Gearrscannán taitneamhach faoi chuairt Armáid na Spáinne ar ‘a Christian but savage land’

Tá gearrscannán eachtrúil ar fáil faoi na heachtraí a bhain don Spáinneach Francisco De Cuéllar is é ar a theitheadh in Éirinn ar feadh seacht mí

Gearrscannán taitneamhach faoi chuairt Armáid na Spáinne ar ‘a Christian but savage land’

I mí Bealtaine 1588 d’ardaigh an 130 bád in Armáid na Spáinne a seolta le hionradh a dhéanamh ar Shasana agus an Bhanríon Eilís a chur de dhroim seoil.

Tá a fhios ag cách gur thit srathair na hainnise ar an gcabhlach 130 bád agus gur chuaigh idir fhir agus bháid go tóin poill, trí cinn acu amach ó Thráigh na Srithídí in Sligeach.

Ní raibh roimh an bhfuíoll áir ar an dtráigh ach saighdiúirí Sasanacha le pící agus Éireannaigh ag lorg creiche. Sa ghearrscannán leathuair an chloig, Armada 1588: Shipwreck and Survival (atá ar fáil ar Vimeo) déantar scéal Francisco De Cuéllar a reic.

Captaen loinge atá daortha chun báis ach a thagann slán ón mbád ina bhfuil sé i ngéibheann agus ó thráigh an áir mar aon le scréipeanna eile a bheireann air.

Deineadh an scannánú ar an láthair i Sligeach agus i Liatroim i mí Feabhra i mbliana. Níor mhiste a lua go mb’fhéidir go mbeadh cur amach ag lucht féachana TG4 ar an scéal seo óir gur craoladh clár faisnéise stóinsithe faoin ábhar céanna, Éalú as Éirinn, ar an stáisiún in 2017.

Éiríonn le De Cuéllar a chosa a thabhairt leis agus i radharc amháin i dtosach an tsaothair címid é ag breacadh a chuimhní cinn ar phár in Antwerp i bhFlóndars.

Úsáidtear íomhánna ríomhghinte agus beochan go seiftiúil ag tús an ghearrscannáin le hachoimre a thabhairt ar an gcúlra staire mar aon le léargas a thabhairt ar na tubaistí cogaíochta is nádúir a bhain den chabhlach ar fharraigí cáite coimhthíocha Shasana, na hAlban agus na hÉireann.

Ar deireadh thiar briseadh trí long – La Lavia, La Juliana agus Santa María de Visón – ar chósta Shligigh agus vae le De Cuéllar ar a theitheadh agus an lucht féachana ag brath ar thráchtaireacht ón gceann feadhna.

Is minic an t-ainniseoir ag léimt ón tine chun na gríosaí agus é ag taisteal an cheantair ag lorg tearmainn ó thaoisigh Ghaelacha agus ag iarraidh na Sasanaigh atá sa tóir ar Spáinnigh a sheachaint.

Níl sé rómholtach faoi Éirinn nó a muintir: ‘A Christian but savage land unknown to us’, a scríobh sé.

Tráchtann sé ar dhúthaigh lom agus daoine fiáine, áit atá tréigthe ag Dia.

Ag an am céanna, áfach, scríobhann sé faoin gcineáltas a léirítear dó agus an lámh chúnta a thugtar dó. Déantar trácht ar na cosúlachtaí idir na Spáinnigh agus na Gaeil agus molann sé scéalta breátha na nÉireannach.

Bhí aisteoireacht ábalta anseo ón gceann feadhna agus cuid mhaith den chliar agus bhí réalachas réasúnta maith ag baint leis an gcúram agus cuma bhreá ar thírdhreach na dúthaí.

Tá salacharáil bheag Ghaeilge le cloisint sna míreanna comhrá agus is mór an trua nach bhfuil tuilleadh iontu, go mórmhór agus dua curtha ag meitheal an ghearrscannáin orthu féin tráchtaireacht Bhéarla agus Spáinnise a chur leis an saothar.

Saothar taitneamhach ábalta ach is dóigh liom go mb’fhéidir go bhfuil scannán níos faide dlite d’eachtraí Francisco De Cuéllar.

Fág freagra ar 'Gearrscannán taitneamhach faoi chuairt Armáid na Spáinne ar ‘a Christian but savage land’'