GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tá Clár Imeachtaí do Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 seolta!

Tagann comhairlí áitiúla le chéile le haghaidh seachtain imeachtaí dírithe ar ghníomhú ar an athrú aeráide, taisteal inbhuanaithe, agus rannpháirtíocht phobail, ag béim ar thábhacht athruithe beaga le haghaidh timpeallacht níos sláintiúla.

Méaraí Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh agus an Comhairleoir Baby Pereppadan ó Bhaile Átha Cliath Theas, Ardmhéara Chathair Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Emma Blain agus an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

Mar cuid de Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 (#DCAW25), arb iad Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, Oifig Réigiúnach Gníomhaíochta Aeráide Cheantar Cathrach Bhaile Átha Cliath (CARO) agus Codema – Gníomhaireacht Fuinnimh Bhaile Átha Cliath a eagraíonn agus a chuireann i gcrích í, déanfar imeachtaí réigiúnacha agus áitiúla a chur ar fáil ina gclúdófar réimse leathan topaicí agus ina léireofar na hiarrachtaí leanúnacha, na huaillmhianta agus an cur chuige comhoibríoch atá ag na ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath, agus iad ag tabhairt faoi ghníomhú ar son na haeráide.

Tá forbhreathnú ar imeachtaí na seachtaine agus clárú ar líne beo anois agus is féidir é a fheiceáil anseo.

I mbliana, beidh Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 ag tarlú ag t-am céanna le Seachtain Náisiúnta na Rothar, ag tabhairt gníomhú ar son na haeráide agus taisteal gníomhach le chéile chun béim a chur ar an nasc láidir idir iompar inbhuanaithe agus réitigh aeráide. Trí cheardlanna, gníomhaíochtaí idirghníomhacha, taispeántais, laethanta spraoi teaghlaigh agus féilte, beidh deis ag rannpháirtithe foghlaim faoin mbealach ar féidir le hathruithe beaga laethúla tairbhe a dhéanamh do thimpeallacht níos sláintiúla.

Is éard a dúirt an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ag an seoladh, in éineacht le Méaraí Chomhairle Contae Fhine Gall agus Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, agus Ardmhéara Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath:

“Tá áthas orainn Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath a sheoladh. Leis an gcomhoibriú seo le Seachtain na Rothar, cuirfear réimse iontach imeachtaí ar fáil, ag spreagadh an uile dhuine chun páirt a ghlacadh i ngníomh fiúntach i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe. Mholfaimis do gach duine páirt a ghlacadh agus an leas is fearr a bhaint as an tseachtain thábhachtach seo.”

Is bealach iontach é páirt a ghlacadh i Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 chun naisc a neartú idir grúpaí, gnólachtaí, agus eagraíochtaí laistigh den phobal, faigh amach faoina bhfuil ag tarlú i do cheantar ar www.dublinclimateactionweek.ie.

Coinnigh suas chun dáta le Seachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha 2025 tríd an haischlib #DCAW25 a úsáid ar na meáin shóisialta agus trí dhul chuig www.dublinclimateactionweek.ie.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Tá Clár Imeachtaí do Sheachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath 2025 seolta!'