Gliceas ag teastáil ó Chiarraí chun plúchadh Thír Eoghain a sheachaint

Imreofar cluiche mór eile idir Tír Eoghain agus Ciarraí i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus áit i gcluiche ceannais na hÉireann faoi cheann coicíse an churadhmhír

Gliceas ag teastáil ó Chiarraí chun plúchadh Thír Eoghain a sheachaint

Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tír Eoghain v Ciarraí – Páirc an Chrócaigh, 3.30pm

Idir Ciarraí agus Tír Eoghain a bhíodh na coimhlintí ba mhó ag tús na mílaoise agus cé go bhfuil na foirne athraithe go mór ó shin, tá beagán den nimh fós eatarthu.

Fuair foireann Mickey Harte an ceann is fearr ar Chiarraí sna cluichí móra sin in 2003, 2005 agus 2008 ach tá deireadh tagtha lena gceannas siúd agus bhuaigh Ciarraí ar Thír Eoghain in 2012 agus i gcluiche leathcheannais 2015.

Is mór atá foireann Chiarraí athraithe ó shin agus ba mhór an t-éacht é dá n-éireodh leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach i mbliana.

Lá mór é seo do thosaithe Chiarraí, go háirithe iad siúd sa líne lántosach. Ag streachailt a bhíodh Ciarraí le blianta beaga anuas aon uair a d’imrídís foirne a mbíonn a lán imreoirí thiar i measc na gcosantóirí acu agus caithfidh siad réiteach a fháil ar an bhfadhb sin tráthnóna.

Ní bhfaighidh David Clifford ná Paul Geaney spás ar bith istigh i gcoinne Thír Eoghain agus beidh orthu tabhairt faoi scór nó an liathróid a chur uathu go tapa.

Chuathas crua ar Clifford i gcoinne Dhún na nGall agus beidh imreoir as Tír Eoghain sa mhullach air arís inniu, bíodh sin Ronan McNamee nó Pádraig Hampsey. Níor sáraíodh Clifford i gcoinne na gConallach – d’aimsigh sé trí phointe – agus beidh taispeántas den chineál céanna ag teastáil inniu.

Tá sárthosach dá gcuid féin ag Tír Eoghain agus chruthaigh Cathal McShane ar fheabhas go dtí seo sa chraobh. Tá 3-42 aimsithe ag an lántosach sa chomórtas agus cur leis sin a bheidh uaidh tráthnóna.

Tá cúpla duine ag Ciarraí a d’fhéadfadh súil ghéar a choinneáil ar McShane. Bhuaigh Shane Enright gradam All Star sa líne lánchúil in 2015 ach más níos faide amach a bheidh Enright ag imirt, mar a bhí cúpla uair i mbliana, d’fhéadfadh Ciarraí McShane a fhágáil faoi Tadhg Morley. Rinne fear An Teampaill Nua sárjab agus é ag marcáil Patrick McBrearty i gcoinne Dhún na nGall i bPáirc an Chrócaigh.

Ní ar McShane amháin a chaithfidh Ciarraí díriú. Cúis imní é do Peter Keane nach bhfuil a fhoireann chomh maith sin ag déileáil le himreoirí a thagann de rite reaite síos lár na páirce. D’aimsigh Corcaigh an-chuid bearnaí i gcosaint na Ríochta i gcluiche ceannais na Mumhan agus is cinnte go mbeidh sé sin tugtha faoi deara ag Mickey Harte. Tá cosantóir breise curtha ag Keane sa líne leatosach ó shin ach caithfidh Ciarraí a bheith ar an airdeall agus gan an iomarca spáis a fhágáil os comhair na líne lánchúil.

Cé nach raibh sé i mbarr a mhaitheasa go dtí sin sa chraobh, rinne Mattie Donnelly scrios nuair a tugadh go leor spáis dó sa dara leath i gcoinne Chorcaí agus nuair a bhíonn Donnelly agus Peter Harte ag imirt go maith do Thír Eoghain is fearr go mór mar fhoireann iad.

Tá sé thar a bheith deacair buaiteoir a phiocadh do chluiche an lae inniu. D’fhéadfadh sé tarlú go bplúchfadh cosantóirí Thír Eoghain Ciarraí, mar a rinneadh cheana. Ach má chuireann fir na Ríochta tús maith leis an gcluiche agus má bhíonn bearna mhaith idir iad féin agus Tír Eoghain ar chlár na scór luath sa chluiche, beidh ar Thír Eoghain dul ar an ionsaí agus cluiche níos oscailte a imirt.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Fág freagra ar 'Gliceas ag teastáil ó Chiarraí chun plúchadh Thír Eoghain a sheachaint'