Ginmhilleadh – polaiteoirí as alt leis an bpobal

Beidh gá le misneach ó gach teachta mar gheobhaidh dream éigin locht orthu cibé cinneadh a dhéanfaidh siad

Ginmhilleadh – polaiteoirí as alt leis an bpobal

Tá, an brú ar an bhFeidhmeannas i Stormont faoi cheist an ghinmhillte ag treisiú an athuair san Tionól agus lasmuigh de. Tugadh aighneacht, sínithe ag 45,000 duine go teach na parlaiminte Dé Máirt. Léirigh suirbhé go raibh seachtar as gach deichniúr i bhfabhar leasuithe ar an dlí. Tá bille príobháideach á chur chun cinn ag teachta Tionóil agus táthar ag súil le rialú cúirte faoin gceist go luath.

Cuireadh an t-ábhar conspóideach ar an méar fhada i mí Feabhra seo caite nuair a chinn Arlene Foster, An Chéad-Aire go mbainfí as lámha na dTeachtaí Tionóil é, go dtí go mbeadh an toghchán thart ar aon chaoi. Mórán mar a rinne an Taoiseach nuair a chuir sé an cheist faoi bhráid Thionól na Saoránach, d’ordaigh Arlene Foster don Aire Sláinte, Simon Hamilton, fochoiste a chur i mbun scrúdaithe chun tuarascáil a sholáthar faoi cheann leathbhliana. Bhí an t-éileamh ar ghinmhilleadh, nó foircheannadh toirchis do mhná a bhí ag iompar féatais nach raibh inmharthana go mór i mbéal an phobail abhus le cúpla bliain.

Léirigh gach páirtí comhbhá do na tuismitheoirí ach níor deineadh tada chun a chinntiú nach mbeadh ar mhná a dhul go dtí an Bhreatain le haghaidh cóir leighis dá gcinnfidís nach raibh siad in ann leanúint leis an toircheas. Rith David Ford, a bhí ina Aire Cirt ag an am, próiseas comhairliúcháin agus dá bharr mhol sé go leasófaí an dlí chun ginmhilleadh a cheadú sa chás go ndéanfaí diagnóis go raibh mínormáltacht mharfach ar an bhféatas. Dhiúltaigh an DUP don leasú. Ina dhiaidh sin chuir baill de pháirtí Ford, Alliance, moladh níos leithne faoi bhráid an Tionóil. Tugadh an t-eiteachas dó. Is ansin a cuireadh cúram ar an Roinn Sláinte fochoiste, a mbeadh saineolas ag na baill, a chur i mbun scrúdaithe.

Beagán le cois seachtaine ó shin thug an fochoiste toradh a shaothair ar láimh do Michelle O’Neill, comharba Hamilton sa Roinn Sláinte. Roinn sise an tuairisc le Claire Sugden, an tAire Cirt. Nuair a ceistíodh iad sa Tionól, dúradh nach bhfoilseofaí an saothar go dtí go mbeadh sé scrúdaithe ag an bhFeidhmeannas. Má cheap éinne go dtabharfadh sé sin deis dóibh an cheist a chur ar an méar fhada arís bhí dul amú orthu.

Dé Céadaoin chuir David Ford an t-iarAire Cirt agus iarcheannaire Alliance bille príobháideach faoi bhráid an Tionóil chun an cosc ar ghinmhilleadh a leasú i gcásanna teoranta. Éilíonn sé go mbeadh ginmhilleadh ar fáil d’aon bhean a bheadh á iarraidh sa chás go mbeadh an féatas a bheadh sí a iompar neamh-mharthanach taobh amuigh den bhroinn, gheall sé é sin do dhaoine a d’fhulaing an crá croí sin, a dúirt sé. Chomh maith leis sin éilíonn sé go gceadófaí ginmhilleadh i gcás éignithe agus ciorrú coil.

Bhí an DUP, bunáite an UUP agus an SDLP in éadan leasuithe ar an dlí a choisceann ginmhilleadh seachas nuair a bhíonn beatha na máthar i mbaol. Léirigh suirbhé nua de chuid Amnesty, áfach, nach bhfuil lucht leanúna na bpáirtithe sin chomh teann leis na polaiteoirí in éadan leasuithe. Millward Brown a rinne an phobalbhreith le 1,000 duine thar ceann Amnesty. Dúirt breis is seachtar as gach deichniúr go raibh siad báúil le leasuithe ar an dlí.

Tháinig méadú ar líon na ndaoine a bhí i bhfabhar athraithe ó rinne Amnesty suirbhé in 2014. Thacaigh 67% leis an éileamh ar ghinmhilleadh i gcás mínormáltachta marfaí ar an bhféatas, sin méadú ó 60% ón uair dheiridh. I gcás coireanna ghnéis, éigniú agus ciorrú coil bhí 72% i bhfabhar ginmhillte i gcomparáid le 69% dhá bhliain ó shin. Measann tromlach freisin nár cheart gur choir é an ginmhilleadh, is é sin nár cheart gurbh fhéidir an dlí a chur ar bhean de bharr ginmhilleadh a bheith aici ná ar dhochtúir as ucht an obráid a dhéanamh.

Murab ionann agus na polaiteoirí, bhí 73% de lucht tacaíochta an DUP i bhfabhar ginmhillte i gcás ionsaí gnéis (17% i gcoinne, 10% nach raibh aon tuairim acu faoi) agus bhí 72% acu ina fhabhar nuair nach mbeadh féatas inmharthanach (15% i gcoinne). Beirt as gach triúr den UUP a bheadh ar son ginmhillte sa dá chás sin (21% i gcoinne). Ag Alliance a bhí an líon ba mhó a bhí ina fhabhar, triúr as gach ceathrar; thart ar seachtar as gach deichniúr ag Sinn Féin agus 69% den SDLP i gcás ionsaithe agus 62% i gcás féatais a mbeadh mínormáltacht mharfach air (26% in éadan).

An athróidh torthaí na pobalbhreithe seo cur chuige Stormont? Ceistíonn eagraíochtaí frith-ghinmhillte na figiúirí ach is léir go bhfuil meon an phobail ag athrú. Beidh gá le misneach ó gach teachta mar gheobhaidh dream éigin locht orthu cibé cinneadh a dhéanfaidh siad. Ruaig an eaglais Phreispitéireach David Ford as a phost mar sheanóir i ngeall ar a thacaíocht don phósadh comhghnéis. Deir Ford gurb é a dhualgas mar pholaiteoir fóint don leas poiblí fiú nuair nach n-aontaíonn a eaglais leis. Déanfar promhadh den sórt sin ar gach teachta i Stormont sula i bhfad.

Fág freagra ar 'Ginmhilleadh – polaiteoirí as alt leis an bpobal'