Géin ‘Tír na nÓg’ in ann moill a chur ar an tseanaois

Ainmníodh an ghéin i ndiaidh fhinscéal Thír na nÓg nuair a d’aimsigh eolaithe in Ollscoil Dhún Éideann ar dtús í

Géin ‘Tír na nÓg’ in ann moill a chur ar an tseanaois

D’fhéadfadh go bhfuil ‘Cuisle na hÓige’ i bhfolach i ngéin a ainmníodh i ndiaidh oileán na finscéalaíochta Tír na nÓg.

Rinneadh turgnaimh le deireanas in Ollscoil Buffalo i Meiriceá a léirigh go gcuireann an ghéin ‘Nanog’ tús an athuair le próisis cheallacha a bhíonn suanach le fada, rud is siocair le cnámha laga, cuislí calctha agus comharthaí sóirt eile na seanaoise.

Tuairiscítear ar Science Daily gur léiríodh sna tástálacha go bhféadfadh go mbeadh leigheas sa ghéin seo freisin ar anoird ar nós siondróm Hutchinson-Gilford. Tagann an aois go hanabaí ar dhaoine a mbuaileann an siondróm sin iad.

“Tá ár gcuid taighde ar Nanog ag cur lenár dtuiscint ar an aois agus ar na bealaí ar féidir dul i ngleic léi,” a dúirt príomhúdar an taighde, an Dochtúir Stelios T. Andreadis ó Roinn na hInnealtóireachta Bitheolaíochta agus Ceimice in Ollscoil Buffalo.

Ainmníodh Nanog in 2003 nuair a d’aimsigh eolaithe in Ollscoil Dhún Éideann ar dtús é.

“Tá an chosúlacht ar an scéal gurb í Nanog an ardghéin a chuireann gaschealla ag fás sa tsaotharlann. Déanta na fírinne, fágann sé nach bhfaigheann na gaschealla bás. Is Albanach mé, mar sin roghnaigh mé an t-ainm i ndiaidh fhinscéal Thír na nÓg,” a dúirt an Dochtúir Ian Chambers nuair a foilsíodh an staidéar sin i Meitheamh na bliana 2003.

Agus an corp ag dul in aois, bíonn cealla nach bhfuil sainfheidhm leo díomhaoin go dtí go mbíonn sé in am na horgáin a athnuachan. Tugtar gaschealla fásta orthu sin, agus tá siad le fáil i ngach fíochán sa chorp.

Dá shine an corp, áfach, is ea is measa i mbun oibre na gaschealla fásta – rud a chuireann leis an aosú agus na fadhbanna a bhaineann leis. Meastar gur féidir na fadhbanna sin a shárú trí na gaschealla féin a athnuachan.

“Ní hamháin gur féidir le Nanog moill a chur ar an aois, ach is féidir leis an corp a chur in óige i gcásanna ar leith,” a dúirt Andreadis.

Tá lucht an taighde anois ag díriú ar dhrugaí a aithint a bheadh in ann obair Nanog a dhéanamh. Beidh siad in ann staidéar a dhéanamh ar na féidearthachtaí atá ann an aois a chealú i gcorp an duine. D’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith aige seo do ghalair áirithe, galar Alzheimer, aitéiriscléaróis agus oistéapóróis, mar shampla.

Fág freagra ar 'Géin ‘Tír na nÓg’ in ann moill a chur ar an tseanaois'