GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Go leor leor ar siúl i gcontae na Mí do sheachtain na Gaeilge i mbliana

Tá fáilte mhór roimh gach duine, idir óg agus aosta, freastal ar imeachtaí seo Sheachtain na Gaeilge i gcontae na Mí

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Go leor leor ar siúl i gcontae na Mí do sheachtain na Gaeilge i mbliana

Tá Seachtain na Gaeilge ag druidim linn go gairid agus ó mhí an Mhárta 1-17, beidh réimse leathan imeachtaí ar siúl i gContae na Mí – ceardlann greannán, preab-Ghaeltacht, ceachtanna bodhráin trí Ghaeilge agus ciorcal comhrá mór.

Ar bhuaicphointí na seachtaine tá an ciorcal comhrá mór in Ionad Tacaíochta Oideachais na hUaimhe, Déardaoin an14 Márta, leis an amhránaí Maria Nic Cumhaill as Gaoth Dobhair. Ag fás aníos di i nGaoth Dobhair chan Maria le Enya, Moya Brennan agus baill eile den ghrúpa Clannad. Is í Baba Brennan, máthair Enya agus Clannad, a bhí ina múinteoir ceoil ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Ghlac Maria páirt sa chomórtas Eurosong ar an Late Late Show sa bhliain 2012 agus tháinig sí sa 5ú háit sa chomórtas sin.

Ar na saothair a luaitear lena hainm tá Ailleog agus Doagh. Tá cuireadh tugtha do gach ciorcal comhrá sa cheantar agus don phobal i gcoitinne teacht chuig an ócáid seo chun sult a bhaint as na hamhráin agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh, Beidh comhluadar agus sólaistí ar fáil.

Chomh maith leis sin beidh na hamhránaithe agus na deirfiúracha Máire & Étáin Ní Churraoin (An Chéad Ghlúin Eile) as Ráth Chairn ar stáitse i Leabharlann Bhaile Átha Troim agus Ionad Cultúrtha Swift oíche Dé Máirt, an 5 Márta. Ag 7:00 i.n.

Ar an Satharn, an 2 Márta ag 2:00i.n., beidh preab-Ghaeltacht do pháistí agus tuismitheoirí in Amharclann an Grianstad san Uaimh leis an áisitheoir Konor Halpin. Taispeánfaidh Konor scileanna sorcais do na páistí agus beidh an-spraoi acu ag déanamh cúpla rud as balúin – féileacáin agus rudaí deasa eile.

Maidin an 9 Márta, tabharfaidh an cartúnaí Aidan Courtney cuairt ar leabharlann na hUaimhe chun ceardlann greannán, Comaicí Gael, a dhéanamh le páistí idir 9-12 bliain d’aois. Foghlaimeoidh na páistí conas greannáin a tharraingt agus a chruthú trí Ghaeilge.. An tráthnóna céanna agus san áit chéanna beidh ceardlann bodhrán trí Ghaeilge nó go dátheangach ar siúl le Shay Casserley, seisiún a bheadh oiriúnach do dhaoine fásta.

Tá fáilte mhór roimh gach duine, idir óg agus aosta, freastal ar imeachtaí seo Sheachtain na Gaeilge i gContae na Mí. Seo deis iontach le do chuid Gaeilge a chleachtadh in atmaisféar fáilteach agus b’fhéidir scil nua a fhoghlaim ag an am céanna. Tabharfaidh na seisiúin ag tarraingt greannán agus an phreab-Ghaeltacht seans do gach duine an Ghaeilge a chur chun agus cinn agus a normalú i measc páistí agus daoine óga.

Beidh gach ócáid saor in aisce, ach is gá áirithintí a dhéanamh do chúpla imeacht. Chun tuilleadh eolais a fháil, coimeád súil ar mheáin shóisialta Chomhairle Chontae na Mí nó seol ríomhphoist chuig gaeilge@meathcoco.ie

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Go leor leor ar siúl i gcontae na Mí do sheachtain na Gaeilge i mbliana'