Sé ár Rónán Mac Aodha Bhuí é – gig speisialta i mBaile Átha Cliath don sárchraoltóir

Tá ceolchoirm speisialta ar siúl i Whelan’s i mBaile Átha Cliath anocht ar mhaithe leis an gcraoltóir aitheanta Rónán Mac Aodha Bhuí atá tinn faoi láthair. A ildánacht a fhágann gurb é an craoltóir is cumasaí dá linn é

Sé ár Rónán Mac Aodha Bhuí é – gig speisialta i mBaile Átha Cliath don sárchraoltóir

Nuair a bhí an fear grinn Des Bishop ag foghlaim Gaeilge i gConamara dá chlár teilifíse In The Name of the Fada bhuaileadh sé isteach go dtí oifig an nuachtáin Foinse.

An lá áirithe seo bhí sé ag imeacht ó thuaidh chun míreanna a thaifeadadh i nDún na nGall agus é fiosrach faoi cad a bheadh roimhe. Rónán Mac Aodha Bhuí a bheadh ag tabhairt aire dó, a dúirt sé.

Gheallas dó go mbeadh deireadh seachtaine aige ná déanfadh sé dearmad air go ceann i bhfad.

Tháinig Des thar n-ais go dtí an oifig an tseachtain dár gcionn chun insint dom conas a bhí aige.

“Man, you were right!” a dúirt sé. “It was like three am in Tigh Hiúdaí Beag and I had to place my hand on a copy of the ‘Buntús Cainte’ to get sworn into the Surreal IRA.”

Fág faoi Rónán é.

Eachtra bheag i measc na mílte a léiríonn acmhainn grinn, samhlaíocht dhiamhair, géarchúis, rógaireacht agus dánaíocht an chraoltóra Gaeilge is cumasaí lena linn.

Fágann na tréithe sin go léir go mbíonn Rónán ábalta an láthair chóisir is fearr de dheireadh seachtaine an Oireachtais a dhéanamh d’fhorhalla leamh óstáin i lár an lae.

Braistint agus blas an fhiántais agus na hainrialach a bhíonn sa treis go minic i saothar Rónáin. Ba é a shárchlár tráthnóna dáileog laethúil dopaimín na nGael agus ní hannamh a bhímis ag cur ceisteanna ar an raidió le teann iontais. 

An ndúirt sé é sin i ndáiríre? Conas go dtugann sé na cosa leis? 

An bhraistint sin go bhféadfadh aon rud tarlú a choimeádann ag éisteacht sinn. 

‘Rónán ar fhaobhar na scine agus gan fhios agat cathain a ghearrfadh sé é féin, nach é sin an rud iontach faoi?’ mar a dúirt duine dá lucht éisteachta dílis liom le déanaí.

Taibhsíodh dom féin riamh gur bhain sé féin súp as an gcroí a chur trasna ar na húdaráis, ar son na cúise. 

“To jangle the bastards right down to the core of their spleens,” mar a dúirt Hunter S Thompson.

Gan dabht tá ábhairín lúbaireachta ag baint leis an bhfiántas sin sa tslí go n-éiríonn leis an machnamh domhain a dhéanann Rónán ar a cheird a cheilt.

Is cuma cén cumas ó nádúr atá ionat ní fhéadfá a bheith chomh maith sin gan dua agus dícheall a chaitheamh leis an gcúram.

Ach má tá a neamheagla agus a mhórtheacht i láthair i measc na mbuanna is mó atá aige mar chraoltóir, is í an ildánacht agus a chomhbhá leis an uile dhuine a dhéanann máistir de Rónán. 

Craoltóir é a bhfuil an teacht abhaile céanna ag baint leis an tslí a ndéanann sé ionramháil ar aon ábhar, bíodh sé íogair nó graosta, tromchúiseach nó neafaiseach, agus tá an nádúrthacht iontach chéanna ag baint leis bíodh sé ag caint le hóg nó aosta. 

A shuim i ndaoine, sa saol agus sa cheart, is ar na máithreacha sin a tógadh a réabhlóid ar an raidió.

Gan dabht, an ceol an rud is giorra dá chroí. An lúcháir a chuireann sé air teacht ar bhanna maith nua, bíonn sí tógálach. Is mó ceoltóir arb é Rónán a thug ardán dóibh den chéad uair, agus ní thugann aon ní níos mó sásaimh dó ná an ceol is ansa leis seachas, b’fhéidir, an ceol is ansa leis a roinnt le daoine eile. 

Is ionann moladh ó Rónán agus séala fiúntais. 

Fógra go gcaithfear éisteacht. 

Dúirt duine liom gurb é John Peel na Gaeilge é.

Ní hea. Sé ár Rónán Mac Aodha Bhuí é.

-Scríobhadh an t-alt seo do chlár ‘Gig do Rónán’, atá ar siúl ag 8pm anocht in Whelan’s i mBaile Átha Cliath. Ar na ceoltóirí a bheidh ar stáitse do Rónán beidh The Mary Wallopers, Kila, Colm Mac Con Iomaire, Síle Denvir, The Bonny Men, Jiggy agus Eoghan Ó Ceannabháin. Is féidir ticéad a fháil anseo

Fág freagra ar 'Sé ár Rónán Mac Aodha Bhuí é – gig speisialta i mBaile Átha Cliath don sárchraoltóir'

  • An Teanga Bheo

    Go n eirí go maith leat agus go raibh biseach ort gan mhoill. Go dtéigh tú slán,