Géillte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do choinníoll teanga le tithe i gCois Fharraige

Tá freagra tugtha ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar aighneachtaí ag cur i gcoinne athrú atá beartaithe ag an gComhairle a dhéanamh ar a bpolasaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht

Géillte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do choinníoll teanga le tithe i gCois Fharraige

Tá géillte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe go gcuirfí coinníoll teanga le cead pleanála do gach forbairt tithíochta i gCois Fharraige ina mbeidh dhá theach nó níos mó.

Cuirfear an coinníoll i bhfeidhm ar ar a laghad 80% de thithe i bhforbairtí dá leithéid i gCois Fharraige. Sa chás go mbeadh an céatadán cainteoirí Gaeilge in aon cheantar i gCois Fharraige níos airde ná 80% de réir an daonáirimh, cuirfear coinníoll teanga leis an gcéatadán sin tithe.

Cuireadh an t-athrú intinne seo faoi Chois Fharraige in iúl sa bhfreagra atá tugtha ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe ar aighneachtaí ag cur i gcoinne an athraithe atá beartaithe ag an gComhairle a dhéanamh ar a bpolasaí pleanála tithíochta sa Ghaeltacht, athrú a deirtear a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don teanga.

I bPlean Ceantair Áitiúil Gaeltachta na Comhairle, deirtear gur gá coinníoll teanga a chur ar 80% de na tithe in aon fhorbairt sa Ghaeltacht ina mbíonn dhá theach nó níos mó, ach faoin athrú atá beartaithe ar pholasaí pleanála na Gaeltachta, ní léir go mbeadh aon ghá le haon choinníoll teanga dá leithéid taobh amuigh de shráidbhailte na Ceathrún Rua, an Spidéil agus Bhaile Chláir.

Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige agus Fóram Um Pleanáil Teanga Chois Fharraige aighneachtaí faoi bhráid na Comhairle ag iarraidh nach rachfaí ar aghaidh leis an athrú polasaí, a deirtear a d’fhéadfadh dochar mór a dhéanamh don teanga sa Ghaeltacht.

Dúirt Donncha Ó hÉallaithe, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige agus Rúnaí Fhóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, gur “maith an scéal” gur ghlac Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe leis an moladh a rinne an fóram pleanála teanga gur cheart go mbeadh coinníoll teanga le 80% ar a laghad de na haonaid in aon fhorbairt tithíochta i  gCois Fharraige ina mbeadh dhá theach nó níos mó. Dúirt Ó hÉallaithe gur údar díoma é áfach nár glacadh le moladh eile a deineadh in aighneacht an Fhóraim.

“Níor ghlac siad leis an darna cuid den mholadh a chuireamar isteach, ‘sé sin gur cheart go bhféadfadh daoine le Gaeilge mhaith, a bheadh ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht, cead a fháil le teach aonair a thógáil, beag beann ar an mbaint a bheadh acu leis an gceantar nó ar a bheith in ann riachtanas tithíochta a chruthú. Mar sin a bhí i bPlean Áitiúil na Gaeltachta.

“Is cúis díomá é sin dúinn agus ar an gcaoi sin caithfear a admháil go mbeidh cosaint níos laige á cur i bhfeidhm as seo amach má ghlacann na comhairleoirí le moltaí an Phriomhfheidhmeannaigh, agus ní cabhair ar bith é don phleanáil teanga i gCois Fharraige,” a dúirt Donncha Ó hÉallaithe le Tuairisc.ie.

Bhí an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív i measc na ndaoine eile a chuir aighneacht faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag éileamh go gcuirfí siar aon chinneadh faoin athrú atá beartaithe a dhéanamh ar phlean forbartha an chontae toisc go bhféadfadh impleachtaí “tromchúiseacha” a bheith ag an athrú sin d’inmharthanacht na Gaeltachta.

Dúirt Éamon Ó Cuív nach bhfuil sé “soiléir ón bplean cén smaoineamh a rinneadh faoin tionchar atá ag na polasaithe pleanála reatha ar inmharthanacht theanga na Gaeltachta ná ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bplean leasaithe”.

Dar le Ó Cuív nach bhfuil sé soiléir ach oiread cén céatadán de thithe i bhforbairtí nua a mbeadh coinníoll teanga ag baint leo faoin bpolasaí nua, ná conas a chinnteofaí go gcuirfí aon choinníoll teanga i bhfeidhm. 

Dúradh in aighneacht an Teachta Dála, agus aighneachtaí eile, go bhfuil an plean nua dírithe go mór ar thrí bhaile Gaeltachta – An Spidéal, Baile Chláir agus An Cheathrú Rua – agus gan aon scrúdú ceart déanta ann ar riachtanais sa chuid eile den Ghaeltacht, oileáin Árann san áireamh.

Cé go ngéilleann Comhairle Chontae na Gaillimhe anois gur chóir an coinníoll teanga a chur i bhfeidhm i gceantar Chois Fharraige, ní raibh aon rud le rá ag Príomhfheidhmeannach na Comhairle faoi cheantair éagsúla eile Gaeltachta ná faoi cuid de na húdair imní eile a bhí ag lucht na n-aighneachtaí. Dhiúltaigh an Príomhfheidhmeannach chomh maith don éileamh go gcuirfí síneadh ama le Plean Ceantair Áitiúil Gaeltachta na Comhairle, a tháinig isteach in 2008, agus go mbeadh próiseas comhairliúcháin ann maidir le “athnuachan” a dhéanamh ar an bplean sin. 

Fág freagra ar 'Géillte ag Comhairle Chontae na Gaillimhe do choinníoll teanga le tithe i gCois Fharraige'

  • leitheoir

    Comhghairdeas libh! Pobal teaspuil neamhspleach a chuir a chos i bhfeac. Da leanfai a sampla in aiteanna eile!

  • Ruairí

    Séard is brí le “coinníol teanga” ná go bhfuil a dhóthain Ghaeilge agat chun comhrá maith go leor a dhéanamh ar feadh 20’nóiméid ach ní shin le rá gurb í a labhrós tú le do pháistí ná le do chomharsain. Tá daoine a tógadh le Gaeilge anseo i gConamara ag Béarlóireacht chuile lá lena ngasúr agus lena gcomharsain agus is beag gur féidir leis an “coinníol teanga” a dhéanamh faoi sin. Athrú intinne agus mórtas cine a theastaíonn.

  • leitheoir

    ‘mortas cine’……agus neamhspleachas intinne.