I mí Aibreáin, d’fhreastail 12 ball de Chomhairle na nÓg DLR, le tacaíocht ó fhoireann Roinn Forbartha Pobail agus Cultúrtha Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, ar ócáid Taispeántais Náisiúnta 2025 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Ba cheiliúradh é an ócáid seo ar an obair ar fad atá déanta ag baill Chomhairle na nÓg ó na 31 údarás áitiúil ar fud na hÉireann. Bhí deis ag baill Chomhairle na nÓg DLR aird a tharraingt ar an obair atá déanta acu le dhá bhliain anuas agus iad ag iarraidh dul i ngleic le strus scoile trí roinnt tionscnamh.
Leag an Comhairleoir Jim O’Leary, Cathaoirleach, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin béim ar thábhacht obair Chomhairle na nÓg:
“Tugann Comhairle na nÓg deis do dhaoine óga nach bhfuil in aois vótála a nglór a chur in iúl agus tionchar a imirt ar bheartas. Bhí an deis agam oibriú le Comhairle na nÓg DLR le déanaí ag freastal ar a n-imeacht ‘Bridging the Gap’ i mí Lúnasa 2024 a reáchtáladh in Ionad Siopadóireachta Dhún Droma. Leis an imeacht seo, tugadh tacaíocht do dhaltaí atá ag aistriú ó oideachas bunscoile go leibhéal na meánscoile. Tá áthas orm a chloisteáil go raibh ról lárnach ag daoine óga ó Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin sna hiimeachtaí le linn Taispeántas Náisiúnta Chomhairle na nÓg 2025. De réir na hoibre atá feicthe agam, tá na glúnta atá le teacht sábháilte.”
Fuair siad teastas gnóthachtála as a gcuid oibre agus roghnaíodh ball amháin de Chomhairle na nÓg DLR mar Chathaoirleach ar phlé painéil idir daoine óga agus lucht déanta cinntí. Ina theannta sin, chuir siad a gcuid oibre i láthair daoine tábhachtacha den lucht déanta cinntí lena n-áirítear an Taoiseach Micheál Martin, an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Norma Foley TD, Roderic O’Gorman TD agus an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD.
Chuir Frank Curran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin leis an méid sin nuair a dúirt sé:
“Ní mór dúinn gach deis atá ar fáil a thabhairt do na glúnta atá le teacht chun bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus páirt a ghlacadh in obair a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar bheartas. Faoi stiúir na Roinne Forbartha Pobail agus Cultúir atá againn, is struchtúr den scoth é Comhairle na nÓg lena gcumasaítear deiseanna den sórt sin. Tá sé tábhachtach béim a leagan air go raibh brú suntasach laistigh de Chomhairle na nÓg DLR chun ionadaíocht a thabhairt don ghuth nach gcloistear ach go hannamh agus gan amhras cuirfidh sé seo luach suntasach le cinnteoireacht agus insint sna blianta amach romhainn. Táim bródúil as obair iontach Chomhairle na nÓg DLR a bheith léirithe ar scála náisiúnta ag Taispeántas Náisiúnta Chomhairle na nÓg 2025.”
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Tugann Comhairle na nÓg deis do dhaoine óga ar fud na tíre a nglór a chur in iúl. Tá sé fíorthábhachtach go gcuirfimis a gcuid ionchuir san áireamh, agus a dtodhchaí a choinneáil inár n-intinn, in obair uile ár Rialtais.”
D’aontaigh an tAire Norma Foley leis an tuairim seo, ag cur leis an méid sin: “Tugann ócáid an lae inniu deis iontach do dhaoine óga labhairt go díreach le lucht déanta beartas agus ionadaithe rialtais. Tá sé spreagúil é a fheiceáil go pearsanta.”
Is féidir tuilleadh eolais faoi Chomhairle na nÓg DLR a fháil anseo.
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Comhairle Óige Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin ag Lonrú ag Taispeántas Náisiúnta 2025'