GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tabhartas in Aisce Múirín ag Spreagadh Cleachtais Inbhuanaithe agus ag Cur Luach Fuílleach Bia Chun Cinn

Mar cheiliúradh ar Sheachtain Náisiúnta na hAthchúrsála Dramhbhia, d'eagraigh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhar le Thorntons Recycling agus Hope Eco, tabhartas in aisce múirín in Ionad Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin. Ag an ócáid, músclaíodh feasacht faoi thábhacht na hathchúrsála dramhbhia agus cuireadh chun cinn na buntáistí a bhaineann le geilleagar ciorclach bia

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tabhartas in Aisce Múirín ag Spreagadh Cleachtais Inbhuanaithe agus ag Cur Luach Fuílleach Bia Chun Cinn

Fearghal McCollum, Oifigeach Feasachta Comhshaoil, an Cathaoirleach, an Clr. Jim O’Leary, John Byrne, Bainisteoir Inbhuanaitheachta, Thorntons Recycling

Mar cheiliúradh ar Sheachtain Náisiúnta na hAthchúrsála Dramhbhia, d’eagraigh Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, i gcomhar le Thorntons Recycling agus Hope Eco, tabhartas in aisce múirín in Ionad Athchúrsála Bhaile Uí Ógáin. Ag an ócáid, músclaíodh feasacht faoi thábhacht na hathchúrsála dramhbhia agus cuireadh chun cinn na buntáistí a bhaineann le geilleagar ciorclach bia.

Is éard a dúirt an Clr. Jim O’Leary, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:“Is sárshampla é an ócáid seo conas is féidir le gníomhartha simplí—cosúil le do bhosca donn a úsáid—tionchar mór a bheith acu. Trí mhúirín déanta as dramhbhia a thabhairt ar ais, taispeántar an ciorcal iomlán athchúrsála do dhaoine agus cuidíonn sé le pobal níos láidre agus níos glaise a thógáil.”

Tugadh níos mó ná 350 mála múirín ardchaighdeáin déanta as dramhbhia agus dramhaíl gairdín athchúrsáilte amach ag an ócáid saor in aisce, mar aon le rollaí de mhálaí inmhúirínithe Hope Eco, agus bileoga eolais ar a raibh leideanna praiticiúla i dtaobh an bhealaigh le dramhaíl bhia a athchúrsáil go héifeachtach agus tosú ag déanamh múirín sa bhaile. Tríd an tionscnamh, spreagadh cónaitheoirí chun luach a bhfuílleach bia a fheiceáil, fuílleach a thiontaítear ina múirín atá saibhir ó thaobh cothaitheach de a bhuí le hathchúrsáil dramhbhia.

Is éard a dúirt Frank Curran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:“Táimid thar a bheith sásta leis an bhfreastal atá ar an imeacht agus leis an díograis don tabhartas in aisce múirín i mbliana. Is bealach praiticiúil é chun a thaispeáint mar is féidir dramhbhia a thiontú ina rud luachmhar agus chun buíochas a ghabháil lenár gcónaitheoirí as a ndramhaíl a athchúrsáil. Cuidíonn ócáidí mar seo linn dul níos gaire dár spriocanna aeráide agus tacú le cónaitheoirí roghanna inbhuanaithe a dhéanamh.”

De réir MyWaste.ie, tá bosca donn ag dhá thrian de theaghlaigh na hÉireann anois. Ach léiríodh i suirbhé a rinneadh le déanaí gur admhaigh 33% de dhaoine go gcuireann siad earraí míchearta ina mbosca donn d’aon ghnó, figiúr a ardaíonn go 50% i measc daoine idir 18-34 bliana d’aois.

Málaí inmhúirínithe Hope Eco

Ar an gcúis sin, tá truailliú an bhosca dhoinn glactha ag an bhfeachtas náisiúnta mar fhócas a theachtaireachta don bhliain seo. Cuireadh lucht freastail na hócáide ar an eolas faoi “Ionróirí Bosca Dhoinn” coitianta cosúil le líontáin oinniún, plaisteach thart ar ghlasraí agus carraigeacha agus clocha.

Bhí an Tabhartas in Aisce Múirín mar chuid d’iarrachtaí níos leithne na Comhairle chun gníomhú ar son na haeráide, maireachtáil inbhuanaithe agus geilleagar ciorclach a chur chun cinn i gComhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain Náisiúnta na hAthchúrsála Dramhbhia agus chun foghlaim faoin mbealach le do dhramhaíl a dhiúscairt i gceart, téigh chuig MyWaste.ie.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tabhartas in Aisce Múirín ag Spreagadh Cleachtais Inbhuanaithe agus ag Cur Luach Fuílleach Bia Chun Cinn'