GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ní ann d’aon rud ar nós stiúrthóir éadrom

An tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach: dualgais agus freagrachtaí stiúrthóirí.

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ní ann d’aon rud ar nós stiúrthóir éadrom

Michael Dillon

Rialaítear cuideachtaí le hAcht na gCuideachtaí, 2014. Is píosa ollmhór reachtaíochta é sin a bhfuil 1,648 n-alt ann. Is é an tÚdarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach comhlacht reachtúil neamhspleách na hÉireann, a bhfuil freagracht air as aon sárú ar Acht na gCuideachtaí, 2014, ag cuideachtaí agus, dá réir sin, ag stiúrthóirí cuideachtaí a fhorfheidhmiú.

Mhínigh Michael Dillon, an Stiúrthóir um Ghnóthaí Dlí san Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach: “Is é is stiúrthóir ann ná duine aonair a gceapann comhaltaí na cuideachta é nó í chun gnó na cuideachta a bhainistiú thar a cheann nó thar a ceann. Cuirtear in iúl go soiléir in Acht na gCuideachtaí go bhfolaíonn an téarma ‘stiúrthóir’ aon duine “ag a bhfuil post stiúrthóra, cibé ainm a thugtar air nó uirthi”. Is ar an bhfeidhm a chomhlíonann an stiúrthóir atá an díriú, agus béim á leagan ar “substaint, seachas foirm”.

Cuideachta mar Eintiteas Dlíthiúil ar Leith

Is é is cuideachta ann ná duine dlítheanach atá cláraithe go hoifigiúil leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus tá na saintréithe seo a leanas aici:

  • Féadfaidh sí agairt, nó féadfar í a agairt, ina hainm féin.
  • Féadfaidh sí sócmhainní a bheith aici agus dliteanais a thabhú, ar leithligh óna cuid scairshealbhóirí nó comhaltaí.
  • Tá cosaint dliteanais theoranta aici dá comhaltaí.

Srianta ar Stiúrthóirí

Toirmisctear daoine aonair áirithe gníomhú mar stiúrthóirí. Áirítear leis na srianta sin:

Comhlacht corpraithe nó comhlacht neamhchorpraithe daoine, aon duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, féimheach neamhurscaoilte, iniúchóir reachtúil na cuideachta agus duine atá dícháilithe ó ghníomhú mar stiúrthóir.

Dualgais atá ar Stiúrthóirí

Bíonn ar gach stiúrthóir na freagrachtaí dlíthiúla céanna faoi Acht na gCuideachtaí, ní ann d’aon rud ar nós stiúrthóir éadrom; is stiúrthóir thú nó ní stiúrthóir thú’, arsa Michael Dillon.

Tá dualgais reachtúla agus dualgais mhuiníneacha araon i leith na cuideachta ar stiúrthóirí. Áirítear iad seo a leanas leo sin:

Dualgais Mhuiníneacha:

  • Gníomhú de mheon macánta ar mhaithe le leasanna na cuideachta.
  • Gníomhú go macánta agus go freagrach i seoladh chúrsaí na cuideachta.
  • Cloí le bunreacht na cuideachta agus gan ach na cumhachtaí a dheonaítear leis a fheidhmiú.
  • Gan sócmhainní, faisnéis ná deiseanna na cuideachta a úsáid le haghaidh gnóthachan pearsanta, seachas mar a cheadaítear le halt 228(1)(d).
  • Breithiúnas neamhspleách a fheidhmiú, agus coinbhleachtaí leasa á seachaint.
  • Gníomhú le cúram cuí, le scil chuí agus le dúthracht chuí, agus leasanna chomhaltaí agus chreidiúnaithe na cuideachta á gcur san áireamh, agus iompar a d’fhéadfadh sócmhainneacht na cuideachta a chur i gcontúirt a sheachaint.

Dualgais Reachtúla:

  • Comhlíonadh Achtanna na gCuideachtaí a chinntiú.
  • Má tharlaíonn sárú, féadfar stiúrthóirí a choimeád cuntasach más rud é gur cheadaigh siad an sárú go feasach.
  • Ní mór do stiúrthóirí freagairt d’fhiosrúcháin agus tuarascálacha, deimhnithe agus doiciméid eile a sholáthar mar a cheanglaítear le dlí.

Mura gcomhlíontar na dualgais sin, is féidir go ngearrfar dianphionóis, amhail stiúrthóir a shrianadh nó a dhícháiliú.

Dheimhnigh Michael Dillon an méid seo: “ceanglaítear ar stiúrthóirí nochtaí éagsúla a dhéanamh chun trédhearcacht agus cuntasacht a chinntiú. Folaíonn siad sin faisnéis phearsanta a nochtadh i gClár na Stiúrthóirí, amhail a n-ainm, a ndáta breithe, a seoladh, a náisiúntacht agus aon stiúrthóireachtaí eile. Ní mór do stiúrthóir aon leasanna i scaireanna na cuideachta agus in eintitis ghaolmhara, nó aon íocaíochtaí a rinneadh i ndáil le haistrithe scaireanna, a nochtadh.

Comhlíonadh agus Freagrachtaí

Chun comhlíonadh Acht na gCuideachtaí a chinntiú, ní mór do stiúrthóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh freisin:

  • Taifid chuntasaíochta chruinne a chothabháil.
  • Ráitis airgeadais a ullmhú agus a chomhdú.
  • Cláir chuideachta a chothabháil.
  • Doiciméid riachtanacha a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí.
  • Cruinnithe amhail cruinnithe ginearálta bliantúla agus cruinnithe ginearálta urghnácha a chomóradh agus a thionól.
  • Rialacháin a chomhlíonadh le linn dóibh idirbheartú leis an gcuideachta.
  • Comhoibriú le leachtaitheoir i gcás fhoirceannadh na cuideachta.

Iarmhairtí a ghabhann le Neamhchomhlíonadh

Is féidir go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ann má mhainníonn stiúrthóir na dualgais sin a chomhlíonadh. Áirítear leo sin gníomhartha imscrúdúcháin agus forfheidhmiúcháin a bheith á ndéanamh ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach. Tá ag an Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach cumhachtaí suntasacha chun stiúrthóirí a shrianadh nó a dhícháiliú, go háirithe i gcásanna lena mbaineann cuideachtaí a baineadh den Chlár ach a bhfuil dliteanais gan íoc acu fós. Féach an treoir ar shuíomh Gréasáin an Údaráis um Fhorfheidhmiú Corparáideach chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi ghníomhú mar stiúrthóir, go háirithe an baol do dhuine atá i gceist le glacadh le stiúrthóireacht ar chuideachta gan tuiscint a bheith aige nó aici ar na dualgais agus na freagrachtaí a bhaineann leis an ról mar stiúrthóir.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Údarás um Fhorfheidhmiú Corparáideach, tabhair cuairt ar cea.gov.ie nó seol ríomhphost chuig info@cea.gov.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Ní ann d’aon rud ar nós stiúrthóir éadrom'