Glórtha ó ‘Chré na Cille’ agus Cadhnach an Aontais Shóivéadaigh

Meabhraíonn mórshaothar Svetlana Alexievich, an t-údar Bealarúiseach ar bronnadh duais Nobel na litríochta uirthi an tseachtain seo caite, mórshaothar Mháirtín Uí Chadhain dár gcolúnaí

Svetlana-Alexievich

Bliain d’aois a bhí an t-iriseoir as an mBealarúis ar bronnadh duais Nobel na litríochta uirthi an tseachtain seo caite, nuair a foilsíodh Cré na Cille, sa bhliain 1949.

Ós rud é nár foilsíodh aistriúchán Béarla de mhórhshaothar Mháirtín Uí Chadhain go dtí i mbliana, caolsheans go mbeadh Alexievich féin ar an eolas go raibh údar i mbun pinn in Éirinn tráth a bhfuil oiread i gcoitinne aici leis.

Ar ndóigh, tharla sé cheana gur tháinig beirt aníos le cur chuige fíorchosúil lena chéile go hiomlán i ngan fhios dá chéile agus ní theastaíonn uaim a thabhairt le tuiscint anseo ar bhealach ar bith go ndearna Alexievich aithris ar an gCadhnach. Ní theastaíonn uaim ach aird a tharraingt ar chosúlachtaí iontach suimiúla idir an bheirt údar.

Níl aistriúchán Béarla den mhórshaothar is déanaí le hAlexievich, Vremya sekond khend (‘Am dara láimhe’), a foilsíodh sa bhliain 2013, ar fáil fós. Níl Rúisis agam – i Rúisis a scríobhann Alexievich – ach tharla gur thug deartháir liom aistriúchán Ísiltírise den leabhar dom anuraidh. Agus duais Nobel na litríochta buaite ag Alexievich, ní raibh rogha agam ach an leabhar a bhaint den tseilf ar an bpointe boise agus é a léamh.

A luaithe is a d’oscail mé ‘Am dara láimhe’, chonaic mé an chosúlacht idir é agus Cré na Cille. Ach an oiread le mórshaothar an Chadhnaigh, caint uilig atá i mórshaothar Alexievich. Seo thíos aistriúchán sciobtha ó mo pheann féin ar shliocht gairid le go bhfeicfeadh léitheoirí Tuairisc.ie céard atá i gceist agam:

– Bhí eagla orainn ar feadh an chogaidh ar fad…

– Murach Stalin… Gan a lámh iarainn siúd ní bheadh an Rúis tar éis teacht slán.

– Ní do Stalin a throid mise, ach don athartha. Mionnaim ar mo chlann agus ar chlann mo chlainne nár chuala mé ‘Ar son Stalin!’ ó bhéal duine ar bith riamh.

– Ní féidir cogadh a bhuachaint gan saighdiúir.

– Muise…

– Dia amháin a gcaithfidh an duine eagla a bheith air roimhe. Eisean an breitheamh.

– Más ann dó…

(As Vremya sekond khend, san aistriúchán go hÍsiltíris ag Jan Robert Braat / De Bezige Bij)

Nach gceapfá gur sliocht as Cré na Cille an méad thuas?

Tá níos mó i gcoitinne ag Alexievich agus Ó Cadhain ná cúrsaí stíle, áfach. Ach an oiread le Cré na Cille, is éard atá in ‘Am dara láimhe’ ná cur síos ar shaol nach maireann. Seansaol na Gaeltachta a theastaigh ón gCadhnach a chaomhnú ar pár; an seansaol Sóivéadach is ábhar d’Alexievich.

Agus leis sin, táimid tagtha chuig an difear ollmhór idir an dá shaothar, Cré na Cille agus ‘Am dara láimhe’.

Ficsean, ar ndóigh, atá i saothar Uí Chadhain. Ach neamhfhicsean atá in ‘Am dara láimhe’ mar aon le saothair uile Alexievich; iriseoir is ea í.

Agus ‘Am dara láimhe’ á scríobh ag Alexievich, chuir sí agallamh ar na céadta gnáthdhuine ó cheann ceann an Iar-Aontais Shóivéadaigh.

Tugann allagar a nglórtha siúd cur síos fíorchumhachtach ar thragóid na nglúnta a tháinig in aois nuair a bhí an cumannachas i réim: daoine a fuair amach, nach mór thar oíche, gur insíodh bréaga dóibh ar feadh a saoil agus ar thit an tír ollmhór a thógadar agus a rabhadar bródúil aisti as a chéile i bhfaiteadh na súl.

Tá sé de (dhroch)cháil ar Cré na Cille nach leabhar soiléite é ó thaobh na teanga de. A mhalairt ar fad atá fíor faoi ‘Am dara láimhe’. Ach ní hionann sin agus a rá gur leabhar é a léitear go furasta. Go deimhin, is é an cineál leabhair é nach féidir leat a leagan uait – ach ag an am céanna is é an cineál leabhair é ba mhaith leat nár oscail tú riamh.

Sa reilig atá Cré na Cille suite. Ach is mó i bhfad líon na gcorpán agus na gcnámh in ‘Am dara láimhe’. Cloistear scéalta champaí Stalin (agus ó áiteanna ifreannda eile) ó bhéal na ndaoine a bhí i ngéibheann ann agus ó bhéal na ndaoine a bhí i mbun na brúidiúlachta agus na búistéireachta ann.

Ach an oiread le Máirtín Ó Cadhain in Cré na Cille, ní chuireann Svetlana Alexievich a ladar féin isteach mar údar, mar bhreitheamh. An toradh: saothar ilghlórach a chruthaíonn nach ann don aon fhírinne amháin.

Tuigeann fáidh fáidh eile.

  • Beidh aistriúchán Béarla de mhórshaothar Alexievich ar fáil ó Fitzcarraldo go luath faoin teideal Second-Hand Time. Tá agallamh fíorphearsanta, ina míníonn Alexievich, ar Bealarúiseach í, cén fáth a scríobhann sí i dteanga (Rúisis) nach í a teanga dhúchais í, ar fáil anseo 

Fág freagra ar 'Glórtha ó ‘Chré na Cille’ agus Cadhnach an Aontais Shóivéadaigh'

  • Fearn

    “Nach gceapfá gur sliocht as Cré na Cille an méad thuas?”

    Bhal, b’fhéidir, ach bíonn an dá bh’fhéidir riamh ann.

    Luann Máirtín i bPáipéir Bhána go raibh sé go mór faoi thionchair na scríobhneoirí móra Rúisise. Cá bhfios nach bhfuil Sbhatlána Alescidhíbhits faoin tionchar chéanna?

    Bloody touranúns!