Tá sé admhaithe ag an Rialtas gur chosúil nach dtiocfar go deo ar thaisí Aoidh Uí Néill a cuireadh i Séipéal San Pietro sa Róimh sa bhliain 1616.
D’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív (FF) d’Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, i gceist scríofa Dála an raibh aon chomhrá aige leis an Aire Gnóthaí Eachtracha maidir le hiarratas a dhéanamh chuig údaráis na Vatacáine chun iarracht a dhéanamh teacht ar chnámha Aoidh Uí Néill mar gheall ar “an tábhacht stairiúil” a bhaineann leis.
Mar fhreagra ar an gceist sin, dúirt an tAire Stáit Kyne gur eagraíodh clár imeachtaí sa Róimh agus in Éirinn in 2007 chun comóradh a dhéanamh ar 400 bliain ó Imeacht na nIarlaí agus nach raibh “rath ar na hiarrachtaí chun aon iarsmaí de chuid Aodh Ó Néill in eaglais Naomh Pietro a aimsiú agus a aithint”. Dúirt sé freisin nach raibh “aon phleananna ag an am seo le haghaidh cuardaigh eile”.
Is í fírinne an scéil ná gur scór bliain roimhe sin, in 1987, a deineadh an cuardach sa séipéal ar achainí ón gCairdinéal Tomás Ó Fiaich. Mhaígh an Cairdinéal go raibh fianaise aige ón bhliain 1830 faoin áit go díreach sa séipéal a raibh an Niallach curtha. Deineadh go leor loitiméireachta ar uaigheanna sa séipéal le linn chogadh Garibaldi sna 1840idí agus ní rabhthas in ann uaigh Uí Néill a aimsiú ó shin a leith.
D’iarr an Cairdinéal ar Aire Gnóthaí Eachtracha an ama, Peter Barry, an mbeadh sé indéanta na leaca ar urlár an tséipéil a scrúdú ar eagla go mbeadh inscríbhinn Uí Néill ar cheann acu agus é iompaithe droim ar ais.
Tá stádas ar leith ag an séipéal mar go bhfuil sé á riaradh ag Acadamh na Spáinne. Thug Rialtas na Spáinne cead tochailte agus go deimhin d’íoc siad as an obair. Rinne an Moinsíneoir John Hanley ó Choláiste na nGael sa Róimh agus an tAthair Edmund Dougan ó na Proinsiasaigh go leor obair thaighde ar cháipéisí a bhain leis an séipéal ach i ndeireadh na dála ní raibh aon rath ar a saothar mar nár aimsíodh an uaigh riamh.
I 1989 leag an Cairdinéal Ó Fiaich leac chuimhneacháin marmair san áit a meastar a cuireadh an Niallach.
Greanta ar an leac tá ‘D.O.M. Hugonis principis ONelli ossa’ (tiomnaithe do Dhia Uilechumhachtach. Cnámha an Phrionsa Aodh Ó Néill). Léiríonn cáipéisí stairiúla go raibh an inscríbhinn chéanna ar uaigh an Taoisigh nuair a cuireadh é sa bhliain 1616.
Glactar leis gurbh é Imeacht na nIarlaí ó Ráth Maoláin i nDún na nGall sa bhliain 1607 buille an bháis don seanchóras Gaelach. Ghlac sé ocht mí ar na Taoisigh an Róimh a bhaint amach agus d’fhág an turas dian mar aon le maláire a tolgadh ó mhíoltóga abhainn na Tibire a rian ar a sláinte. Cailleadh Iarla Thír Chonaill Ruairí Ó Dónaill agus a dheartháir Cathbarr (deartháireacha Aoidh Rua) i 1608 agus Barún Dhún Geanainn, Aodh Óg Ó Néill, an bhliain dár gcionn.
Dhíol Rí na Spáinne, Pilib a Trí, as a gcuid sochraidí agus tá a gcuid uaigheanna ornáideacha fós le feiceáil i Séipéal San Pietro, ach brat urláir atá in aice leis an altóir a ardú. Faoin am ar cailleadh Aodh Ó Néill féin bhí caidreamh níos fearr idir an Spáinn agus Sasana agus bhí drogall ar Rí na Spáinne an lasóg a chur sa bharrach arís.
Meastar gurbh é sin an chúis go raibh an inscríbhinn ar a uaigh siúd i bhfad níos simplí ná na cinn atá ar uaigheanna na n-iarlaí eile.
Thug an t-iriseoir Breandán Delap, Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4, cuairt ar an séipéal sa Róimh an tseachtain seo, mar a raibh sé ar dhuine de lucht leanta na hÉireann a d’fhreastail ar an gcluiche rugbaí in aghaidh na hIodáile.
“Is cineál oilithreacht a bhí ann i ndáiríre,” arsa Delap le Tuairisc.ie.
“Tá an chríoch a bhí ag mír ríthábhachtach de stair na hÉireann le feiceáil ins an teach phobail seo. Tá Montorio é fhéin galánta; níl sé i bhfad ó Ambasáid na hÉireann agus is ann a thagann lánúineacha nua-phósta chun grianghrafanna a ghlacadh lá a mbainise. Ach is doiligh gan uaigneas agus cumha a bhrath ann.
“Is cuma ar bhealach nach bhfuil a fhios againn cá háit go díreach ins an séipéal inar cuireadh Aodh Ó Néill. Is séipéilín beag bídeach é agus déarfainn go bhfuil an leac chuimhneacháin, atá in aice le huaigh a mhic agus a chairde, gar go leor don láthair ina bhfuil sé curtha,”
Pádraig
Nach féidir scrúdaithe DNA a dhéanamh le teacht ar chnámha Uí Néill?
Bernadette
Is féidir breis a léamh faoi seo i
Elizabeth FitzPAtrick, ‘San Pietro in Montorio, burial-place of the exiled Irish in Rome’,
History Ireland, 15:4 (2007), 46-51.