo, agus ceisteanna gaolmhara, a scrúdú. Áireofar leis na tionscadail staidéir náisiúnta, chomh maith le taighde comparáideach trasnáisiúnta atá maoinithe faoin gclár Horizon Europe. Beidh deiseanna ann freisin le comhoibriú le taighdeoirí ar thionscadail eile ar fud na hInstitiúide. Ina theannta sin, beidh na dualgais seo san áireamh sa ról:

  • Ceannaireacht agus rannpháirtíocht san anailís ar shonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla;
  • Scríobh agus rannchuidiú le hailt in iris phiarmheasúnaithe agus le nótaí beartais bunaithe ar thorthaí an taighde;
  • Cumarsáid le príomhpháirtithe leasmhara agus comhordú imeachtaí do pháirtithe leasmhara.

Is post lánaimseartha é (35 uair sa tseachtain – uaireanta oibre ná 0930 – 1730, Luan – Aoine; tá uaireanta oibre solúbtha againn). Leanfaidh an conradh ar feadh trí bliana agus beidh an tuarastal tosaigh €49,818, nasctha le scála pá grád Oifigeach Riaracháin (Ardleibhéal).

Chun cur isteach ar an bpost seo, lean an nasc seo. Dáta deiridh ná 17:00, an 10 Mí Meán Fómhair 2025. Admhaítear gach iarratas.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Taighdeoir Iardhochtúireachta á lorg ag an ITES [an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta], a bheidh ag déanamh taighde ar oideachas.'