Glór na Móna, Béal Feirste, Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua agus lucht an Pop-Up Gaeltacht i measc na mbuaiteoirí ag Comórtas Ghlór na nGael

€20,000 den duaischiste €77,000 a fuair an grúpa as Béal Feirste ag an ócáid bhliantúil de chuid Ghlór na nGael

Glór na Móna, Béal Feirste, Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua agus lucht an Pop-Up Gaeltacht i measc na mbuaiteoirí ag Comórtas Ghlór na nGael

Ba iad Glór na Móna, Béal Feirste a thug leo príomhdhuais Ghlór na nGael i mbliana ag ócáid a bhí ar siúl in Óstán an Ghlasáin i gcontae na hIarmhí.

€20,000 den duaischiste €77,000 a fuair an grúpa as Béal Feirste.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar lucht bunaithe an Pop-Up Gaeltacht.

I measc na mbuaiteoirí eile bhí Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, contae Dhoire, agus Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste.

Bunaíodh Glór na Móna sa bhliain 2004 chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Uachtar Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste.  Eagraíonn an grúpa ranganna agus imeachtaí cultúrtha agus cuireann siad seirbhísí óige agus seirbhísí eile ar fáil do phobal na Gaeilge sa cheantar. Osclaíodh ionad nua an ghrúpa, Gael-Ionad Mhic Goill, le déanaí.


Gradaim Ghlór na nGael – Liosta na mbuaiteoirí


Príomhdhuais Ghlór na nGael 

Glór na Móna, Béal Feirste

Coistí le Daonra faoi 4,000

1ú Duais €4,000 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire

2ú Duais €3,000 Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin

3ú Duais €2,000 Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar, Co. an Dúin

 

Coistí le Daonra 4,000 – 20,000

1ú Duais €4,000 Glór na Móna, Béal Feirste

2ú Duais €3,000 Cairde Teo., Ard Mhacha

3ú Duais €2,000 Ionad na Fuiseoige, Béal Feirste

 

Coistí le Daonra 20,000 +

1ú Duais €4,000 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste

2ú Duais €3,000 Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

3ú Duais €2,000 Glór Cheatharlach

 

Coistí Gaeltachta

1ú Duais €4,000 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe

2ú Duais €3,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe

3ú Duais €2,000 Comhlucht Forbartha na nDéise, Co. Phort Láirge

Na Duaiseanna Speisialta

Duais Ógras €1,000 Glór Uachtar Tíre, Caisleán Uidhilín, Co. An Dúin

Duais an Timire €750 Glór na Móna, Béal Feirste

Duais an Oireachtais €500 Cairde Teo., Ard Mhacha

Duais an Fháinne (Dearbhán €500 ó Ghael Linn) Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe

Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall €1,500 Líonra Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall

Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain

Duais COGG €2,000 Muineachán le Gaeilge

Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Pobal ar a’n Iúl, An Ómaigh, Co Thír Eoghain

Duais an Fhorais Patrúntachta  €1,000 Craobh na Bóinne, Co na Mí

 

Duaiseanna do na Coistí Deonacha, €1,500 an ceann

Cúige Uladh Coiste Ghlór na nGael, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall

Cúige Chonnacht Glór Locha Riach, Co na Gaillimhe

Cúige Mumhan Coiste Ghlór na nGael, Clochán Bhréanainn, Co Chiarraí

Cúige Laighean Gaeil Chill Dara

An Iontráil Nua is Fearr Glór Mhachaire Fíolta, Co Dhoire

 

Duais Aitheantais Fhondúireacht  Sheosaimh Mhic Donnacha €1,000 – Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin

 

Gradam Ghlór na nGael – Pop-Up Gaeltacht

 

Comórtas na gColáistí 3ú Leibhéal – Gearrliosta

An Chuallacht Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Gaelach, Ollscoil na hÉireann Gaillimh

An Cumann Gaelach,  Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

An Cumann Gaelach, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

An Cumann Drámaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, Co Chill Dara

Fág freagra ar 'Glór na Móna, Béal Feirste, Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua agus lucht an Pop-Up Gaeltacht i measc na mbuaiteoirí ag Comórtas Ghlór na nGael'