Ghoill an chaint dhiúltach faoin obair sa mbaile orm

Chuir sé iontas orm an tseachtain seo nuair a d’fhoilsigh an Tánaiste reachtaíocht a bhain leis an gcianobair chomh diúltach agus a bhí an comhrá ina taobh

Ghoill an chaint dhiúltach faoin obair sa mbaile orm

Tá suas le 80% díobh siúd a raibh sé ar a gcumas a leithéid a dhéanamh ag obair ón mbaile ó thús na paindéime. Is beag a chreid aon duine againn go bhféadfadh a leithéid a bheith amhlaidh ach bhí agus cé gur chuir na cleachtais nua brú ar dhaoine go minic bhí siad sásta go maith ó tharla gur chiallaigh sé go bhféadfaidís a bpost a choinneáil agus iad féin agus a muintir a choinneáil slán ón víreas marfach.

Chuir sé iontas orm an tseachtain seo nuair a d’fhoilsigh an Tánaiste reachtaíocht a bhain leis an gcianobair chomh diúltach agus a bhí an comhrá ina taobh. An chéad rud a dúradh ina leith go mbeidh sé de cheart ag d’fhostóir diúltú do d’iarratas obair ón mbaile. Beidh sé de chead acu cur faoi ndeara duit teacht isteach ag an ionad oibre atá luaite i do chonradh. Tá cúinsí gnó luaite mar chúis gur féidir diúltú d’iarratas ar obair ón mbaile.

Tosaíodh láithreach ag caint ar chúrsaí árachais agus mar a réiteofaí aighnis. Tá ceisteanna dá gcur faoi shláinte agus sábháilteacht, cosaint sonraí agus dliteanas i gcás timpiste. Is léir go bhfuil ceisteanna fós le réiteach ach nach mar sin a bhíonn i gcónaí nuair a dhéantar iarracht nósmhaireacht a athrú ó bhonn?

Ní féidir ach go bhfuil ceachtanna go leor foghlamtha le dhá bhliain ag na fostóirí agus na fostaithe a bhí ag feidhmiú ón mbaile. Chaithfeadh sé freisin gur aithníodh na dúshláin a bheadh le sárú. Agus an tairbhe atá bainte ag an tsochaí trí chéile as daoine a bheith in ann feidhmiú ar bhealach níos sásúla dóibh féin.

De ghnáth bíonn duine atá sásta ina gcuid oibre níos táirgiúla freisin. Bhíodh meon forleathan in áiteacha sa tír go gcaithfear ocht n-uaire an chloig in aghaidh an lae a chaitheamh suite os comhair bainisteora lena chruthú go bhfuil lá oibre ar siúl agat. Níl aon amhras ach go dteastaíonn sin i roinnt láithreacha oibre agus ó roinnt oibrithe. An cheist atá le réiteach anseo ná an rogha a bheith ag daoine.

Chuir an chaint dhiúltach faoin rogha a bheith ag obair sa mbaile iontas orm. Tá mé féin sa mbaile ag obair le dhá bhliain. Samhlaím féin go bhfuil mé ag déanamh maith go leor! Tá mé níos dírithe ar an obair nuair a thugaim fúithi. Ní chuirim an oiread ama amú, dar liom. Goilleann an chaint sin i rith na seachtaine orm gur leithscéal le bheith ag seachaint saothair atá ag mealladh daoine i dtreo na hoibre ón mbaile.

Is daoine fásta muid ar fad agus daoine gairmiúla den chuid is mó. Tá suim againn inár gcuid oibre. Níl muid ag iarraidh fanacht ag obair sa mbaile le teann leisce agus neamhshuime. Ba chóir go mbeadh an comhrá faoi seo dírithe ar roghanna dearfacha a thabhairt do mheitheal oibre na tíre ionas go mbeidh muid faoi réir le tacú le chéile seachas a bheith sa tóir ar laigeachtaí agus lochtanna.

Fág freagra ar 'Ghoill an chaint dhiúltach faoin obair sa mbaile orm'