GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhpháirtíocht Chultúrtha nua seolta ag Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children

Seoladh comhpháirtíocht chultúrtha nua idir Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children Dé hAoine ag ócáid mhór in Óstán an Hillgrove ar ar fhreastail an Taoiseach Leo Varadkar, an tAire Heather Humphreys, Cathaoirleach agus Comhbhunaitheoir Project Children, an tUasal Denis Mulcahy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin, An Comhairleoir David Maxwell agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhuineacháin, an tUasal […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhpháirtíocht Chultúrtha nua seolta ag Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children

Seoladh comhpháirtíocht chultúrtha nua idir Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children Dé hAoine ag ócáid mhór in Óstán an Hillgrove ar ar fhreastail an Taoiseach Leo Varadkar, an tAire Heather Humphreys, Cathaoirleach agus Comhbhunaitheoir Project Children, an tUasal Denis Mulcahy, Cathaoirleach Chomhairle Contae Mhuineacháin, An Comhairleoir David Maxwell agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhuineacháin, an tUasal Robert Burns. I láthair freisin bhí baill den Oireachtas ón gCabhán, Muineachán agus baill de Chomhairle Contae Mhuineacháin mar aon le haíonna ó phobal Mhuineacháin.

A bhuíochas don chomhpháirtíocht spreagúil nua seo beidh áit i Muineachán, ar an gCampas Síochána nua, don chartlann sainiúil d’íomhánna, agallaimh agus píosaí scannáin a léiríonn obair Project Children le leathchéad bliain anuas. Beidh an Campas Síochána mar phríomhshuíomh freisin le haghaidh clár mór ceiliúrtha a dhéanfaidh comóradh ar 50 bliain de chuid Project Children in 2025.

Agus é ag seoladh na páirtnéireachta cultúrtha nua seo, dúirt an Comhairleoir David Maxwell, ‘Smaoineamh simplí a bhí i Project Children páistí  a thógáil ón dá thaobh de phobal a bhí á réabadh óna chéile agus iad a chur i gcomhluadar a chéile in áit éigin eile nach raibh tábhacht a thuilleadh leis na rudaí a scar óna chéile iad. Agus nuair a chuaigh siad abhaile, mhúin siad na ceachtanna a d’fhoghlaim siad dá muintir agus dá gcairde.

Cosúil le cloch a chaitheamh i lochán, leath na tonnáin bheaga amach nuair a caitheadh níos mó clocha isteach, agus scaip an tionchar. Mar a dúradh sa chlár faisnéise ilghradaim How to defuse a Bomb bhí Denis ag cuidiú le próiseas síochána a chruthú i dTuaisceart Éireann sula raibh próiseas na síochána ann.’

Ag labhairt dó ag an seoladh dúirt Robert Burns, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhuineacháin: ‘Sa chúlra a bhíonn an chuid is mó de na rudaí a dhéanann an Chomhairle ó lá go lá, iad dofheicthe ach ríthábhachtach. Leis an gCampas Síochána nua táimid ag cruthú foirgneamh agus seirbhís shuntasach a chuirfidh spás ar fáil do gach duine a thugann cuairt air chun taitneamh a bhaint as cuideachta a chéile nó b’fhéidir sos, atá tuillte go maith acu, a thógáil ó strus agus trialacha an tsaoil laethúil. D’fhéadfadh sé a bheith ina áit agat le cupán  caife a ól  nó le bualadh le duine.

D’fhéadfadh sé a bheith mar áit le suí amuigh faoin ngrian agus taitneamh a bhaint as an aimsir. Nó d’fhéadfadh sé a bheith mar áit chun tabhairt faoi athrú, forás nó claochlú.  Ag obair lenár gcomhpháirtithe pobail ar an dá thaobh den teorainn, beidh sé ina áit freisin chun nuálaíocht agus bealaí nua oibre a spreagadh. Tá fáil san fhoirgneamh seo ar an rud is tarraingtí ar fad – deis. An fhís chéanna  atá ag an gCampas Síochána agus Project Children mar go gcuireann an dá cheann deis ar fáil.’

