Tá an t-eagras luathoideachas Gaeltachta, Comhar Naíonraí na Gaeltachta, ar thóir duine fuinniúil chun cuidiú le hobair riaracháin agus bainistíochta an chomhlachta, ina bpríomhoifig ar an gCeathrú Rua.
Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) an t-infreastruchtúr in áit chun seirbhísí luathoideachais agus cúram leanaí a chur ar fáil as Gaeilge, sa Ghaeltacht, agus cuireann siad seirbhísí riaracháin, tacaíochta agus traenála ar fáil do na seirbhísí, tuismitheoirí, coistí agus pobail Ghaeltachta. Tá an comhlacht tar éis bogadh isteach i bhfoirgneamh tarraingteach nua ar an gCeathrú Rua.
Tá ionadaíocht ag CNNG ar An Aonad um Oideachas Gaeltachta (Roinn Oideachais agus Scileanna), ar an bhfóram Náisiúnta Luathbhlianta (An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige), agus ar an gcoiste náisiúnta cosaint leanaí ‘Tús Áite do Leanaí’ (Tusla). Bhí CNNG i gcomhpháirtíocht leis An gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Meastóireachta ag cur an leagan nua den scéim ‘Ag aistriú ón Naíonra chuig an mBunscoil’ i dtoll a chéile.
Gníomhaíonn CNNG i ngach ceantar Gaeltachta sa tír agus ó bunaíodh an comhlacht tá méadú an-mhór tagtha ar sheirbhísí CNNG. Is é an spriocdháta le cur isteach ar an bpost ná 5in ar an Aoine, 19ú Eanáir, 2018. Is féidir cur isteach ar an bpost trí CV a sheoladh chuig eolas@cnng.ie.
Maryanne Seoighe
Bheadh suim agam sa phost start fograithe thuas.
Le Meas
Maryanne Seoighe
0877785221