GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Siamsa Glas

TAR CHUIG AN MHÍ Filleann an Fhéile Siamsa Glas ar ais go Contae na Mí arís i mbliana agus ón Aoine 12ú go dtí an Domhnach 14ú Meán Fómhair beidh réimse leathan d’imeachtaí ar fáil sna sráidbhailte agus láithreacha ar feadh an Ghlasbhealaigh ó Ghleann na Bóinne go Fearann an Locha. Idir óg agus aosta, […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Siamsa Glas

TAR CHUIG AN MHÍ

Filleann an Fhéile Siamsa Glas ar ais go Contae na Mí arís i mbliana agus ón Aoine 12ú go dtí an Domhnach 14ú Meán Fómhair beidh réimse leathan d’imeachtaí ar fáil sna sráidbhailte agus láithreacha ar feadh an Ghlasbhealaigh ó Ghleann na Bóinne go Fearann an Locha. Idir óg agus aosta, beidh imeachtaí oiriúnacha curtha ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin beidh deis agat blaiseadh a fháil den Ghaeilge agus de chultúr Ghaeltacht Bhaile Ghib mar is i gContae na Mí amháin atá Gaeltachtaí Chúige Laighean.

Do leanaí agus teaghlaigh beidh imeachtaí cosúil le Tóraíocht Taisce, ceardlann bodhrán le Shay Casserly agus ceardlann potaireachta i gCill Mhaighneann faoi spreagadh Arracht Loch na Coille Báine sa Stiúideo Priontála ag 10r.n. (Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh). Bainfidh na leanaí an-sult as an gceardlann seo.

Buaicphointe de chuid na féile an dráma For the Love of Ledwidge, dráma faoin aer a scríobh Sharon Carroll a bheidh ag tarlú ar Ardán Iarnróid Bhaile Uilcín. Sa dráma seo, breathnaítear ar an nasc áitiúil atá ag an bhfile Francis Ledwidge, ó Bhaile Shláine, le ceantar Bhaile Uilcín. Fiosraítear ann na litreacha grá a scríobh sé chuig Lizzie Healy a bhí ina cónaí sa sráidbhaile. Beidh léiriú den dráma ann ar an Satharn agus ar an Domhnach ó 1-1:30 i.n.

Cuirfear tús leis na himeachtaí Dé hAoine, 12ú Meán Fómhair le Tóraíocht Taisce ag Caifé GNR i gCill Mhaighneann. Beidh sé ar siúl ó 10r.n. – 4:30i.n. agus is cinnte go mbainfidh an teaghlach uile spraoi as. I mBaile Ghib beidh ceardlann bodhrán le Shay Casserly i Halla Bhaile Ghib ó 4:30i.n. – 5:30i.n.

Má tá cúpla focal agat agus fonn ceoil ort, léireofar An Cailín Ciúin i Halla Bhaile Ghib ar an Aoine ag 7i.n. agus beidh tob-Ghaeltacht ar siúl i mbialann agus teach tábhairne Kilberry.

San Obair ar an Satharn ó 7:30 – 9:30i.n., beidh ceolchoirm chultúrtha ar siúl in Ionad Oidhreachta na hOibre. Mar chuid di sin beidh Accora Orchestra, grúpa ceolmhar a bhaineann an-leas as seánraí ceoil Éireannaigh agus seánraí ceoil chomhaimseartha. Tacóidh an Cláirseoir Mary Horgan leo agus seinnfidh sí píosaí mór le rá de cheol na hÉireann lena n-áirítear píosaí áirithe le Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin a rugadh san Obair.

Imeachtaí eile do leanaí a bheas ag tarlú ná Spraoi sa Pháirc ar siúl i bPáirc Bheo i mBaile Uilcín, spraoi don teaghlach uile Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh araon ó 2-5i.n. Beidh deis ann freisin páirt a ghlacadh i rang Rothaíochta Bodhráin le Feel Good Bicycles i gcomhar le Shay Casserly.

Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar gach imeacht a bheas ag tarlú ar feadh an Ghlasbhealaigh i gContae na Mí mar chuid den Fhéile iontach seo, téigh ar cuairt ar an suíomh http://www.discoverboynevalley.ie/

Tá súil againn go mbeidh sibh ann. Bígí linn!

Mar a dúirt Majella Farrell, Ceann na Forbartha Eacnamaíche agus na Turasóireachta do Chomhairle Chontae na Mí: “Táimid ag tnúth go mór leis an nGaeilge agus le cultúr na hÉireann a cheiliúradh ar feadh Ghleann na Bóinne go Ghlasbhealach Fhearann an Locha ag an bhFéile Siamsa Glas. Tá roinnt imeachtaí iontacha le bheith ar siúl don deireadh seachtaine agus is cinnte go mbeidh sé gnóthach agus spreagúil don réigiún. Tá an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann mar chuid an-mhór de Ghleann na Bóinne, go háirithe ó tharla go bhfuil dhá Ghaeltacht i gContae na Mí, agus nach bhfuil Gaeltacht ar bith eile i gCúige Laighean. Táimid ag tnúth le fearadh na fáilte a chur roimh gach duine chuig Gleann na Bóinne do dheireadh seachtaine speisialta.”

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Féile Siamsa Glas'