Project Children

Chuir Denis agus Patrick Mulcahy agus daoine eile tús le Project Children i 1975. Tar éis dóibh dul ar imirce ó Chorcaigh go Nua-Eabhrac go luath sna 1960idí, bhí Denis ina oifigeach diúscartha buamaí agus ina chomhalta cáiliúil de Phóilíní Nua-Eabhrac.

Tar éis dó breathnú ar an iomarca cuntais nuachta faoin fhoréigean i dTuaisceart Éireann, mheas Denis agus Patrick dá bhféadfadh leanaí Protastúnacha agus Caitliceacha am a chaitheamh le chéile i dtimpeallacht nach raibh loite ag troid is cogadh, gur lú an seans go mbeidís ag caitheamh buamaí lena chéile mar dhaoine fásta, agus is mar sin a tháinig Project Children ar an saol. An chéad samhradh sin i 1975, thug siad seisear leanaí, triúr Protastúnach agus triúr Caitliceach, chun an samhradh a chaitheamh i stát Nua-Eabhrac.

Sna blianta ó shin, leathnaíodh an tionscadal agus thaistil breis agus 23,000 leanbh ó Thuaisceart Éireann go dtí na Stáit Aontaithe chun taithí a fháil ar an saol i dtimpeallacht eile, áit shíochánta. Thug leanaí cuairt ar 22 stát agus chun an togra deonach seo a riar fuair Project Children cúnamh ó bhreis is 16,000 teaghlach ar fud na Stát Aontaithe a thóg na páistí isteach ina dtithe féin.

Is í an oidhreacht atá ag Project Children ná an taithí ar an ngrá a mhothaigh na leanaí a ghlac páirt agus a dteaghlaigh ósta. Léiríodh an scéal loiscneach seo faoin saol, faoin ngrá agus faoin tragóid sa scannán ilghradaim How to Defuse a Bomb – The Project Children Story arna insint ag Liam Neeson.

Tháinig an tionscadal chun críche go hoifigiúil in 2015 tar éis 40 bliain agus bhí deis ag os cionn 23,000 leanbh taisteal go Meiriceá le haghaidh sos samhraidh.

Sa lá inniu, cuireann Clár Oibre Samhraidh & Taistil Project Children deis iontach ar fáil do mhic léinn as Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas, faoin chlár ‘malartaithe cultúrtha’ seacht seachtaine a chaitheamh gach samhradh á dtumadh féin i gcultúr na Stát Aontaithe trí bheith ag maireachtáil agus ag obair thall.

Faoi Champas na Síochána

Tá an Campas Síochána le hoscailt don phobal in Earrach 2024 agus beidh roinnt seirbhísí cultúrtha agus pobail ann lena n-áirítear – Músaem Chontae Mhuineacháin, leabharlann bhaile Mhuineacháin agus Foróige Mhuineacháin. Tá an tionscadal seo maoinithe tríd an tionscnamh Space IV Shared Spaces, atá á bhainistiú ag an SEUPB.

Nuair a osclaítear an tseirbhís seo táthar ag súil go mbeidh an-tionchar aige ar an gContae agus ar réigiún na teorann máguaird. Feidhmeoidh sé mar thearmann, spás sábháilte inar féidir le daoine ó chúlraí cultúrtha, creidimh, eacnamaíocha agus sóisialta éagsúla teacht le chéile i réimse poiblí atá fíor-roinnte, deis a chothóidh agus a chuideoidh le caidreamh níos fearr a fhorbairt ag an leibhéal áitiúil i limistéar a ndeachaigh oidhreacht na dTrioblóidí i bhfeidhm go mór air.film How to Defuse a Bomb – The Project Children Story, narrated by Liam Neeson.

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhpháirtíocht Chultúrtha nua seolta ag Comhairle Contae Mhuineacháin agus Project Children'