‘Glac leis nach bhfuil a leithéid de rud agus príobháideachas agat ón nóiméad a chasann tú air do ghuthán póca’

Níor thóg sé ach cúpla lá ar aip shruthaithe cheoil aitheanta ó Chríoch Lochlann a oibriú amach gur bhog fear a bhfuil dúil ag ár gcolúnaí ann isteach ina árasán

‘Glac leis nach bhfuil a leithéid de rud agus príobháideachas agat ón nóiméad a chasann tú air do ghuthán póca’

‘Glac leis nach bhfuil a leithéid de rud agus príobháideachas agat ón nóiméad a chasann tú air do ghuthán póca,’ a dúirt fear a oibríonn i rannóg chibearshlándála na bhfórsaí armtha i dtír bheag in iarthar na hEorpa liom roinnt blianta ó shin agus muid ag roinnt leapan le chéile (is fánach an áit a bhfaighfeá eolas a dhéanfadh céad líne tharraingteach do cholún.)

Is iomaí uair a chuimhnigh mé ar rabhadh an chibearshaighdiúra dhóighiúil sin le laethanta beaga anuas.

Níorbh é an scéal a bhris an tseachtain seo faoin earra spiaireachta Pegasus – bogearra atá ag coinneáil súile, de réir dealraimh, ar na scórtha míle iriseoirí, gníomhaithe agus polaiteoirí ar fud an domhain – ba chúis leis sin, ach an rabharta teachtaireachtaí fógraíochta atá á gcur chugam le coicís anuas ag seirbhís sruthaithe ceoil aitheanta as Críoch Lochlann.

Coicís go leith ó shin, bhog fear a bhfuil caidreamh casta grá agam leis le blianta fada isteach i m’árasán (go sealadach, ach sin scéal eile.)

Ní raibh a chuid balcaisí ar fad bainte as a chuid málaí aige go fóill nó thosaigh an tseirbhís shruthaithe cheoil, a bhfuil síntiús pearsanta agam léi le roinnt mhaith blianta anuas, ag cur fógraí chugam – ar a laghad ceann in aghaidh an lae – faoi shíntiús a d’fhéadfaí a roinnt le do pháirtnéir.

I mo chónaí liom féin a bhí mé go dtí seo ach ní hé sin le rá nach mbíonn gutháin chliste eile i m’árasán go rialta. Le nach mór trí bliana anuas, bíonn guthán cliste mo dhearthár óig Bhrasaíligh ar an láthair ar feadh cúpla uair an chloig gach lá. Is aoibhinn leis siúd ceol – ach níor thairg an tseirbhís shruthaithe cheoil síntiús a d’fhéadfaí a roinnt le do pháirtnéir dom riamh roimhe seo.

Ní chaitheann mo dheartháir óg Brasaíleach an oíche i m’árasán, ach bhí mo dheirfiúr mhór agus a guthán cliste sise ag stopadh liom ar feadh míosa díreach roimh an bpaindéim agus fógra ní bhfuair mé faoi shíntiús ceoil a d’fhéadfaí a roinnt le duine eile, gan trácht ar pháirtnéir.

I bhfocail eile, thuig algartam uilechumhachtach na haipe ceoil go bhfuil an caidreamh atá agam le húinéir an ghutháin chliste a bhog isteach liom coicís ó shin an-éagsúil ó na caidrimh atá agam le húinéirí na nguthán cliste eile a bhíonn i m’árasán. Thuig an t-algartam gur fear a bhí anseo a dteastódh uaim bronntanas a cheannacht dó, gach seans.

Cén chaoi ar oibrigh an aip cheoil amach go raibh fear a bhfuil dúil agam ann tar éis bogadh isteach liom? Arbh é an chaoi go raibh m’iPhone ag cúléisteacht go mínáireach lenár gcuid comhráite? Ar chruthaigh córas iOS próifíl dár gcaidreamh bunaithe ar fhad, ar mhinicíocht agus ar thráth ár gcuid glaonna agus teachtaireachtaí WhatsApp? Ar cuireadh an phróifíl sin ar fáil d’aipeanna a bheadh sásta íoc as a leithéid d’eolas – eolas a bailíodh toisc nár bhac mise le tic réamhshocraithe a bhaint as bosca éigin sular chliceáil mé an cnaipe ‘OK’?

Tráthúil go leor, bhí nuashonrú le déanamh ar chóras iOS an tseachtain seo agus, ar mhaithe leis an gcraic, chas mé as an ‘rianú’ a dhéanann aipeanna éagsúla ar mo ghuthán orm, an aip cheoil san áireamh.

Ar mhaithe leis an gcraic, a deirim, óir ní dhéanfaidh mé dearmad ar fhocail dhrochthuarúla an chibearshaighdiúra: ‘Glac leis nach bhfuil a leithéid de rud agus príobháideachas agat ón nóiméad a chasann tú air do ghuthán póca.’

PS: Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh, deich nóiméad tar éis dom an chéad dréacht den cholún seo a chríochnú, nuair a tharraing an fear atá tar éis bogadh isteach i m’árasán (agus nach raibh ábhar an cholúin luaite agam leis) an tseirbhís shruthaithe cheoil as Críoch Lochlann anuas sa chomhrá gan choinne. Bhí iontas air faoi líon na bhfógraí faoin tseirbhís chéanna a bhí á bhfeiceáil ar a ghuthán cliste aige ó bhog sé isteach liom.

Fág freagra ar '‘Glac leis nach bhfuil a leithéid de rud agus príobháideachas agat ón nóiméad a chasann tú air do ghuthán póca’'