Glactha ag Banríon Shasana le hiarratas Johnson go gcuirfí an pharlaimint ar fionraí

Beidh parlaimint Westminster ar fionraí ón dara seachtain de mhí Mheán Fómhair go dtí an 14 Deireadh Fómhair, 17 lá roimh lá an Bhreatimeachta.

Glactha ag Banríon Shasana le hiarratas Johnson go gcuirfí an pharlaimint ar fionraí

Tá glactha ag Banríon Shasana le hiarratas Boris Johnson go gcuirfí parlaimint Westminster ar fionraí ar feadh cúig seachtaine an mhí seo chugainn.

‘Feillbheart agus bagairt don daonlathas’ a thug Jeremy Corbyn ar iarratas Boris Johnson go gcuirfí parlaimint Westminster ar fionraí agus dúirt spéicéir Westminster John Bercow gur ‘feall ar an mbunreacht’ a bheadh ann.

Tá cruinniú leis an mBanríon á lorg ag Corbyn chun an scéal a phlé.

Dúirt Guy Verhofstadt, Comhordaitheoir Breatimeachta Pharlaimint na hEorpa go raibh “urchóid” sa mhéid a bhí déanta ag Johnson.

Fágann cinneadh Johnson go mbeidh an pharlaimint ar fionraí ón dara seachtain de mhí Mheán Fómhair go dtí an 14 Deireadh Fómhair, 17 lá roimh lá an Bhreatimeachta.

Mar sin ní bheidh ag feisirí ach fíorbheagán ama chun reachtaíocht a thabhairt isteach in iarracht cosc a chur ar Bhreatimeacht gan mhargadh. Tá beartaithe ag cuid de lucht cáinte Johnson dul i muinín an dlí in iarracht stop a chur lena phlean an pharlaimint a chur ar fionraí.

Tá ráite ag Príomh-Aire na Breataine go bhfágfaidh an Ríocht Aontaithe an tAE ar an 31 Deireadh Fómhair bíodh margadh déanta nó ná bíodh.

Mhaígh Johnson inniu nach raibh sé “fíor ar chor ar bith” go raibh an pharlaimint á cur ar fionraí aige mar gheall ar an mBreatimeacht.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn gur “feillbheart agus bagairt don daonlathas” é iarratas Boris Johnson ar Bhanríon Shasana parlaimint Westminster a chur ar fionraí.

Mhaígh Boris Johnson i litir a chuir sé chuig na feisirí go mbeadh “fuílleach ama” acu an Breatimeacht a phlé, ach rinneadh cáineadh forleathan ar an mbeart.

Dúirt Jeremy Corbyn go raibh “alltacht” air faoi “mhíchúram uafásach” rialtas Johnson a bhí ag iarraidh an pharlaimint a chur ar fionraí “ar mhaithe le scrúdú a sheachaint ar a phleananna místuama i dtaobh an Bhreatimeachta gan mhargadh”.

“Is mór an náire é seo agus bagairt atá ann ann dár ndaonlathas,” a dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre.

Dúirt spéicéir pharlaimint Westminster John Bercow gur “feall ar an mbunreacht” a bhí ann.

Dúirt Bercow gur cuma cén insint a dhéanfaí ar an scéal go raibh sé “ríshoiléir” gurb amhlaidh go rabhthas ag iarraidh cosc a chur ar na bparlaimint an Breatimeacht a phlé agus a dualgas a chomhlíonadh maidir le “dán na tíre a mhúnlú”.

Thacaigh an DUP, páirtí ar a bhfuil an rialtas ag brath chun fanacht i gcumhacht,  le cur chuige Johnson.

“Tabharfaidh sé seo deis dúinn ár dtosaíochtaí a chur i dtiúin le tosaíochtaí an Rialtais,” a dúirt Arlene Foster, ceannaire an DUP.

Dúirt CéadAire na Breataine Bige Mark Drakeford, gur chóir reifreann Breatimeachta eile a bheith ann i bhfianaise fhionraí na parlaiminte.

“Throid Boris Johnson feachtas reifrinn ar mhaithe le cumhacht a thabhairt athuair don pharlaimint agus tá sé anois ag iarraidh ar an mBanríon an doras a dhúnadh ar ár ndaonlathas. Tá an bonn bainte de gheallúintí lucht an fheachtais ar son an imeachta. Tá sé in am an scéal a chur faoi bhráid an phobail,” arsa Mark Drakeford.

Fág freagra ar 'Glactha ag Banríon Shasana le hiarratas Johnson go gcuirfí an pharlaimint ar fionraí'

  • Liam Mac Lochlainn

    Scannalach. Neamhdhaonlathach. An léann Johnson ‘Mein Kampf agus é ag dul a luí?

  • An Teanga Bheo

    Rinne an Rialtas faoi Johnson moladh leis an mbanríon agus ní folair dí siniú ar son an Rialtas
    Daonflathas i baol ach an commonwealth i réim.