GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: 5 Lá Iontacha Teaghlaigh i Muineachán

Agus tú ag iarraidh teacht ar smaointe do shaoire don teaghlach sa bhaile, b’fhéidir nach dtiocfadh Muineachán i d’intinn ar dtús, ach tá go leor teaghlach ag fáil amach go bhfuil athrú radhairc agus luais ar fáil i Muineachán, chomh maith le raon suntasach nithe le feiceáil agus le déanamh ag an teaghlach ar fad […]

GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: 5 Lá Iontacha Teaghlaigh i Muineachán

Agus tú ag iarraidh teacht ar smaointe do shaoire don teaghlach sa bhaile, b’fhéidir nach dtiocfadh Muineachán i d’intinn ar dtús, ach tá go leor teaghlach ag fáil amach go bhfuil athrú radhairc agus luais ar fáil i Muineachán, chomh maith le raon suntasach nithe le feiceáil agus le déanamh ag an teaghlach ar fad – agus cuid mhór acu amuigh faoin aer. Is rogha tharraingteach é turas lae ó Bhaile Átha Cliath nó ó áiteanna eile freisin, ach nuair a gheobhaidh tú blaiseadh den mhéid atá ar fáil i Muineachán, is cinnte go mbeidh sé mar cheann scríbe agat do shaoire theaghlaigh sa bhaile.

Seo cúig cinn de na smaointe is ansa linn le haghaidh laethanta i Muineachán atá oiriúnach do theaghlaigh:

Tá Páirc Fóillíochta Loch Mucnú i mBaile na Lorgan (1 uair 20 nóiméad ó Bhaile Átha Cliath) ina seoid de pháirc, ina bhfuil rud éigin le déanamh ag daoine den uile aois. Anseo gheobhaidh tú cuid de na siúlóidí is fearr i Muineachán atá oiriúnach do bhugaithe, páirc spraoi iontach (oiriúnach ó aois 2-12), limistéir phicnice agus trucail chaife, chomh maith le raon leathan gníomhaíochtaí do pháistí lena n-áirítear seoltóireacht, cadhcáil agus dreapadóireacht crann, a bhuíochas le hIonad Eachtraíochta Lasmuigh Bhaile na Lorgan. Nó céard faoi do bhróga siúil nó trealamh iascaireachta a thabhairt leat agus spaisteoireacht a dhéanamh ar do chonlán féin?

Tá Páirc Foraoise Ros Mór ar cheann de na páirceanna is mó tóir sa tír, de réir Coillte, agus ní haon ionadh é go mbíonn an-éileamh uirthi i measc teaghlach; tá feabhas déanta le déanaí agus trí chosán na bhfathach curtha leis, ina bhfuil dealbha arda déanta as adhmad athshlánaithe, a dhear dearthóir seit Game of Thrones, Marc Kelly.

Chomh maith le roinnt cosán siúil, tá páirc spraoi nua ann a dearadh chun a bheith ag teacht leis an timpeallacht nádúrtha álainn. Tá sólaistí ar fáil ag an duga caife ar an láthair agus, ag an deireadh seachtaine, is féidir leat a lán bia áitiúil a fháil ó thrucailí bia. Nó céard faoi phicnic a thabhairt leat? Beidh aip Pháirc Foraoise Ros Mór, treoir atá saor in aisce do chuairteoirí, ina chúnamh duit chun do bhealach a dhéanamh sa pháirc álainn.

Tá an uile rud a bheadh uait le fáil i sráidbhaile álainn Glasloch (1 uair 40 nóiméad ó Bhaile Átha Cliath) – lár gleoite an tsráidbhaile, ar féidir leat féachaint thart air le cosán fuaime iontach spéisiúil (tógann sé thart ar uair an chloig é a chríochnú, agus é le híoslódáil saor in aisce ó shuíomh gréasáin Turasóireacht Mhuineacháin).

Tar éis duit a bheith ag fálróid thart sa sráidbhaile, d’fhéadfá tabhairt faoi ghníomhaíochtaí is féidir leat a chur in áirithe roimh ré, ar nós Busy Bee Ceramics. Caithfidh tú píotsa a fháil in Ambledown Cottage, agus ná déan dearmad spás a fhágáil do sheacláid fhíorbhlasta Ghlaslocha ó Trish Murphy-Thom.

Tabhair do rothar leat go Muineachán agus bain lán do shúl as an radharc tíre álainn ar an dá roth; meastar go bhfuil an stráice 4.2km de Ghlasbhealach Chanáil Uladh i mBaile Mhuineacháin ‘éasca’ agus clúdaíonn sé tírdhreach uirbeach agus tuaithe, chomh maith le suíomhanna oidhreachta díol spéise.

Mar rogha eile, tóg rothar leictreach ar cíos ó Drumlin Trails i Scairbh na gCaorach agus ‘díghlasáil’ roinnt cosán rúnda atá ceaptha ag an saineolaí staire áitiúla, Paddy McQuaid. Is féidir suíocháin do pháistí, leantóirí agus trealamh sábháilteachta a fháil ar cíos freisin. Tar éis duit cosán an Ghleannáin, Dhomhnaigh agus Ghlaslocha (6km) a chríochnú, beidh féirín deas tuillte agat ó pharlús uachtar reoite Pocono i nGlasloch.

Maidir le gníomhaíochtaí do pháistí níos sine, is den riachtanas é dul chuig an eispéireas cuairteoirí úrnua ag Teach na mBocht, Carraig Mhachaire Rois, ina dtugtar léargas ar thréimhse thochtmhar de stair na hÉireann trí shúile cailín sna déaga. Lean cuairt oideachasúil mhothúchánach le rud éigin iomlán difriúil: faigh roinnt soláthairtí i ‘Foodie Town’ Charraig Mhachaire Rois agus téigh amach ar phicnic in aice le Taibearnacal Stáin Phádraig i sráidbhaile an Láithrigh. Téigh ar shiúlóid álainn cois srutháin ina dhiaidh sin agus coinnigh súil amach do na péacóga a bhíonn ag fánaíocht thart!

Chun níos mó inspioráide a fháil le haghaidh saoire theaghlaigh sa bhaile i Muineachán, téigh chuig www.monaghantourism.com

Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: 5 Lá Iontacha Teaghlaigh i Muineachán'