Míníonn Elizabeth-Ann Kirwan BL, céimí den chúrsa Ard-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge agus abhcóide mar a chuidigh an cúrsa agus an cháilíocht seo léi ina saol gairmiúil.
“Gan dabht, bhain mé tairbhe agus taitneamh as an Ard-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge. Idir rialacha gramadaí a athbhreithniú agus scileanna teanga a chleachtadh, tháinig feabhas mór ar mo chuid scileanna abhcóideachta. Anois, tá níos mó iontaoibhe agam ag dul isteach sna comhairliúcháin dom agus tá misneach agam faoin abhcóideacht trí Ghaeilge os comhair Cúirte. Bíonn tacaíocht dhearfach ar fáil ó léachtóirí den chéad scoth agus cuirtear acmhainní luachmhara ar fáil i rith an chúrsa ar fad. Molaim an tArd-Dioplóma d’éinne a bhfuil suim acu ann; beirigí bua.”
Elizabeth-Ann Kirwan, Abhcóide
Tá an cúrsa ar líne seo ar oscailt agus thar a bheith oiriúnach d’abhcóidí agus d’aturnaetha a bhfuil líofacht Ghaeilge acu chomh maith le daoine gairmiúla a oibríonn leis an Dlí agus leis an nGaeilge.
Cuimsítear cúrsaí sibhialta agus coiriúla, dréachtú, abhcóideacht, comhchomhairle agus idirbheartaíocht. Reáchtáiltear bréagchúirteanna agus trialacha bréige mar dhlúthchuid den chúrsa agus tugtar neart deiseanna do na rannpháirtithe am a chaitheamh ar a gcosa chomh maith le cleachtaí sa dréachtú agus sa téarmaíocht. Cuirtear béim ar na ceantair chleachtais ina ndéantar obair trí Ghaeilge.
Múintear gné an dlí den chúrsa ar líne tráthnóna Dé Luain (18:00–20:30) ó thús Dheireadh Fómhair go dtí mí an Mhárta. Ina theannta sin, bíonn deis ag rannpháirtithe freastal ar ranganna i gceart-scríobh na Gaeilge ar líne tráthnóna Dé Céadaoin (18:00–21:00), scil riachtanach don té a bhíonn ag cleachtadh trí Ghaeilge.
Cuireann an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta tacaíocht airgeadais ar fáil don chúrsa seo.
Ní foláir d’iarrthóirí leibhéal cumais sásúil sa Ghaeilge a léiriú i scrúdú iontrála a reáchtálfar ar líne Dé Luain an 22 Meán Fómhair 2025 18h00–18h30. Má bhain tú amach TEG B2 (lánchreidiúint) nó leibhéal níos airde ó 2023 i leith, is leor fianaise ina thaobh sin a chur chuig Óstaí an Rí seachas an scrúdú iontrála a shuí. Roinntear an líon teoranta áiteanna ar an gcúrsa ar bhonn fiúntais. Is é an spriocdháta d’iarratais ar áit ar an gcúrsa: Dé Domhnaigh an 21 Meán Fómhair 2025.
Le tuilleadh a fhoghlaim faoin Ard–Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge, GLIOGÁIL ANSEO
Faoi Óstaí an Rí
Tá Óstaí an Rí lonnaithe idir Sráid Henrietta agus Cnoc an Bhunreachta i mBaile Átha Cliath 1 agus is foras oideachais neamhspleách é a bhfuil clú agus cáil air as oiliúint ghairmiúil sa dlí den scoth a sholáthar. Is ann atá an scoil dlí is sine in Éirinn agus is ionad suntasach stairiúil é.
Chomh maith le hoideachas a chur ar abhcóidí faoi oiliúint, tairgeann an Scoil Dlí cúrsaí páirtaimseartha inrochtana i sainréimsí dlí don pobal i gcoitinne idir dhaoine a bhfuil cúlra dlí acu agus daoine nach bhfuil.
Bíonn na cúrsaí á dteagasc ag cleachtóirí dlí saineolacha agus faightear i measc na mac léinn ceannairí agus ceannródaithe, nuálaithe agus lucht inspioráide. Tá an Scoil Dlí ag tús cadhnaíochta ó thaobh cúrsa dlí a mhúineadh trí Ghaeilge.
Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt le do thoil ar kingsinns.ie < https://www.kingsinns.ie
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: An suim leat cur le do chumas seirbhísí dlí a thairiscint trí Ghaeilge le hArd-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge?'